Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
An Chaint
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
An Coimisinéir Teanga
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
An Chaint
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
An Coimisinéir Teanga
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-1,042-cas-nua-den-choroinvireas-deimhnithe-sa-tuaisceart,-cuigear-eile-basaithe

1,042 cás nua den choróinvíreas deimhnithe sa Tuaisceart, cúigear eile básaithe

| Ciaran O Suilleabhain | ,

D’fhógair an Roinn Sláinte in Stormont go bhfuil 1,042 cás nua den Covid-19 deimhnithe ansin inniu agus go raibh cúigear eile a raibh an galar tolgtha acu tar éis bháis.

Tá 634 duine curtha den saol ag an Covid-19 ó thuaidh den teorainn faoin tráth seo. Tá 291 duine san ospidéal ag an gcoróinvíreas, 33 acu in aonaid dianchúraim agus 23 acusan ar aerálaí. Fógraíodh 6,753 cás nua den Covid-19 ó thuaidh le seachtain.

Is é ceantar Dhoire agus an tSratha Báin an ceantar is measa a bhí buailte ag an víreas an tseachtain seo caite agus an ráta ansin ag 617.2 cás in aghaidh gach 100,00 duine, i gcomparáid le 358.9 in aghaidh gach 100,000 duine ar an meán.

Tá an tAire Sláinte, Robin Swann ag féinleithlisú agus scéala faighte aige go bhfuil an galar tolgtha ag duine dá mhuintir.

Idir an dá linn, dhearbhaigh dochtúir teaghlaigh in oirthear na Gaillimhe go bhfuil an Covid-19 tolgtha ag beagnach gach duine atá ina gcónaí i dteach altranais ansin.

Tá othair de chuid an Dochtúra Martin Daly ag cur fúthu in Ionad Altranais Nightingale i mBéal Átha na Sluaighe agus dúirt sé gur léirigh tástálacha go raibh an Covid-19 tolgtha ag 26 den 28 duine atá ina gcónaí san áras sin.

Cuireadh duine amháin san ospidéal inné agus bhásaigh duine amháin ar an gCéadaoin agus dúirt an Dr Daly  “gur dóichí gurbh é an víreas an tsiocair bháis”.

Dúirt an dochtúir gur chuir altra a bhí ag obair san ionad scéala chuige lena rá leis nach raibh ach ceathrar oibrithe fágtha ansin le trí lá le haire a thabhairt don 26 duine a bhí ag fanacht ann. Is amhlaidh a bhí an víreas tolgtha ag an gcuid eile den fhoireann.

Labhair an Teachta Dála Michael Fitzmaurice faoin scéal sa Dáil inniu agus dúirt sé d’ainneoin gur gheall Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go gcuirfí foireann ar fáil don ionad “nár tháinig aon duine” ann ar maidin inniu.

Dúirt an Tánaiste Leo Varadkar go raibh an tAire Sláinte Stephen Donnelly ag fiosrú an scéil.

Ghabh Paul Reid, Príomhfheidhmeannach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a leithscéal toisc gur iarradh ar bhreis is 2,000 duine a gcuid gartheagmhálaithe féin a chur ar an eolas go raibh toradh deimhneach ar thástáil Covid-19 a cuireadh orthu.

Dúirt sé nach raibh an HSE ábalta gartheagmhálaithe a chur ar an eolas de bharr brúisc mhór cásanna a bheith ann le 10 lá anuas agus gan earcaigh nua fostaithe go fóill.

Dúirt Reid go raibh 70 duine sa tseachtain á n-earcú le teagmhálaithe a chuardach agus go raibh 220 duine breise curtha i mbun an chuardaigh sin le roinnt seachtainí. Dúirt sé gurbh é féin a bhí freagrach as an Rialtas a chur ar an eolas faoin scéal ag an deireadh seachtaine agus nach ndearna sé sin.

Níos mó