Is i gCorca Dhuibhne atá an ráta Covid-19 is ísle sa tír de réir na bhfigiúirí is deireanaí.
Níos lú ná cúig chás a aimsíodh sa cheantar Gaeltachta idir an 20 Deireadh Fómhair agus 2 Samhain. Níor aimsíodh níos lú cásanna ná sin in aon cheann eile den 165 toghcheantar ar fud na tíre.
Bhí titim i ráta an ghalair ar fud na tíre sa tréimhse coicíse ó tugadh isteach srianta Leibhéal 5 ar an 22 Deireadh Fómhair.
Is é ceantar Bhaile na nGallóglach i dTuaisceart Dhún na nGall an t-aon cheantar Gaeltachta nach léir aon laghdú ar scaipeadh an ghalair ann sa tréimhse chéanna.
13 cás nua a aimsíodh sa cheantar idir an 20 Deireadh Fómhair agus an 2 Samhain, agus d’fhan an ráta coicíse ag 94 cás in aghaidh gach 100,000 duine don dara seachtain as a chéile.
Thit an ráta sna ceantair Ghaeltachta eile i dTír Chonaill. Naoi gcás déag a aimsíodh i gceantar na nGleanntach in iarthuaisceart an chontae agus thit an ráta in aghaidh gach 100,000 duine ansin ó 113 go dtí 79 ansin. I ndeisceart Dhún na nGall, ráta 128 atá sa cheantar thart timpeall ar bhaile Dhún na nGall agus 34 cás den Covid-19 a deimhníodh ann sa tréimhse coicíse sin.
Is i nDún na nGall atá an toghcheantar ina bhfuil an ráta tolgtha is airde sa stát, Bun Cranncha. Aimsíodh 133 cás ansin idir an 20 Deireadh Fómhair agus 2 Samhain agus cé gur thit an ráta ó 604 go dtí 595, tá sé é fós ar an ráta is airde sa stát.
Bhí Conamara Theas i measc na dtoghcheantar ba mheasa a bhí buailte ag an gcoróinvíreas de réir staitisticí na seachtaine seo caite ach tá an ráta níos lú ná a leath sin faoi láthair.
74 cás den Covid-19 a aimsíodh ann idir an 20 Deireadh Fómhair agus an 2 Samhain agus tá an ráta den ghalar tite ó 726 go dtí 347 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa cheantar.
Biseach a tháinig i gConamara Thuaidh freisin. 27 cás a deimhníodh ann agus ráta 157 atá i gceist anois.
I Maigh Eo, thit ráta an ghalair i mBéal an Mhuirthead ó 476 go dtí 365 agus ráta 120 a bhí i dtoghcheantar Chathair na Mairt, mar a bhfuil Tuar Mhic Éadaigh.
Ráta 92 cás in aghaidh gach 100,000 duine i dtoghcheantar Neidín, an ceantar ina bhfuil Gaeltacht Uíbh Ráthaigh.
I gCorcaigh, ráta 198 a bhí i dtoghcheantar Mhaigh Chromtha, mar a bhfuil Gaeltacht Mhúscraí. 71 cás ar fad a deimhníodh ann idir an 20 Deireadh Fómhair agus 2 Samhain, titim ón 91 cás a bhí i gceist sa tréimhse roimhe sin.
Bhí feabhas i gceantar Ghaeltacht na nDéise chomh maith agus tá an ráta i dtoghcheantar Dhún Garbhán tite ó 117 go dtí 73.
I gcontae na Mí, ráta 394 atá i dtoghcheantar Bhaile Átha Troim, ar cuid de Gaeltacht Ráth Chairn. Ráta 380 a bhí i dtoghcheantar Cheanannais, mar a bhfuil an chuid eile de Ghaeltacht Ráth Chairn agus Bhaile Ghib. Thit an ráta ansin níos mó ná 100.