Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
An Chaint
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
An Coimisinéir Teanga
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
An Chaint
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
An Coimisinéir Teanga
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘gile,-bri-agus-anam’-curtha-i-gcorca-dhuibhne-ag-ealaiontoir-as-an-min-aird

‘Gile, brí agus anam’ curtha i gCorca Dhuibhne ag ealaíontóir as an Min Aird

| Slaine Ni Chathallain |

An aithníonn tú an fear seo thíos?

An Fear Marbh, le Ciara Dorgan

Cé eile ach An Fear Marbh, agus clóca ildaite á chaitheamh aige ón bhfuacht, clóca a cuireadh le chéile i Min Aird Thoir i Lios Póil, mar a gcónaíonn dearthóir a éide, an t-ealaíontóir comhaimseartha Ciara Dorgan. 

Tá Ciara bogtha abhaile ón Meánoirthear le cúpla mí, mar a raibh sí ag múineadh, agus dála beagnach gach tír eile ar domhan, bhí pobal Dubai faoi dhianghlasáil. Thug an dianghlasáil chéanna ar Chiara tosnú ar an bpéinteáil arís – nós a bhí aici ó bhí sí ina cailín óg, cé go mbíodh sí ag teacht is ag imeacht uaidh.

Thug pictiúir a tharraing Ciara dá cara buan Keady Clifford, atá imithe ar shlí na fírinne agus a bhronn sí ar a muintir, ana-spreagadh di scaoileadh faoin obair athuair leis. 

An uair seo, má tá, ní haon chaitheamh aimsire é, agus í scaoilte fén bpéinteáil go lánaimseartha le linn a sosa gairme ón múinteoireacht. Tá bailiúchán breá daite curtha ar a suíomh idirlín nua aici le cúpla lá anuas. 40 píosa ar fad atá ann, cuid acu ceannaithe cheana féin agus an uile cheann acu eisíoch.

Baineann bean Lios Póil úsáid as trí cinn d’ábhair sna píosaí atá déanta aici ar chanbhás: gealra, aicriligh agus scragall a dtugtar Gold Leaf air, atá ana ana-leochaileach agus ana-chostasach le ceannach.

Dúirt Ciara le NÓS, gur bheartaigh sí na gnáthdhathanna a bhaineann leis an dtírdhreach a sheachaint agus í i mbun péinteála, mar go bhfuil tarrac ar phictiúirí dá leitheidí siúd ar fáil. 

Theastaigh uaithi “gile, brí agus anam” a chur sa dúthaigh, a dúirt sí, agus is chuige sin a chinn Ciara dathanna an bhogha sín a thaispeáint dúinn ina cuid pictiúirí. Táid i mbolg ocrach an Fhir Mhairbh, ar chlocha fliucha Chaisleán na Mine Airde agus ar bhánta dúchasacha an Triúir Deirféar aici. 

Tá sólás le braistint ó na dathanna geala in am an dóláis, dar le Ciara, agus creideann sí go mór i dteiripe a bhaineann le dathanna a úsáid. Creideann sí leis, ná fuil gá ag duine ach a súile a oscailt agus féachaint ina dtimpeall, chun spreagadh a fháil dul i mbun an rud is ansa leo ar domhan, agus do Chiara, sin í an phéinteáil. 

Ar na healaíontóirí is deise léi, tá Lola Donoghue na Gaillimhe agus bean óg an Daingin, Elouise Flannery.I mí Feabhra seo chugainn, tá súil ag Ciara Dorgan bailiúchán nua a bheith ar taispeáint agus le ceannach óna suíomh www.ciaradorganart.com mar a bhfuil a bailiúchán ‘West Kerry’ faoi láthair. Beam ag súil go mór leis sin. Gura fada buan í, agus éinne a thugann cosán nua orthu féin sa tsaol!

Níos mó