Tuairiscítear go bhfuil faoi Choimisinéir Trádála an Aontais Eorpaigh Phil Hogan éirí as a chúram mar gheall ar an bhfianaise gur sháraigh sé srianta Covid-19 le linn na cuairte conspóidí a thug sé ar Éirinn le déanaí.
Tá Hogan faoi bhrú éirí as a phost ó tháinig sé chun solais go raibh sé ar dhuine de na daoine a bhí i láthair ag dinnéar Chumann Gailf an Oireachtais sa Chlochán an tseachtain seo caite, ócáid ag a sáraíodh srianta Covid -19 an Rialtais.
Nuair a tháinig a thuilleadh sonraí faoina chuairt ar Éirinn chun solais, mhaígh Hogan nár sháraigh sé aon rialacha de chuid an Rialtais le linn a chuairte.
Mhaígh sé chomh maith nach raibh aon dualgas ó thaobh dlí air féinleithlisiú a dhéanamh ar feadh 14 lá ó tharla go bhfuair sé toradh diúltach don Covid-19 ar an 5 Lúnasa.
De réir threoirlínte Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, ní mór do chuairteoirí a thagann chun na hÉireann as tíortha nach bhfuil ar an ‘liosta glas’ féinleithlisiú ar feadh 14 lá fiú má fhaigheann siad tástáil agus go mbíonn toradh diúltach air.
Tá an chomhairle amhlaidh mar go bhféadfadh an galar a bheith fós ar gor sa chorp tráth na tástála.
Mhéadaigh arís inniu ar an mbrú a bhí ar Hogan éirí as nuair a dúirt an Taoiseach Micheál Martin go raibh beag is fiú déanta ag Coimisinéir Trádála an Aontais Eorpaigh den mhuinín a bhí curtha ag an bpobal sa chomhairle faoin tsláinte phoiblí.
Dúirt an Taoiseach gur bhain “dúshlán” leis an tslí a raibh scéal an Choimisinéara á athrú aige de réir a chéile.
Dúirt sé freisin go raibh Hogan mícheart nuair a mhaígh sé nár ghá dó féinleithlisiú ar feadh 14 lá toisc go bhfuair sé tástáil don Covid-19 a raibh toradh diúltach air.
Dúirt Martin go raibh jab maith déanta ag Hogan mar Choimisinéir agus gur faoin gCoimisiún a bhí sé a shocrú cad a bhí i ndán dó.
Dúirt an Taoiseach, an Tánaiste Leo Varadkar agus ceannaire an Chomhaontais Ghlais Eamonn Ryan gur chóir do Hogan a mhachnamh a dhéanamh ar éirí as a phost.
Dúirt an tAire Sláinte Stephen Donnelly go raibh an chonspóid faoi Hogan agus faoi dhinnéar Chumann Gailf an Oireachtais sa Chlochán ag baint de mhuinín an phobail sna beartais a tugadh isteach le dul i ngleic le paindéim an Covid-19.
Cé gur iarr an Taoiseach agus an Tánaiste air a mhachnamh a dhéanamh ar a phost mar Choimisinéir Eorpach, ba í Uachtarán Choimisiúin an AE Ursula von der Leyen amháin a raibh an t-údarás aici aon phionós a chur air nó tabhairt air éirí as an bpost.
Tháinig sé chun solais i ndiaidh na conspóide faoin dinnéar gur thug Hogan roinnt turas ar Chill Dara le linn a chuairte agus gur fhan sé thar oíche in Áth Dara i Luimneach.
I ráiteas a chuir sé amach inné, dheimhnigh Hogan gur thaistil sé go Cill Dara, Cill Chainnigh, Baile Átha Cliath, Luimneach agus Gaillimh sna trí seachtainí a bhí sé sa tír seo.
Beidh ar Rialtas na hÉireann Coimisinéir nua a mholadh in áit Hogan, ach ní gá go mbeadh cúram na trádála ar an duine sin.