Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
An Chaint
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
An Coimisinéir Teanga
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
An Chaint
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
An Coimisinéir Teanga
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-leasuithe-‘an-fhearailte’-ar-an-scrudu-gaeilge-ardteiste-ach-‘feall-deanta’-sa-tsraith-shoisearach-–-tuairimi-na-muinteoiri

Leasuithe ‘an-fhéaráilte’ ar an scrúdú Gaeilge Ardteiste ach ‘feall déanta’ sa tSraith Shóisearach – tuairimí na múinteoirí

| Meabh Ni Thuathalain |

Beidh athruithe ar scrúdú na Sraithe Sóisearaí agus na hArdteiste an bhliain seo chugainn mar gheall ar an méid ama a chaill daltaí ó dúnadh na scoileanna i mí Márta de bharr Covid-19.

Rinneadh níos lú den siollabas éigeantach sna hábhair ar fad, agus beidh rogha níos leithne ag daltaí agus iad ag freagairt ceisteanna sna scrúduithe stáit.

Deirtear go ndearnadh na leasuithe seo ar mhaithe le cothrom na Féinne a thabhairt do gach duine agus an scrúdú féin a choinneáil slán ag an am céanna.

An t-athrú is feiceálaí ar an Ghaeilge san Ardteist is ar an scrúdú cainte é mar gur 10 bpictiúr as an 20 Sraith Pictiúr a bheidh le réamhullmhú feasta ag gach dalta Gnáthleibhéil agus Ardleibhéil.

Níl aon athrú ar an léamhthuiscint ná ar an cheapadóireacht ach beidh rogha níos leithne ag daltaí ar pháipéar na litríochta.

Bíonn prós agus filíocht roghnach agus prós agus filíocht éigeantach ar an pháipéar de ghnáth agus ceist le freagairt ar gach ceann, ach in 2021 ní bheidh le freagairt ag an dalta ach ceist amháin faoina rogha próis agus filíochta.

Tá an leasú céanna déanta ar an litríocht ag an Ghnáthleibhéal. Níl aon athrú déanta ar an litríocht bhreise ag an Ardleibhéal – ceist amháin atá le freagairt ar shaothar amháin as na sé shaothar atá ainmnithe.

Ag an bhonnleibhéal níl d’athrú ar leagan amach an pháipéir ach go mbeidh rogha níos leithne ceisteanna á tabhairt do na daltaí.

Is beag athrú atá déanta ar an tSraith Shóisearach seachas nach mbeidh an tasc ranga, ar fiú 10% é de ghnáth, le déanamh ag na daltaí mar chuid dá scrúdú.

Gearóid Breathnach, múinteoir Gaeilge i Scoil Chlasaiceach Naomh Pádraig san Uaimh i gContae na Mí

Níl aon athrú ar leagan amach na n-aistí i bPáipéar 1 don scrúdú Ardteiste Gaeilge agus tá ciall leis sin mar go gcaithfear na daltaí is fearr á thástáil.

An rud céanna leis an gcluastuiscint, bheifeá ag súil go mbeadh an scil sin ag na daltaí cheana féin agus nach mbeadh aon ghá le leasú a dhéanamh ar an gcuid sin den scrúdú.  Tá sé go hiontach go bhfuil rogha ann maidir leis an litríocht i bPáipéar a dó. Níl aon leasú ar an litríocht bhreise agus bheadh sé níos fearr dá mbreathnóidís ar an ngné sin den chúrsa. Tá cúig dhán agus na cúig phíosa litríochta le déanamh mar chuid den litríocht éigeantach ach bheadh sé sin déanta ag múinteoirí cheana féin. Déarfainn nach mórán de chuidiú é sin do mhúinteoirí go ginearálta. Maidir leis an scrúdú cainte, tá sé an-fhéaráilte. Maidir leis an scrúdú Ardteiste ar fad, tá laghdú 10% ar an ábhar déarfainn. Ní haon buntáiste millteach é sin do na daltaí ach is cúnamh é.

