Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
An Chaint
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
An Coimisinéir Teanga
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
An Chaint
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
An Coimisinéir Teanga
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
‘caineadh-coir-e-‘an-snas-glas’-a-thabhairt-ar-cop26′

‘Cáineadh cóir é ‘an snas glas’ a thabhairt ar COP26′

Bíonn a dteanga amuigh ag téarmeolaithe an Choiste Téarmaíochta a d’iarraidh focail intuigthe Ghaeilge a chur ar gach diabhal nuachoincheap dá dtagann ar an tsaol. Tharla dom a bheith ag éisteacht leis an raidió maidin inné sa Bhruiséil agus nuair a chuala na tagairtí don nuafhocal ‘greenwashing’, na Frainciseoirí imithe i muinín an Bhéarlachais, rith sé liom go gcaithfeadh téarma breá Gaelach éigint a bheith ann. 

Agus dealraíonn sé go bhfuil a leithéid ann ambaiste. “Snas glas” atá ar tearma.ie. Is é sin le rá, siombalachas an datha ghlais a úsáid le snas a chur ar fhocail fholmha ná fuil de chiall leothu ach easpa gnímh ar son an chomhshaoil a chur i bhfolach. Anois lena gceart a thabhairt dos na Frainciseoirí, tá téarma is dúchasaí ná “greenwashing” sna bunachair foclóireachta acu san leis, agus dá réir sin is féidir “écoblanchissement” a rá chomh maith. 

Pé acu “snas glas” nó “écoblanchissement” nó “greenwashing” é, bhí na craoltóirí go rabhas-sa ag éisteacht ar maidin inné leothu ag tagairt don ráiteas a dhein Greta Thunberg in Albain ar an deireadh seachtaine, agus í ag cur in iúl a tuairime i dtaobh comhdháil an #COP26, an chomhdháil chonspóideach úd ar an athrú aeráide.

Is é a dúirt an Sualannach suaithinseach ar an ócáid sin ná fuil i gceist le #COP26 ach “snas glas”. Cáineadh cóir é sin ar lucht freastail #COP26, comhdháil ar cuireadh tús léi Oíche Shamhna agus a leanfaidh ar aghaidh go dtí an Aoine bheag so. Is ea, déanfar scéal mór den imní atá ar an gceannasaíocht pholaitiúil atá i láthair ann, ach mura ndéanfar beart de réir briathair dá héis, ní bheidh ina mbriathra ach plobaireacht an tsnasa ghlais. 

Is maith ann dá bhrí sin na fíorghníomhaithe comhshaoil agus iad amuigh ar an tsráid ag léirsiú i gcoinne na comhdhála so le laethanta beag anuas. Tuairim chomónta i measc na haicme seo daoine óga ná fuil in #COP26 ach caint san aer. Gur ag cur moille ar bhearta ar son an chomhshaoil atá ceannairí an domhain i ndáiríre, agus ná fuil i gceist lena gcomhdháil ach meitheal smaointeoireachta chun trádáil a choinneáil ar bun d’ainneoin na géarchéime éiceolaíche.

Agus níl aon dabht agamsa ach go bhfuil ceangal rómhór ar fad idir an dioscúrsa fén gcomhshaol a chosaint agus earraí éagsúla a cheannach. Deirtear linn an faisean gasta a sheachaint, agus siopaí athláimhe a bhaint amach in ionad. Ach fiú sa mhéid sin, tá béim á cur ar rudaí a cheannach, agus sin slí eile duit leis an téarma ‘snas glas’ a thuiscint. 

Ní gá do dhaoine a bheith ag ceannach éadaí gach aon deireadh seachtaine! Is cuma faisean gasta nó éadaí ar an athláimh, ní gá d’éinne dhá chéad ball éadaigh istigh ina vardrús. Ach cinnte ní féidir a bheith ar an saol so gan rud a cheannach ó am go chéile, agus nuair is gá rud ceannach is maith an rud a bheith ar an eolas fé chaimiléireacht na ngnólachtaí a chuireann i gcéill gaiscí a bheith déanta acu ar son an chomhshaoil. Cad is fiú RyanAir a bheith ar an aerlíne is lú astaíochtaí san Eoraip nuair is é an t-aerthaisteal an modh taistil is díobhálaí? Is ea, a mhuis, tá an namhaid oilte i gcleasaíocht na bhfocal agus is dá réir is gá teacht suas leis.

Níos mó