Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
An Chaint
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
An Chaint
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-meadu-36%-ar-lucht-leite-nos-in-2020-–-an-lion-is-mo-leitheoiri-riamh

Méadú 36% ar lucht léite NÓS in 2020 – an líon is mó léitheoirí riamh

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Léigh breis agus 90,000 duine NÓS ón 1 Eanáir 2020 go dtí an 31 Nollaig 2020 – méadú 36% ar an tréimhse chéanna in 2019 (~66,000) agus méadú 24% ar an tréimhse chéanna in 2015, an bhliain ba mhó léitheoirí roimhe seo (~73,000). 

Chomh maith leis sin, thug na léitheoirí uathúla sin níos mó cuairteanna aonair ar an suíomh i mbliana ná mar a thug in 2019 ná in 2015. Osclaíodh NÓS 164,085 uair in 2020: méadú 19% ar an 138,038 cuairt a tugadh in 2019 agus méadú 17% ar an 140,291 cuairt a tugadh in 2015. 

Ar deireadh, tháinig méadú mór ar líon na radharc leathanaigh a bhí ann i gcaitheamh na bliana freisin. Isteach agus amach le 260,000 radharc leathnaigh a bhí ann i mbliana, méadú 10% ar an 234,950 a bhí ann anuraidh agus méadú 8% ar an 241,200 a bhí ann in 2015. 

Úsáideann NÓS an tseirbhís Google Analytics le súil a choinneáil ar líon na léitheoirí a bhíonn ag an suíomh chomh maith le staitisticí eile. Ciallaíonn ‘duine uathúil’ sa gcás seo duine daonna amháin chomh fada agus atá Google in ann é a dheimhniú. 

Is éard atá i gceist le ‘cuairt’ ná seisiún amháin ar an suíomh. Sa gcás go léifeadh an duine céanna NÓS faoi dhó in aon lá amháin, bheadh ‘duine uathúil’ amháin ar an taifead agus dhá ‘chuairt’. Nuair a osclaítear scéal nua, comhairtear ‘radharc leathanaigh’. Mar sin, dá léifeadh duine aonair ceithre alt ar NÓS ar maidin, agus ceithre alt tráthnóna, bheadh ‘duine uathúil’ amháin ar an taifead, dhá ‘chuairt’ agus ocht ‘radharc leathanaigh’.

As na 90,000 léitheoir a thug cuairt orainn in 2020, ba ‘léitheoirí rialta’ iad 10,518 acu. Is éard is brí le ‘léitheoir rialta’ sa gcás seo ná duine a thug 100 cuairt nó níos mó ar an suíomh ó 1 Eanáir 2020 go 31 Nollaig 2019. 

In Éirinn (26 contae) a bhí formhór na léitheoirí i mbliana (49%). Bhí 30% acu i Meiriceá agus 13% sa ‘Ríocht Aontaithe’ ach tugtar na Sé Chontae san áireamh sa bhfigiúr sin ar Google Analytics. Ar na tíortha eile ba mhó a bhí léitheoirí NÓS bhí: an Bheilg, Ceanada, an Fhrainc, an Astráil, an Ghearmáin, an Spáinn, agus an Iorua. 

43 duine ar fad a scríobh ailt do NÓS ó thús deireadh na bliana – 21 bean agus 22 fear. 

Dúirt eagarthóir NÓS, Maitiú Ó Coimín, gur “ardú meanman agus croí” é an scéala faoin líon ard léitheoirí a bhí ag an iris i gcaitheamh 2020, bliain a bhí “dúshlánach go maith”. 

“Bhí 2020 dúshlánach go maith d’fhoireann na hirise agus dár scríbhneoirí seachtracha, mar a bhí sí do chuile dhuine ar domhan. Is léir óna figiúirí i mbliana gur éirigh linn ár bpobal léitheoireachta a shásamh le linn na bliana deacra seo, agus níos mó ná sin, an pobal sin a fhás agus a leathnú. Chuaigh muid i ngleic leis an bpaindéim chomh maith agus a d’fhéadfadh muid leis an maoiniú an-bheag atá ag an iris agus is dóigh liom gur fhreastail muid go maith ar ár bpobal. 

“Is iomaí rud a tharla in Éirinn agus ar fud na cruinne i gcaitheamh na bliana agus tugadh léargas NÓSach agus Gaelach ar na himeachtaí sin ar na hailt agus sna físeáin a chuir muid amach. Tá réimse leathan ábhar á chur ar fáil againn agus tóir ag an bpobal léitheoireachta ar na hábhair a bhíonn faoi chaibidil againn,” a dúirt sé. 

Chuir Maitiú fáilte mhór roimh na scríbhneoirí nua a thosaigh le NÓS i mbliana agus dúirt go bhfuil áthas air a fheiceáil go bhfuil “glúin nua óg” ag teacht chun cinn san iris. 

“Bíonn daoine nua á n-aimsiú againn ó bhliain go bliain ar NÓS agus b’amhlaidh an scéal i mbliana. Bhí an-áthas orm fáilte a chur roimh leithéidí Aedín Ní Thiarnaigh, Ruairí Egan, Grás Ní Chadhla, Saoirse Ní Chiaragáin agus Niamh Ní Shúilleabháin chomh maith leis an nglúin óg Ghaeltachta: Domhnall Ó Braonáin, Aifric Ní Scolaí, agus Máirtín Seoighe. 

“D’éirigh go han-mhaith leis na ranganna Instagram a rinne muid le Jenny Ní Ruiséil, Póilín Nic Géidigh, Daire Ní Chanáin, agus Gearóidín McEvoy freisin, chomh maith leis na físeáin a rinne Gráinne Holland dúinn. Ní dhéanfaidh muid dearmad ar fhíseán cumhachtach Ola Majekodunmi ná ar na hailt a scríobh sí faoi chúrsaí ciníochais in Éirinn,” a dúirt sé. 

Tá deireadh ag teacht leis an gconradh atá ag NÓS le Foras na Gaeilge iris chultúir a sholáthar agus plé fós ar bun ag lucht bainistíochta na hirise leis an bhForas faoina bhfuil i ndán don iris ar líne. 

Dúirt Maitiú gur léiriú é an fás as cuimse atá tagtha ar líon na léitheoirí ar NÓS gur chóir “infheistíocht chóir” a dhéanamh sa tseirbhís ionas gur féidir an iris a fhorbairt agus a fhás sna blianta amach romhainn.  

Níos mó