Tar éis cúig bliana de réimeas Arlene Foster mar cheannaire an DUP shínigh lear mór d’ionadaithe a páirtí litir chuig a gcathaoirleach ag fógairt nach raibh muinín acu aisti. Tugadh le fios gur theastaigh toghchán uathu do phostanna an cheannaire agus an leascheannaire, an Tiarna Nigel Dodds.
D’eisigh an DUP ráiteas trathnóna inné ag fógairt gurb iad a oifigigh a ritheann toghcháin inmheánacha an pháirtí. Gan é a rá go díreach, ba dhearbhú é sin ar an scéal go raibh éirí amach sa phairtí i gcoinne cheannaireacht Arlene Foster agus plé ar siúl faoi thoghchán. Ritheann an páirtí a ghnothaí de réir a bhunreachta agus a rialacha, a dúradh sa ráiteas.
Rinne Arlene Foster beag is fiú níos luaithe sa lá de thuairisc le Sam McBride sa Belfast News Letter, an paipéar aontachtach, tuairisc a foilsíodh faoin gceannteideal ‘DUP in ‘open revolt’ at Foster’s leadership’.
Dúirt an Chéad-Aire go bhfoilsítear scéalta dá leithéid faoi dhúshláin ceannaireachta ó am go cheile ach go raibh uirthise díriú ar a cuid oibre.
Níorbh aon ghal soip an scéal an t-am seo, áfach. In imeacht an lae mhéadaigh líon na n-ionadaithe tofa ar tuairiscíodh fúthu go raibh a n-ainmeacha curtha leis an litir acu. Faoin am gur bhuail Arlene Foster lena comhairleoirí féin sa trathnóna agus gur cuireadh cruinniú leis an Statrúnaí Brandon Lewis ar athló, bhí sé á áireamh go raibh breis agus trí ceathrú d’ionadaithe a páirtí ag cur a mímhuinín ina ceannaireacht in iúl. Ina measc sin bhí ceathrar feisirí Parlaiminte, tiarna amháin ar a laghad, agus níos mó ná 21 de 28 Teachta Tionóil an pháirtí.
Bhí an eite bhunchreidmheach an DUP míshásta seachtain ó shin faoi mhaolú a bheith déanta ar naimhdeas traidisiúnta an pháirtí don hómaghnéasachas agus bhí a thuilleadh a cheistigh cén fath a ngeillfeadh Foster do reachtaíocht Ghaeilge.
I bhfianaise na pobalbhreithe i mí Feabhra a léirigh gur sa dara háit a bhí an DUP, taobh thiar de Shinn Féin agus chun cinn ar Alliance ar éigean, bhí teachtaí Tionóil imníoch go gcailllfidis a suíocháin in Stormont an bhliain seo chugainn. Bhí go leor, idir chomhairleoirí áitiúla, Theachtaí agus Fheisirí, buartha go raibh a bpolasaithe faoin mBreatimeacht agus faoin bPrótacal doiléir agus scaipthe.
Is fada sioscadh cainte ar siúl ar chúla téarmaí ag ionadaithe atá míshásta le ceannaireacht Arlene Foster ach cuireadh dlús leis an bhfeachtas ina coinne le seachtain anuas agus tá se ag bailiú nirt i gcónaí
Má tá athrú ceannaireachta ar an bacáin, próiseas fíorshuimiúil a bheidh ann, mar ní raibh comórtas oscailte do cheannaireacht an DUP ann ariamh.