Bíonn craoltóireacht teilifíse na Gaeilge dírithe den chuid is mó ar pháistí agus ar an lucht féachana ginearálta, bíonn sí ag brath ar líon an-ard athchraoltaí agus is ar éigean gurb ann di aon áit eile seachas ar TG4.
Sin cuid den phictiúr den chraoltóireacht Ghaeilge agus dhátheangach a fhaightear i dtuarascáil taighde nua atá foilsithe ag Údarás Craolacháin na hÉireann.
Léiríonn an anailís a rinne an BAI ar sheachtain amháin de chláracha teilifíse Gaeilge agus dátheangacha go raibh beagnach dhá thrian díobh dírithe ar pháistí.
Athchraoltaí a bhí i 68% de na cláracha ar fad a craoladh le linn na seachtaine.
Cuirtear mioneolas ar fáil i Tuarascáil Bailithe Sonraí Gaeilge faoi na cineálacha clár a craoladh, cén lucht féachana ar a raibh siad ag díriú, an leibhéal Gaeilge a bhí iontu agus cibé an ag buaic-am féachana nó a mhalairt a craoladh iad.
Leanaí an lucht féachana ba mhó a raibh na cláir theilifíse dírithe agus an lucht féachana ginearálta ansin.
Ceann amháin as gach cúig chlár a bhí dírithe ar an nduine fásta a bhfuil Gaeilge líofa aige.
Den 5,511 nóiméad de chláracha teilifíse Gaeilge nó dátheangacha a craoladh le linn na seachtaine a bhí i gceist – an 7-13 Deireadh Fómhair 2019 – craoladh 88% díobh ar TG4 agus 6% díobh ar RTÉ.
77% den ábhar teilifíse a bhí i nGaeilge amháin agus 23% a bhí dátheangach – clár a mbíonn 30% de ar a laghad i nGaeilge an sainmhíniú atá ag an BAI ar chlár dátheangach.
Líon na nóiméad as Gaeilge | Teilifís | Raidió | Móriomlán |
---|---|---|---|
Lán-Ghaeilge | 4,224 | 30,978 | 35,202 |
Dátheangach | 1,287 | 6,648 | 7,935 |
Iomlán | 5,511 | 37,626 | 43,136 |
Eolas ó Tuarascáil Bailithe Sonraí Gaeilge an BAI, ina ndéantar anailís ar na cláir raidió agus teilifíse Ghaeilge a craoladh idir an 7-13 Deireadh Fómhair 2019
As an 339 clár Gaeilge nó dátheangach a craoladh le linn na seachtaine, 224 clár a bhí dírithe ar pháistí, 12 clár a bhí dírithe ar dhaoine fásta agus 101 clár a bhí dírithe ar an lucht féachana ginearálta. Dhá chlár a bhí dírithe ar aosaigh óga.
Cláracha teilifíse – 339 clár | ||
---|---|---|
Clár páistí | 224 | 66% |
Clár do Lucht féachana ginearálta | 101 | 29.8% |
Clár daoine fásta | 12 | 3.5% |
Clár d’aosaigh óga | 2 | 0.6% |
Eolas ó Tuarascáil Bailithe Sonraí Gaeilge an BAI, ina ndéantar anailís ar na cláir raidió agus teilifíse Ghaeilge a craoladh idir an 7-13 Deireadh Fómhair 2019
16.3 nóiméad ar an meán a mhair na cláracha Gaeilge agus dátheangacha.
Na cláracha Gaeilge agus dátheangacha a craoladh ó Luan go hAoine níor chuaigh ach 16% acu amach ag an mbuaic-am féachana. 19% de na cláracha ag an deireadh seachtaine a chuaigh amach ag an mbuaic-am féachana.
Nuair a fhágtar na cláracha do pháistí as an áireamh craoladh 47% de na cláracha Gaeilge agus dátheangacha ag an mbuaic-am féachana le linn na seachtaine agus 53% a bhí i gceist ag an deireadh seachtaine.
