Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
An Chaint
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
An Coimisinéir Teanga
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
An Chaint
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
An Coimisinéir Teanga
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
laghdu-beag-ar-lucht-feachana-tg4-le-linn-bhliain-na-paindeime

Laghdú beag ar lucht féachana TG4 le linn bhliain na paindéime

| Meabh Ni Thuathalain | ,

Laghdú an-bheag a tháinig ar lucht féachana TG4 le linn bhliain na paindéime anuraidh, ach bhí sé fós áirithe ar an séú cainéal is mó lucht féachana.

De réir Thuarascáil Bhliantúil TG4 don bhliain 2020, a foilsíodh inné, meánsciar 1.83% den lucht féachana a bhí ag an stáisiún anuraidh i gcomparáid le 1.84% an bhliain roimhe sin, 2019, laghdú 0.5%.

Deirtear i dtuarascáil an stáisiúin gur méadú 3% a tháinig ar sciar an stáisiúin den lucht féachana ag an bpríomham craolta – 1.92%.

Dúradh gur figiúr “suntasach” é sin “i bhfianaise na dianiomaíochta atá i margadh na meán in Éirinn” an t-am sin den lá. Maíodh chomh maith gur “éacht suntasach” na figiúirí féachana trí chéile ó tharla “gur chuir an phaindéim isteach go mór ar aschur TG4”, toisc gur cuireadh léiriúcháin ar athlá agus toisc gur cuireadh imeachtaí spóirt agus cultúir ar ceal.

Dúradh gur tháinig méadú 158% ar shruthanna TG4 ar Sheinnteoir TG4 in 2020 agus gur méadú 38% a bhí i gceist i gcás ábhair TG4 ar Sheinnteoir RTÉ. Dúradh gur tháinig ardú 34% ar líon na sruthanna ar Sheinnteoir Cúla4 agus gur tháinig ardú 60% in 2020 ar an líon uaireanta ar féachadh orthu ar phostálacha de chuid TG4 ar na meáin shóisialta.

“Ba bhliain neamhghnách í 2020, rud a d’fhág go raibh dlús mór sna meáin dhigiteacha neamhlíneacha. D’éirigh le TG4 freastal ar éileamh an lucht féachana agus “pearsantacht dhigiteach’’ TG4 a neartú in Éirinn agus ar fud an domhain araon,” a deirtear sa tuarascáil nua.

Maíodh sa tuarascáil nua gur caitheadh 77% de mhaoiniú poiblí TG4 ar ábhar Gaeilge anuraidh.

Meánsciar náisiúnta den lucht féachana ag TG4 2014-2020

Cainéal 2014 2015 2016 2017 2018 2019 2020
TG4 1.8 1.7 1.8 1.9 1.8 1.8 1.8

Deirtear sa tuarascáil nua gurb é “an dúshlán is mó” atá roimh TG4 sna blianta amach romhainn ná “scála maoinithe náisiúnta den chéad scoth’ a bhaint amach chun go bhféadfaidh an tseirbhís ról suntasach a bheith aici i gcóras na meán in Éirinn agus dul i bhfeidhm ar shochaí na tíre”.

Ghabh Cathaoirleach Bhord TG4, Siún Ní Raghallaigh,  buíochas le hAire na Gaeltachta agus na Meán Catherine Martin as an méadú ar mhaoiniú TG4 don bhliain 2021.

“Is é seo an méadú is mó a leithroinneadh ar TG4 ón mbliain 2008 agus creidimid go léiríonn an maoiniú breise sin an mhuinín atá ag an Rialtas i TG4, agus sa straitéis atá againn d’earnáil léiriúchán neamhspleách réigiúnach na hÉireann.

“Tá ról bunriachtanach ag PSM [Meáin Seirbhíse Poiblí] sa tsochaí i dtaobh ionadaíocht a dhéanamh ar chultúr tíre, teangacha na tíre a chur chun cinn agus tacú le tionscail chruthaitheacha tíre.”

Ghabh Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont buíochas le foireann agus Bord TG4 as “an obair chrua a rinne siad i mbliain a bhí deacair dóibh go pearsanta agus go gairmiúil”.

Dúirt sé gur bliain thábhachtach do TG4 2021 agus iad ag ceiliúradh 25 bliain ar an aer.

Dúirt Alan Esslemont go raibh daoine i gcoinne bhunú Theilifís na Gaeilge 25 bliain ó shin ach gur cuid “dhílis” TG4 anois den “nuálaíocht mar a bhaineann sí le hábhar closamhairc i nGaeilge”.

“Leanfaidh Bord, bainistíocht agus foireann TG4, in éineacht lenár gcomhpháirtithe, orthu lena n-iarrachtaí ról TG4 agus stádas na Gaeilge agus na Gaeltachta i sochaí na hÉireann a athshamhlú,” arsa Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont.

Níos mó