Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
An Chaint
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
An Chaint
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta

6 chineál siúlóra a chasfar ort ar an trá!

| 1 |

Michelle Nic Pháidín

Tá ardú tagtha ar an líon daoine atá ag déanamh aclaíochta i rith na paindéime, de réir alt a foilsíodh ar www.tcd.ie. Léiríonn suirbhé a rinneadh faoi stiúir an Dr. Cuisle Forde agus an Dr. Emer Barrett go bhfuil níos mó daoine ag tabhairt faoi bheith ag siúl agus ag aclaíocht amuigh faoin spéir. Bhí thart ar 1,500 duine páirteach sa staidéar a rinneadh i lár mhí na Bealtaine anuraidh, i ndiaidh don Rialtas cead a thabhairt do dhaoine dul chomh fada le cúig chiliméadar óna gcuid tithe.

Tá mise ar cheann de na daoine a thosaigh ag baint sult as bheith amuigh faoin aer le linn na paindéime. Le thar bhliain anois bímse ag siúl agus ag rith go laethúil ar thrá Phort Arthur i nGaoth Dobhair. Is ar an trá chéanna a thosaigh mé ag tabhairt fá deara na cineálacha daoine a bhí ag tabhairt faoin aclaíocht ar an trá agus seo thíos idirdhealú a rinné mé idir na grúpaí éagsúla sin.

An aithníonn tú féin duine ar bith acu?

Teannta agus ildaite

Tig siad seo amach go hiondúil i mí Eanair. Seo daoine nár lucht siúlta na tráighe iad ar chor ar bith. Bíonn rúide mhaith leo ag tús na siúlóide ach roimh i bhfad bíonn siad ag análú go trom agus tagann dath bréa dearg fá na pluca orthu. Gan i bhfad bíonn cuma bhriste bhrúite orthu. An dóigh is fearr le hiad a aithint ná go bhfuil gach gné spóirt dar chuir Dia ar an saol á n-iompar acu ar a gcorp; MP3, Fitbit, veist sábhála, cluasáin cheoil ar a laghad.

Bíonn an chulaith spóirt ag baint na súl as daoine de bharr go bhfuil an oiread sin dathanna iontu. Bíonn spéaclaí gréine de chatagóir a trí á gcaitheamh acu agus ní bhíonn siad a choíche leo féin. Seo daoine a bhfuil dearcadh úr acu ón bhliain úr, aiste bia ceart agus cothaithe a ullmhú, stad de bheith ag ól agus ag caitheamh tabac agus siúl go laethúil ar an trá. Smaoinigh ar leitheidí Absolutely Fabulous agus sin an cineál daoine atá i gceist.

Dírithe agus dímhúinte

Anois téann muid go dtí an taobh eile den speictream, daoine atá iontach dáiríre fá bheith ina rith ar an trá. I ndáiríre rithfeadh siad tharad. An dóigh le hiad seo a aithint ná go mbíonn i gcónaí fitbit nó a mhacasamhail orthu agus ní bheannaíonn siad do dhaoine. Má tá siad ag tarraingt ort ón chúl braitheann tú go bhfuil saghas fáinne cuilithe i ndiaidh oscailt i do dhroim a thiocfadh tú a shlogadh isteach sa domhan thoir.

Bíonn ort do threoir a athrú nó tuigeann tú nach fáinne cuilithe atá ann i ndáiríre ach lúthchleasaí atá ag tarraingt ort. Bíonn an talamh ag bogadh agus a gcuid cos ag bualadh ar an ghaineamh. Stopann siad ag barr na tráighe, cuireann siad a lámha ar a gcorróga agus cromann siad chun tosaigh. Nuair a thagann an anáil leo go héasca, déanann said an fitbit a sheiceáil. Ní bhíonn siad a choíche sásta agus croitheann siad a gcinn go díomach. Tugann siad aghaidh ar an trá go foréigneach arís, a gcuid fiacla nochtaithe agus a gcuid dorn druidte ag súil le ham níos fearr a dhéanamh.

Na hipithe

Bíonn siad seo ina rith agus ag siúl ar an trá ón mhaidín go nóin. An dóigh is fearr le hiad a aithint ná go mbíonn said ina rith agus ag siúl gan bhróga i ngach cineáil aimsire. Bíonn aoibh an gháire orthu i dtolamh agus beanaíonn siad d’achan duine. Corruair agus tú ag siúl tríd na carraigeacha tiocfaidh tú orthu agus iad ag cleachtú machnamh tarchéimniúil nó ióga. Inseoidh siad duit faoi na buntaistí áirithe atá ag fuaim na farraige ar an intinn agus labhróidh siad leat faoi gach a leigheasann an fharraige. Uaireanta bíonn siad ag caitheamh tabac agus ní dhéanann siad ach gáire beag leat.

Lucht siúlta madraí

Ní miste cén uair a théann tú chun trá, tá daoine ann ag siúl na madraí. Cleachtann idir pháistí, dheagóirí, fhir agus mhná an nós seo. An dóigh is fearr leis an dream seo a aithint nó go bhfuil madra nó madraí leo. Ligeann siad de na madraí rith thart ar an trá ag cur gaineamh in airde na spéire. Bíonn fuinneamh iontach ag na madraí ar an trá agus cuireann siad lúcháir ar dhaoine iad a choimheád.

Na smaointeoirí

Seo na daoine a shuíonn ar an trá ina dtost ag amharc amach go farraige. An dóigh is fearr le hiad a aithint ná nach bhfuil duine ar bith eile leo. Fiú gan aithne agat ar an duine, mothaíonn tú go fó-comhfhiosach nach bhfuil siad ag iarraidh tú dul anonn acu. Sin ráite, is ceantar beag atá anseo agus bíonn a fhios ag daoine cé thú féin agus, níos mó ná sin, cáide a bhfuil tú ag smaointiú faoi agus cáide an réiteach is fearr ar an fhadhb.

Na cainteoirí

Ó Dia idir seo agus sinn. Ceist agam oraibh: cáide atá níos measa ar an trá ná cainteoirí? Freagra: cainteoirí in am na paindéime. Is é, téann siad chun siúil le scéaltaí a bhailiú agus tá rún acu labhairt le gach uile dhuine atá ar an trá. Níl duine ar bith sábháilte.

Ní miste cé chomh gásta agus atá tú nó cá dtéann tú i bhfolach. Tagann siad ort. Bíonn cóta á chaitheamh acu atá buí ar nós an ghainimh sa dóigh agus nach bhfeiceann tú iad ag tarraingt ort. Tagann na cainteoirí ort níos gaiste ná ninja agus sula bhfuil a fhios agat é tá siad ina seasamh romhat agus aoibh an gháire orthu. Ní thuigeann siad riail an dá mhéadair agus bíonn siad ina séasamh ladhar ar ladhar leat. Cuireann na daoine seo a gceann isteach ar fhuinneogaí carranna chomh maith le labhairt leat agus muna bhfuil glas curtha agat ar na doirse suífidh siad isteach sa charr leat ar feadh uair an chloig. Is bailitheoirí COVID iad agus ní chreideann siad ann cá bith. Seachain.

Níos mó