Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
An Chaint
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
An Coimisinéir Teanga
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
An Chaint
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
An Coimisinéir Teanga
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-dioma-ar-an-taoiseach-faoi-sheasamh-an-dup-i-leith-phrotacal-an-tuaiscirt

Díomá ar an Taoiseach faoi sheasamh an DUP i leith Phrótacal an Tuaiscirt

| Ciaran O Suilleabhain |

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin maidin inniu gur údar díomá dó an seasamh atá glactha ag an DUP maidir le Prótacal Thuaisceart Éireann, agus gur cheart an pholaitíocht a chur ar leataobh agus teacht ar réiteach praiticiúil ar na deacrachtaí taobh istigh de struchtúr an chonartha.

Agus é faoi agallamh inniu ar an gclár An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra, dúirt an Taoiseach gur díol imní é an méadú ar an teannas idir dílseoirí agus aontachtaithe maidir leis an bPrótacal agus an baghcat atá á dhéanamh ar chainteanna thuaidh/theas.

“Tá brón orm go bhfuil sé sin ráite ag an DUP, ní dóigh liom gur sin an tslí cheart chun déileáil leis an gceist seo.  Bhí an DUP sásta i ndiaidh na Nollag, cé nach rabhadar sásta leis an bPrótacal, bhí siad sásta comhoibriú leis go praiticiúil.”

“Tá muid sásta comhoibriú le gach éinne chun nithe áirithe a bhfuil daoine buartha fúthu a phlé … Tá coiste ann chun rudaí a phlé agus fadhbanna a réiteach laistigh den Phrótacal agus ba chóir dúinn an coiste sin agus na bealaí sin a úsáid … Bhí an- chuid oibre déanta ag gach éinne ag díriú ar an gceist seo le cúpla bliain, níl fiú dhá mhí ann ó mhí Eanáir – ba chóir na bealaí atá ann laistigh den chonradh a úsáid, sin an rud is éifeachtaí i mo thuairimse.”

“Mar a dúirt mé cheana, caithfidh muid an teannas sin a ísliú….  Níl aon mhaitheas i bpolaitíocht den saghas sin i mo thuairimse.    dualgas orainn go léir an teannas a ísliú, teacht le chéile, na ceisteanna a phlé le chéile … caithfidh muid an pholaitíocht a chur ar leataobh agus déileáil leo i gcomhthéacs eacnamaíochta, sóisialta agus go praiticiúil.”

Dúirt an Taoiseach san agallamh céanna gur dóigh leis nach mbeidh cead oscailte ag tithe tábhairne nó bialanna go dtí lár an tsamhraidh. Na cineálacha nua den víreas is mó atá ag déanamh imní don Rialtas agus do lucht leighis faoi láthair agus ag athoscailt “an-mhall” a bheidh an stát dá bharr. 

“Níl sé sin [athoscailt na dtithe tábhairne srl] i gceist againn roimh lár an tsamhraidh i mo thuairimse… an rud atá á rá ag na húdaráis sláinte poiblí go gcaithfidh muid an babhta [srianta] seo a thógáil go deireadh Aibreáin, machnamh a dhéanamh ar an scéal ansin, cinneadh a dhéanamh ansin faoi  na míonna ina dhiaidh sin.”

Dúirt sé nach mbeadh mórán d’athrú ar chúrsaí má bhíonn líon na gcásanna fós ard.

“An imní is mó atá orainn [na] variants nua ag teacht ar an bhfód, mar b’fhéidir go gcuirfeadh siad isteach ar vacsaíní.  Tá sé ciallmhar, mar sin, dul go mall [de réir] mar atá na vacsaíní ag teacht.”

Níos mó