Maidir leis an leibhéal Gaeilge sna 339 clár Gaeilge agus dátheangach bhí 60% acu, 202 clár, dírithe ar thosaitheoirí agus foghlaimeoirí, léiriú eile ar líon ard na gclár do pháistí.
Bhí 73 clár, nó 21.5% den iomlán, dírithe ar dhaoine a bhfuil Gaeilge ar ‘mheánchaighdeán’ acu. 19%, nó beagán níos lú ná clár amháin as gach cúig cinn, a bhí dírithe ar an gcainteoir líofa fásta.
Spriocleibhéal Gaeilge na gClár | Teilifís | Raidió |
---|---|---|
Foghlaimeoir | 202 | 39 |
Idirmheánach | 73 | 188 |
Duine líofa | 64 | 509 |
Iomlán | 339 | 736 |
Eolas ó Tuarascáil Bailithe Sonraí Gaeilge an BAI, ina ndéantar anailís ar na cláir raidió agus teilifíse Ghaeilge a craoladh idir an 7-13 Deireadh Fómhair 2019
Do chláir Ghaeilge/dhátheangacha ar Raidió ba iad Daoine Líofa an sprioc lucht is mó, le Cainteoirí idirmheánacha agus Foghlaimeoirí ina ndiaidh. B’fhéidir go míníonn sé seo an fáth go bhfuil na cláir dírithe den chuid is mó ar Dhaoine Fásta. A mhalairt phatrúin a bhí i gceist maidir le cláir Teilifíse; ba iad Foghlaimeoirí an sprioc lucht is mó do chláir Ghaeilge/Dhátheangacha, le Cainteoirí idirmheánacha agus Cainteoirí líofa ina ndiaidh, rud a léiríonn an céatadán níos mó de chláir atá dírithe ar sprioc luchtanna Ginearálta agus Leanaí,”a deirtear sa tuarascáil.
173, nó 51% de na cláracha Gaeilge agus dátheangacha a craoladh le linn na seachtaine, ba chláracha beochana iad. Cláracha siamsaíochta ab ea 19% de na cláracha agus cláracha fíorasacha (factual) a bhí in 14.4%. 1.5% de na cláracha ba chláracha drámaíochta iad.
Formáid na gChlár | Teilifís | Raidió |
---|---|---|
Saothar Beochana | 173 | |
Siamsaíocht | 65 | 419 |
Oideachas | 55 | 55 |
Fíorasach | 49 | 176 |
Eile | 23 | 23 |
Clár Faisnéise | 19 | 5 |
Clár léirmheasa | 17 | 17 |
Drámaíocht | 5 | 5 |
Clár nós maireachtála | 5 | 36 |
Iomlán | 339 | 736 |
Eolas ó Tuarascáil Bailithe Sonraí Gaeilge an BAI, ina ndéantar anailís ar na cláir raidió agus teilifíse Ghaeilge a craoladh idir an 7-13 Deireadh Fómhair 2019
Cláracha do pháistí an seánra ba mhó le 63.4%, an eolaíocht, an nádúr agus an timpeallacht a bhí sa dara háit ar 10.9% agus bhain 6.5% le seánra an cheoil.
Cláracha cúrsaí reatha agus nuachta a bhí in 15 den 339 clár Gaeilge agus dátheangach a craoladh le linn na seachtaine, nó 4.4% den iomlán.
Ar TG4 a craoladh 278 de na 339 clár, nó 82%.