Níl mórán athruithe ar an scrúdú Gaeilge don tSraith Shóisearach agus is mór an náire é. Mar a sheasann sé, tá ualach millteach litríochta le déanamh i mbliain amháin. An t-aon athrú atá ann ná gur baineadh tasc beag scríbhneoireachta den scrúdú. Tá muid chun an bhliain ar fad a chaitheamh ar chúrsaí litríochta. Shílfeá go raibh seans iontach ann athbhreithniú a dhéanamh ar an gcúrsa, eilimint chainte a thabhairt isteach agus rud éigin níos taitneamhaí a chur ar fáil do na daltaí. Faoi mar a fheicim féin é, níl aon todhchaí ag an scrúdú seo. Ó thaobh cur chun cinn na teanga, tá sé tar éis feall millteach a dhéanamh.

Mairéad Ní Fhátharta, Príomhoide Choláiste Naomh Eoin, Inis Meáin Fáiltíonn muid roimh an tsoiléireacht seo ag tús na bliana. Tá sé ríthábhachtach go bhfuil sé soiléir do na scoláirí céard atá i gceist agus is dóigh go maolóidh sé cuid den imní a bhí ar dhaltaí. Ní fhéadfá dearmad a dhéanamh ar rang an chúigiú bliain, bliain a haon den Ardteist a chaill tréimhse fhada scoile freisin.

Rinneadh laghdú mór ar an tsraith pictiúr. Caithfidh mé a rá i Scoil Ghaeltachta nach aon buntáiste mór a bheas ansin dár scoláirí. Nuair atá líofacht agat is sa mbéaltriail go háirithe a bheas tú ag fáil marcanna. Ní haon dochar é ach níl aon bhuntáiste ann.

Fáiltíonn muid roimh an rogha bhreise i bPáipéar a dó san fhilíocht agus prós. Ní chúngaíonn sé an t-ábhar ar an gcúrsa ach tugann sé níos mó rogha don dalta. Tá rogha i bhfad níos leithne sa mbonnleibhéal agus gnáthleibhéal agus is dóigh gur cabhair bheag a bheas ansin.  Caithfear breathnú ar na leasuithe seo i gcomhthéacs na haimsire. Bliain eisceachtúil í an bhliain seo, mar a bhí an cás an bhliain seo caite. Tá go leor éiginnteachta ag baint le cúrsaí agus ar mhaithe leis an mbrú a laghdú agus a bheith féaráilte do chách sílim go ndearnadh an cinneadh ceart ó thaobh na leasuithe seo. Cinnte amach anseo nuair a bheas an ghéarchéim seo thart, bheinn ag súil go mbeifear ar a laghad, ag filleadh nó ag feabhsú ar an gcúrsaí a bhí ann.

Ógie Ó Céilleachair, múinteoir Gaeilge i nGaelcholáiste Luimnigh, Luimneach

Fáiltím roimh aon rud a dhéanann níos fusa é do lucht na hArdteiste i mbliana. Bhí an aird ar fad dírithe ar lucht na hArdteiste anuraidh agus ní raibh mórán trácht go dtí seo ar an dream a bhí i mbliain a cúig. Más rud é go laghdóidh sé an brú ar na daltaí, fáiltím roimhe. Is é an leasú mór ná an laghdú ar an tsraith pictiúr. Tá sé tugtha faoi ndeara agamsa go gcuireann roinnt daltaí brú mór orthu féin píosaí móra a fhoghlaim de ghlanmheabhair don tsraith pictiúr agus má tá sé chun an brú sin a chur orthu, laghdóidh sé 50% é pé scéal é.

Ní dóigh liom go bhfuil aon mhúinteoir sa tír a bhfuil an 20 pictiúr sa tsraith déanta acu, mar sin is cúnamh é cinnte. Is maith go bhfuil rogha ann ó thaobh na ndánta agus an phróis agus ceapaim go ndéanfaidh sé difear mór do dhaltaí i mbun an scrúdaithe. Ní dhearnadh mórán athrú ar chor ar bith ag an tSraith Shóisearach thcím, baineadh amach na tascanna ranga agus is leasú é sin a rinneadh ar go leor ábhar.

Níos mó