Tá 1,631 cás eile den víreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.
Fógraíodh go bhfuil 67 duine básaithe sa stát le seachtain anuas de dheasca an Covid-19. 5,436 duine ar fad a bhásaigh ó dheas ó thús na paindéime.
Tá líon na n-othar atá buailte ag an víreas in aonad dianchúraim anois os cionn 100 den chéad uair ó thús an Mhárta.
503 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu, síos ó 513 inné, agus bhí 101 acusan in aonad dianchúraim, ceathrar níos mó ná mar a bhí ansin inné.
Dúirt Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan, gur údar imní a bhí san ardú a bhí tagtha ar ráta scaipthe an víris le seachtain anuas. Dúirt sé go raibh go raibh 2,043 cás nua sa lá, ar an meán, á ndeimhniú le seacht lá anuas, suas ó 1,183 trí seachtaine ó shin.
Thug an Dr Holohan le fios go raibh ardú tagtha ar líon na gcásanna i ngach aoisghrúpa ach gur i measc gasúir idir 5-12 bliain d’aois is mó a tháinig fás.
1,291 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus deimhníodh go raibh seisear eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis. 2,675 duine ar fad a raibh an víreas orthu atá básaithe ó thuaidh den teorainn ó thús na paindéime.
354 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt inniu, ceathrar níos lú ná inné, agus tá 33 díobhsan in aonad dianchúraim, duine níos mó ná inné.
8,111 duine a raibh an víreas orthu atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 5,369 duine ó dheas den teorainn agus 2,635 duine ó thuaidh den teorainn.