Tá teaghlach as Corca Dhuibhne ar bhásaigh a máthair an tseachtain seo caite ón ailse i muineál na broinne tar éis teacht ar réiteach ina gcás Ard-Chúirte.
Bhásaigh Joan Lucey as Imleach an Daingin an tseachtain seo caite in aois a 73 bliain díreach sular cuireadh tús le headrán sa chás.
Ceadaíodh dá mac Seán agus dá hiníon Sinéad leanúint leis an gcás i gcoinne Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus dhá shaotharlann.
Tuigtear gur thángthas ar shocrú gan glacadh le dliteanas.
Beidh an cás os comhair na cúirte arís an 4 Márta leis an socrú a fhaomhadh ach tá sonraí an tsocraithe faoi rún.
Altra a bhí éirithe as a cuid oibre ab ea Joan Lucey, agus chuir sí an dlí ar Fheidhmeannach na Seirbhíse Sláinte agus í ag líomhnú go ndearnadh míléamh nó míthuairisciú nó gur baineadh míchiall as torthaí na tástála smeartha a rinneadh uirthi mí Feabhra 2011 agus Lúnasa 2011.