Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
An Chaint
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
An Coimisinéir Teanga
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
An Chaint
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
An Coimisinéir Teanga
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
dearbhan-100-do-mhilliun-duine,-ach-iocaiocht-leasa-shoisialaigh-a-gearradh

Dearbhán £100 do mhilliún duine, ach íocaíocht leasa shóisialaigh á gearradh

| Poilin Ni Chiarain | ,

Cé a thabharfadh an t-eiteachas do bhronntanas £100? Dé Luain seo chugainn seolfaidh Stormont córas ar líne a ligfidh do gach duine fásta i dTuaisceart Éireann dearbhán £100 a éileamh le caitheamh i siopaí áitiúla. Tá siopadóireacht ar líne coiscthe mar atá cearrbhachas. Thairis sin tig leat do rogha rud a cheannach leis.

Tá daoine ag dréim leis an ‘mbronntanas’. Nach breá an rud é a bheith ag súil le cor dearfach agus beagán spraoi i ndiaidh na gruaime. Ach an ndéanfaidh sé an gnó don eacnamaíocht nó do na daoine is boichte inár measc?

Ní mian liom a bheith ag cnáimhseáil ach seans go bhféadfaí an caiteachas poiblí a dhíriú i dtreo a mbainfí níos mó tairbhe as.

Áirítear go mbeidh 1.4 milliún den phobal, daoine os cionn 18 bliain, i dteideal an dearbháin. Sin costas £145 milliún ar an sparán poiblí. An cuspóir atá leis cuidiú leis an earnáil mhiondíolaíochta agus le tionscail an fháilteachais i ndiaidh na paindéime.

Tá na múrtha fáilte roimh an scéim ag bialanna, tábhairní agus siopaí den uile chineál ó éadaitheoirí go siopaí leabhar.

Beidh an suíomh ar líne beo ar feadh míosa ón Luan agus caithfear an féirín ó Stormont a chaitheamh roimh an 30 Samhain. Ní mór don iarrthóir a ainm, seoladh, aois, inscne, uimhir árachais náisiúnta agus sonraí a cheadúnais tiomána, má tá ceann aige, chomh maith lena sheoladh ríomhphoist agus uimhir ghutháin a sholáthar le clárú don dearbhán.

Is fíor gur buaileadh lucht gnó go dona agus gur gheall an Feidhmeannas in Stormont an tacaíocht seo mí na Samhna anuraidh bunaithe ar scéim a ritheadh sa Gheirsí in oileáin Mhuir nIocht. Ach an é an plean seo an ceann is stuama? Arbh fhearr cuidiú go díreach le gnólachtaí áirithe? Ceapann roinnt daoine gurb iad na hollmhargaí móra idirnáisiúnta a bhainfidh sochar as an dearbhán siopadóireachta murab ionann agus gnólachtaí atá i dtrioblóid.

An fiú dearbhán £100 a íoc le lucht an tsaibhris – le daoine nach bhfuil sa chéad punt ach oiread na fríde dóibh? B’fhéidir nach n-éileodh cuid acu é ach tá sé de cheart acu é a fháil.

Beidh clárú le haghaidh na flaithiúlachta seo ag tosú nuair a bheas a mhalairt ar fad ag tarlú do dhaoine atá ag brath ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh.

Cén mhaith íocaíocht amháin £100 do dhaoine a chaillfidh £20 in aghaidh na seachtaine?

Ag deireadh na míosa seo- an tseachtain seo chugainn – tá stop le cur leis an íocaíocht phaindéime £20 sa bhreis a íocadh le daoine ar ‘shochar uilíoch’ an chórais íocaíochta leasa shóisialaigh. I bhfianaise arduithe móra ar an gcostas maireachtála le tamall is buille tubaisteach é seo d’oibrithe ar phá íseal agus do dhaoine atá dífhostaithe. Chomh maith le méadú ar phraghas bia tá arduithe as cuimse ar chostas breosla ón mhí seo chugainn fógartha cheana féin agus a thuilleadh á dtuar i ngeall ar an ngéarchéim faoi sholáthar gáis.

Tá 134,000 duine abhus ar an scéim sochar uilíoch agus an feachtas chun na fiche punt shuaracha a choinneáil ag bailiú nirt. Maíonn eagraíochtaí deonacha ar nós Gingerbread go mbeidh teaghlaigh, go háirithe na cinn ina bhfuil tuismitheoir aonair, ar an bhfaraor géar agus go bhfuil tubaiste shóisialta i ndán abhus mura gcuirfear an ciorrú ar ceal.

Sheol an SDLP feachtas ‘Tabhair ar Ais É’ [‘Give it Back’] agus iad ag agairt ar an Aire Deirdre Hargey agus a comhghleacaí i Sinn Féin, an tAire Airgeadais, Conor Murphy, an t-airgead a chur ar fáil chun cúiteamh a dhéanamh ar chiorrú Westminster. Mhaígh Mark H Durkan ón SDLP gur 0.5% de bhuiséad Stormont a bheadh i gceist. D’iarr an tAire Hargey ar lucht Londan i mí Iúil an íocaíocht £20 a choinneáil ach tugadh an chluas bhodhar di, go fóill ar aon nós. Tá an feachtas sa Pharlaimint in Westminster in aghaidh an laghdaithe ag neartú freisin, fiú i measc dornán de na Tóraithe.

D’uireasa athrú ar an bpolasaí sin ní bheidh san dearbhán £100 dóibh siúd is mó a bhfuil gá acu le tacaíocht ach uisce i gcriathar.

Níos mó