Seánra na gClár | Teilifís | Raidió |
---|---|---|
Clár do Leanaí | 215 | 2 |
An Eolaíocht, An Dúlra, An Timpeallacht | 37 | 3 |
Ceol | 22 | 377 |
Clár creidimh | 17 | 17 |
Eile | 16 | 19 |
Nuacht agus Cúrsaí Reatha | 15 | 108 |
Spórt | 13 | 4 |
An tSochaí Chomhaimseartha | 12 | 128 |
An Stair, An Oidhreacht | 5 | 32 |
Na hEalaíona & An Cultúr | 4 | 46 |
Iomlán | 339 | 736 |
Eolas ó Tuarascáil Bailithe Sonraí Gaeilge an BAI, ina ndéantar anailís ar na cláir raidió agus teilifíse Ghaeilge a craoladh idir an 7-13 Deireadh Fómhair 2019
D’fhoilsigh Údarás Craolacháin na hÉireann a chéad Tuarascáil Bailithe Sonraí Gaeilge mar chuid dá Phlean Gníomhaíochta Gaeilge.
Agus an tuarascáil seo á hullmhú ag an BAI, d’iarr siad ar chraoltóirí sonraí maidir le cláir agus taifeadtaí a chur ar fáil dóibh do sheachtain faoi leith mí Dheireadh Fómhair 2019. Ón eolas sin bhíodar ábalta líon agus réimse na gclár Gaeilge is dátheangach a bhíonn á gcraoladh ar an teilifís agus ar an raidió gach seachtain a thomhas.
Tá sonraí sa tuarascáil faoi cé mhéad nóiméad de chláracha Gaeilge is cláracha dátheangacha a craoladh an tseachtain sin.
Sa tréimhse seacht lá a scrúdaíodh (ón 7-13 Deireadh Fómhair 2019), craoladh 718.93 uair an chloig de chláir a bhí i nGaeilge nó dátheangach, as 1,075 clár ar fad.
Cláir raidió a bhí i gceist 87% den am sin agus 13% a bhí ar an teilifís.
As an 1,075 clár sin ar fad, craoladh 736 clár díobh (68%) ar raidió agus craoladh 339 clár (32%) ar an teilifís.
Bhí 854 clár díobh i nGaeilge (79%) agus dátheangach a bhí 221 clár (21%).
Craoladh 793 (74%) den 1,075 clár ón Luan go hAoine. Craoltóirí Gaeilge a rinne 644 clár den 1,075 clár agus craoltóirí eile a léirigh 431 acu.
Ó thaobh an raidió de, bhí an scéal níos cothroime mar craoltóirí Gaeilge a léirigh 50% de na cláracha agus craoltóirí eile a léirigh an leath eile. Bhí formhór an ábhair dírithe ar lucht féachana ginearálta nó daoine fásta.
Scéal eile ab ea sonraí na teilifíse mar is craoltóirí seirbhíse poiblí a léirigh 94% de na craoltaí Gaeilge/dátheangacha.
Siamsaíocht an cineál raidió is mó a craoladh (57%), cláir faisnéise an dara rogha (24%) agus oideachas an tríú rogha (7.5%).
Agus é ag caint ar an tuarascáil dúirt Príomhfheidhmeannach an BAI, Michael O’Keeffe: “Is fada é aitheanta ag an BAI gur gá cláracha Gaeilge ar ardchaighdeán a fhorbairt san earnáil closamhairc. Creidimid má bhíonn pictiúr cruinn againn de líon agus caighdeán an ábhair atá á chraoladh againn, gur fearr a bheimid ábalta buanna agus laigí na gclár a aithint agus díriú ar na réimsí a dteastaíonn tacaíocht bhreise uathu.
“Cé nach raibh an taighde seo ag díriú ar chomhlíonadh dualgais, is léir go bhfuil craoltóirí dílis go maith dá ndualgais i leith cláracha Gaeilge agus aithnítear sa tuarascáil roinnt réimsí a bheidh le feabhsú amach anseo.”
Dúirt O’Keeffe go raibh an BAI tiomanta “eolas agus sonraí a bhailiú agus a chur i dtoll a chéile go leanúnach ar mhaithe le heolas agus feasacht ar chláracha Gaeilge/dátheangacha a fheabhsú agus deiseanna forbartha amach anseo a aithint.”