Tá RTÉ chun athbhreithniú a dhéanamh ar an éagsúlacht idir scálaí pá i Raidió na Gaeltachta agus RTÉ agus tuairisc a chur faoi bhráid an Choiste um Chuntais Phoiblí faoin scéal.
Gheall bainisteoirí sinsearacha RTÉ go ndéanfaidís an t-athbhreithniú nuair a ceistíodh iad faoi chúrsaí pá sa stáisiún Gaeilge ag cruinniú den PAC inné.
Thug Ard-Stiúrthóir RTÉ, Dee Forbes, an Stiúrthóir Acmhainní Daonna, Eimear Cusack, agus an Grúprialtóir Airgeadais Fiona O’Shea, le fios nach raibh aon eolas acu faoi aon éagothroime pá idir foireann RTÉ agus foireann RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Tá ceist an phá ina cnámh spairne le fada ag lucht ceardchumainn sa stáisiún Gaeltachta
Níl an leagan amach céanna ar struchtúr foirne RnaG agus atá ar struchtúr foirne RTÉ, ach maítear, mar shampla, gur chóir go mbeadh Clár-Reachtaire i RnaG ar an scála céanna pá is a bheadh ag léiritheoir in RTÉ toisc na freagrachtaí céanna a bheith orthu.
Idir €45,000-€64,000 a fhaigheann Clár-Reachtaire in RnaG, grád nach ann dó aon áit eile in RTÉ, mar a bhfuil 167 grád ar fad.
Imelda Munster, Teachta Dála de chuid Shinn Féin, a cheistigh bainisteoirí sinsearacha RTÉ faoi scála pá RnaG. Dúirt sí ag an gcruinniú de PAC go raibh “alltacht agus uafás” uirthi nach raibh “aon eolas ar chor ar bith” ag an triúr bainisteoirí faoin éagsúlacht pá. Dúirt sí nach bhféadfaí glacadh leis go mbeadh daoine a bhíonn ag obair trí Ghaeilge ag fáil níos lú pá ná a gcomhghleacaithe a bhíonn ag obair trí Bhéarla.