Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
An Chaint
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
An Coimisinéir Teanga
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
An Chaint
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
An Coimisinéir Teanga
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-591-cas-nua-fogartha,-an-rata-is-airde-den-ghalar-i-ndun-na-ngall

591 cás nua fógartha, an ráta is airde den ghalar i nDún na nGall

| Tuairisc.ie | ,

Tá sé fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil triúr eile a raibh an coróinvíreas orthu básaithe agus tá 591 cás nua den Covid-19 deimhnithe.

Deichniúr a bhásaigh de dheasca an Covid-19 go dtí seo i mí na Samhna. 111 a bhásaigh de dheasca an ghalair an mhí seo caite agus 36 a bhí i gceist i mí Mheán Fómhair.

Contaetha Gaeltachta iad na trí chontae, taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath, is mó ina raibh cásanna nua inniu.

Tá ráta an ghalair ag laghdú níos moille i nDún na nGall agus i mBaile Átha Cliath ná mar atá sa chuid eile den stát.

75 cás nua a deimhníodh i nDún na nGall, 50 cás nua a bhí i gCorcaigh agus 46 cás a bhí i gCiarraí.

25 cás a bhí i gcontae na Mí, 22 cás a bhí i nGaillimh, 17 cás a bhí i bPort Láirge agus 17 cás a bhí i Maigh Eo.

Bhain 120 de chásanna an lae inniu le Baile Átha Cliath.

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan, go bhfuil an dara maidhm de chásanna Covid-19 ar fud na hEorpa agus gurb í Éire agus an Fhionlainn an t-aon dá áit ina bhfuil ráta coicíse an ghalair ag laghdú.

Dúirt sé go bhfuil laghdú an-mhór tagtha le cúig seachtaine anuas ar líon na gcásanna den ghalar i measc daoine idir 19-24, ó 450 in aghaidh gach 100,000 go dtí 150 in aghaidh gach 100,000.

Dúirt an Dr Philip Nolan go bhfuil ‘gaisce iontach’ déanta ag daoine óga maidir le líon na gcásanna a laghdú. Tá líon na gcásanna i measc daoine atá os cionn 65 ag laghdú chomh maith, ó 80 in aghaidh an lae go dtí 50-60. Tá líon na gcásanna san iomlán ag laghdú 5-6% gach lá.

Tá ráta atáirgthe an ghalair tite faoi bhun 1 agus é idir 0.7 agus 0.9. Dúirt an Dr Philip Nolan go mbainfear amach faoi dheireadh na míosa an sprioc maidir leis an ngalar a chur faoi chois má leantar leis an dul chun cinn atá á dhéanamh.

Tá ráta coicíse scaipthe an ghalair tite ó 213 inné go dtí 202. Tá líon na ndaoine a bhfuil an Covid-19 orthu sna hospidéil agus sna haonaid dianchúraim ag laghdú. 591 cás sa lá ar an meán a bhí ann le seacht lá anuas, i gcomparáid le 1,200 cás an tseachtain roimhe sin.

Dúirt an Dr Philip Nolan go bhfuil “dul chun cinn an-tapa” á dhéanamh maidir leis an ngalar a chur faoi chois. Dúirt sé go bhfuilimid “ar ais mar a bhí” i dtús mhí Dheireadh Fómhair ach go raibh píosa fada le dul fós.

Fágann an 75 cás nua a deimhníodh i nDún na nGall inniu gur ann atá an ráta coicíse is airde sa tír faoi láthair, 300. Is 292 an ráta i gcontae na Mí, 235 atá i gCorcaigh agus 212 atá i nGaillimh.

Tá an ráta coicíse anois ag 194 i gCiarraí, 189 i bPort Láirge agus 182 i Maigh Eo. 302 othar Covid-19 atá sna hospidéil agus tá 38 díobhsan in aonad dianchúraim.

D’fhéadfadh go gcuirfí srianta Leibhéal 2 nó 3 i bhfeidhm nuair a scaoilfear srianta leibhéal 5 ag tús na míosa seo chugainn.

Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Dúirt an tAire Donnelly go raibh sé ar aon fhocal leis an Taoiseach gur theastaigh na sé seachtaine diansrianta le líon na gcásanna den choróinvíreas a thabhairt anuas “chomh híseal agus a d’fhéadfaí sula n-osclófaí an tír arís”.

Agus é ag cur síos ar an leibhéal srianta a chuirfí i bhfeidhm nuair a thiocfadh deireadh le srianta leibhéal 5 ar an 1 Nollaig, dúirt an tAire go bhféadfadh sé gur “leibhéal 3 a chuirfí i bhfeidhm. D’fhéadfadh sé, áfach, gur srianta leibhéal 2 nó srianta réigiúnacha a chuirfí i bhfeidhm”.

Dúirt an tAire Donnelly go ndéanfadh NPHET moltaí maidir le srianta agus go ndéanfadh an Rialtas na moltaí sin a mheas sula ndéanfadh siad cinneadh.

Dúirt an tAire go raibh an Rialtas ag iarraidh go mbeadh na siopaí oscailte faoi Nollaig, “an t-am is tábhachtaí den bhliain dóibhsean”.

Coicís atá srianta Leibhéal 5 i bhfeidhm faoin tráth seo agus tá ráta scaipthe an ghalair nó an ráta R, tite go dtí idir 0.9 agus 0.7.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt níos túisce tráthnóna go raibh 12 duine eile a raibh an coróinvíreas tolgtha acu básaithe. Is le lá anuas a bhásaigh ochtar díobh. Deimhníodh 516 cás nua den ghalar ansin inniu.

409 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 49 díobh atá in aonad dianchúraim.

Bhí 100% de na leapacha ansin lán inniu agus tá ráig den ghalar deimhnithe i 126 ionad cúraim sa Tuaisceart.

Tá airí Stormont ag plé coicís eile a chur leis na srianta ar earnáil an fháilteachais, earnáil atá nach mór dúnta ar fad faoi láthair. Bhí na srianta sin le scaoileadh Dé hAoine seo chugainn, an 13 Nollaig ach tá sé á mholadh ag lucht sláinte phoiblí go bhfágfaí na srianta i bhfeidhm ar an earnáil sin go ceann coicíse eile ar mhaithe leis an víreas a chloí. Ceaptar dá ndéanfaí sin nach mbeadh gá le srianta breise a chur i bhfeidhm arís roimh an Nollaig.

Beidh cruinniú ag feidhmeannas Stormont amárach leis an moladh sin a phlé.

Dúirt an Dr Tom Black, cathaoirleach Chumann Leighis na Breataine i dTuaisceart Éireann, gur “loitiméireacht mhíchúramach” a bheadh ann gnóthaí fáilteachais a athoscailt.

2,685 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 1,933 duine ó dheas den teorainn agus 752 duine ó thuaidh di.

105,420 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 64.046 cás ó dheas agus  41,374 ó thuaidh.

Ba inné a deimhníodh an líon is mó cásanna den choróinvíreas in aon lá amháin i Stáit Aontaithe Mheiriceá ó thús na ráige. Fógraíodh os cionn 100,000 cás nua ar fad inné agus d’fhógair naoi stát gurbh é inné an lá ba mheasa fós ó thaobh cásanna den víreas.

Ta an líon daoine atá á gcur in ospidéal ag dul in airde chomh maith. Tá breis is 50,000 duine faoi chúram leighis in ospidéil i Meiriceá, an líon is airde le 3 mhí.

Níos mó