An Foras Pátrúnachta an pátrún a bheidh ar dhá ghaelscoil nua atá le bunú i mBaile Átha Cliath.
D’fhógair an tAire Oideachais Norma Foley gurb é an Foras Pátrúnachta a bheidh i bhfeighil an dá scoil nua i nDomhnach Míde, Binn Éadair BÁC 13 agus i mBÁC 2 agus BÁC 4.
Tá na scoileanna nua á mbunú faoi chóras nua a tugadh isteach in 2019. Faoin gcóras sin, sa chás go mbíonn bunscoil nua le bunú i limistéar pleanála scoile nach bhfuil aon ghaelscoil cheana ann ainmnítear an scoil nua ina Gaelscoil sula gcuirtear an córas pátrúnachta i bhfeidhm.
D’fhógair an tAire chomh maith inniu gur Ag Foghlaim le Chéile a bheidh mar phátrún ar bhunscoil nua i gceantar An Naigín, Chill Iníon Léinín agus Dhún Laoghaire, ceantar eile a bhfuiltear ag súil gaelscoil nua a bhunú ann chomh maith.
Dúirt an tAire Foley gur údar sásaimh ar leith di go raibh dhá ghaelscoil nua á mbunú.
“Maidir le cúrsaí teanga, táim an-sásta go háirithe go raibh sé leagtha síos go mbeadh dhá cheann de na scoileanna ina scoileanna lán-Ghaeilge sular cuireadh tús leis an bpróiseas pátrúnachta, rud a chuireann rogha an oideachais lán-Ghaeilge ar fáil do thuismitheoirí sna ceantair pleanála scoile nach raibh a leithéid ar fáil roimhe seo.”
I Meán Fómhair 2019 a d’fhógair an t-iar-aire oideachais Joe McHugh an t-athrú ar an gcóras bunaithe scoileanna a d’fhág gur chóir go mbeadh sé níos éasca gaelscoil a bhunú feasta.
Fógraíodh an uair sin go mbeadh ar a laghad cúig cinn den 13 bunscoil nua a bhunófar idir 2020-2022 ina scoileanna lán-Ghaeilge.
Chinn an Coimisinéir Teanga gur sháraigh an Roinn Oideachais an tAcht Oideachais, 1998 nuair nár cuireadh san áireamh a ndualgais reachtúla teanga “go cuí” sa phróiseas a bhain le roghnú pátrúin do bhunscoil nua a bhí le bunú i gceantar pleanála scoile Dhroim Conrach/Marino.
Mar thoradh ar an imscrúdú sin, mhol an Roinn go mbunófaí córas nua a d’fhágfadh nár ghá gur ag an bpátrún a bheadh ag lorg scoil Ghaeilge a bheadh an líon is mó léirithe spéise.
Faoi mholadh na Roinne bhunófaí dhá scoil – scoil Bhéarla agus scoil Ghaeilge – sa chás go gcruthófaí go raibh éileamh i measc céatadán áirithe tuismitheoirí ar oideachas lán-Ghaeilge.
Sin atá ag tarlú anois, mar shampla, i gcás cheantar an Naigín, Chill Iníon Léinín agus Dhún Laoghaire.
D’fhógair an Roinn Oideachais cheana go mbeadh dhá bhunscoil á mbunú i gceantar An Naigín, Chill Iníon Léinín agus Dhún Laoghaire, ceann in 2020 agus ceann in 2022, agus go mbeidh ceann acu sin ina gaelscoil.