Tá Roinn na Gaeltachta chun iarracht a dhéanamh fáil amach cén fáth go roghnaíonn tuismitheoirí Gaeltachta a bhfuil Gaeilge acu Béarla a labhairt lena bpáistí.
Dheimhnigh Aodhán Mac Cormaic, Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta, an méid sin do Tuairisc.ie i ndiaidh fhoilsiú tuarascáil nua faoi labhairt na Gaeilge i measc theaghlaigh na Gaeltachta.
Moltar sa tuarascáil, a rinne taighdeoirí i gColáiste Mhuire gan Smál do Thuismitheoirí na Gaeltachta, taighde a dhéanamh ar na teaghlaigh nach labhraíonn Gaeilge sa bhaile.
“Ní mór tuiscint a bheith againn ar na cúiseanna a roghnaíonn teaghlaigh teanga amháin thar theanga eile ionas go mbeifear in ann an tacaíocht chuí a chur ar fáil dóibh siúd ar mhian leo a gclann a thógáil le Gaeilge,” a deir údair an taighde.
Tá glactha ag Roinn na Gaeltachta leis an moladh sin cheana féin agus cuirfear maoiniú ar fáil don taighde, an chéad taighde dá leithéid riamh sa Ghaeltacht.
Dúirt Aodhán Mac Cormaic, Stiúrthóir na Gaeilge sa Roinn, go raibh roinnt eolais ar fáil faoi riachtanais na dteaghlach atá ag tógáil clainne trí Ghaeilge agus go raibh sé “tábhachtach fáil amach freisin cén fáth nach bhfuil tuismitheoirí ag labhairt na Gaeilge lena bpáistí sa Ghaeltacht”.
De réir na tuarascála, Staidéar ar Theaghlaigh atá ag Tógáil a gClann le Gaeilge Laistigh de Limistéir Oifigiúla na Gaeltachta, níl ach 23% de theaghlaigh sa Ghaeltacht ag tógáil a gclann le Gaeilge.
Dúirt Stiúrthóir na Gaeilge gur gá anois “dul ag tochailt níos doimhne” sa taighde sa tuarascáil agus gur cuid den obair sin é fáil amach cén fáth go roghnaíonn tuismitheoirí sa Ghaeltacht an Béarla thar an Ghaeilge.
Dúirt urlabhraí ó Thuismitheoirí na Gaeltachta, go raibh “moltaí an-stuama” déanta ag na taighdeoirí.
“Beidh muid ag féachaint ar thaighde a bhaineann leis an chúis nach labhraíonn daoine Gaeilge lena bpáistí amach anseo. Seans gur muidne a thabharfaidh faoi nó dream eile.
“Taighde stuama a bheadh ann. Tuigimid cén fáth a labhraíonn daoine Gaeilge lena gcuid páistí. Tá sí ina gcroí acu ach cad é an lúb ar lár atá ann nach labhraíonn daoine ón nGaeltacht Gaeilge lena bpáistí. Beidh muid ag gníomhú ar na moltaí ar fad a rinneadh mar chuid den tuarascáil taighde.”