Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
An Chaint
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
An Coimisinéir Teanga
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
An Chaint
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
An Coimisinéir Teanga
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
10-mbronntanas-don-snamhai-mara

10 mbronntanas don snámhaí mara

| Aedin Ni Thiarnaigh | ,

Is beag duine anois nach bhfuil duine gaolta leo sáite isteach sa chultas nua is mó atá ag réabadh na tíre le hos cionn bliana…na snámhaithe mara.

Is mór an t-ionadh dom go bhfuilim féin ina measc, agus mé do mo thumadh féin san uisce fuar go rialta na laethanta seo, údar mór uafáis do mo bharraicíní bochta! Baisteadh mé féin isteach san fharraige agus sa ghrúpa snámha laethúil in Inis Meáin siar i mí na Bealtaine agus táim ag snámh leo ó shin. Is cairdiúil, crua agus craiceáilte an dream iad agus is uathu siúd a fuair mé na smaointe don liosta seo; bronntanais Nollag don snámhaí mara. 

Mála gualainne ó Love Letter Arts

Is as Baile Átha Cliath d’Aisling ó Love Letter Arts agus tá réimse leathan earraí aici a bhfuil baint acu leis an snámh mara, ó mhálaí gualainne go cupáin. Is breá liom féin an mála gualainne seo thíos a bhfuil Gaeilge bhreá le feiceáil air agus neart spáis do do thuáille agus giuirléidí snámha. 

€22 ag Love Letter Arts 

Buidéal uisce te

Ní féidir mbuidéal uisce te a shárú le fáisceadh leat tar éis duit tú féin a thriomú. Le deireanas, tá gléas iontach tagtha ar an saol a dhéanfadh bronntanas sármhaith don snámhaí i do shaol, an buidéal uisce te fada. Tá an buidéal seo thíos ar fáil ó Guineys ar líne ach bíonn siad ar díol i roinnt siopaí sa fíorshaol freisin; Penneys ar cheann acu. Mura mbeidh tú in ann barróg a thabhairt do dhuine an Nollaig seo, d’fhéadfadh an mbuidéal seo a bheith beagnach chomh maith leis. 

€15.99 ó Guineys

Snámhán tarraingthe 

Don té a mbíonn ag snámh go rialta nó ag ciansnámh, is fiúntach ar fad snámhán lonrach a bheith acu. An buntáiste is mó a mbaineann leo ná feiceálacht agus sábháilteacht, go mbeidh sé níos fusa teacht i dtarrtháil ar dhuine má théann siad i sáinn. Tá snámháin eile ann a mbíonn mála tirim iontu freisin, agus d’fhéadfadh le duine eochracha nó rudaí beaga eile a choinneáil slán ann. 

€26.95 ag Safe Swimmer 

Stocaí neoipréine

Ní rachfá isteach ag cogadh gan do chuid cathéide ort, cén fáth mar sin a rachfá isteach san fharraige fhuar gheimhridh gan stocaí neoipréine ort? Coinneoidh na stocaí seo ó Wetsuit Outlet do bharraicíní slán ó fhuacht an uisce. 

€28.99 ó Wetsuit Outlet

Cupán taistil Black and Blum 

Ceann de na rudaí is deise faoin snámh mara ná an chaint agus an comhluadar ina dhiaidh. Is iontach an uirlis é cupán ceart taistil ag an bpointe seo, le deoch te, blasta a bheith ag fanacht le duine a théamh ón taobh istigh agus chun an ruaig a chur ar na cáithníní. Coinneoidh an cupán seo deoch te ar feadh cúig uaire an chloig agus gealltar dúinn nach scaoilfear braon amach. 

€21.96 ó Coffee Shop.ie

Róba Cois Farraige

Tá an-tóir agus an-chuid cainte ar na brandaí róbaí éagsúla do snámhaithe agus is beag acu nach bhfuil ar ardchaighdeán dáiríre. Dea-sampla ná Cois Farraige ó chontae Mhaigh Eo; róba uiscedhíonach, gaothdhíonach líneáilte le lomra. Téann €1 ó gach ceannachán chuig an Irish Wildlife Trust. 

€110 ag Cois Farraige Robes 

Bróga na gCrogall 

Má tá an snámhaí i do shaol dáiríre faoin gcaitheamh aimsire, beidh slán fágtha acu le faisean le fada. Ar catwalk na céibhe, is iad bróga na gCrogall is mó a bhfuil tóir orthu, go háirithe na cinn seo thíos a bhfuil lomra iontu. 

€40 ag JD Sports.

Hata teolaí ‘Cailín’ ó Joanne Hynes ag Dunnes Stores 

Más bean nó cailín í an snámhaí i do shaol, is mór an seans go dtaitneoidh an hata teolaí, snasta seo ó Joanne Hynes i Dunnes Stores leo. Tá an-borradh ar réimse na n-earraí Gaeilge atá ar fáil in Dunnes le blianta beaga anuas agus sampla iontach den iarracht úd ná an hata breá seo, foirfe do cluasa fuara atá tar éis teacht amach ón bhfarraige. 

€20 ag Dunnes Stores.

Mata cosa ó CC Mats 

Déantar na mataí geala seo ó phíosa AstroTurf a bheadh ag dul go láithreán líonadh talún. Coinníonn siad na cosa slán ó nithe beaga ar an talamh agus an snámhaí á ghléasadh féin agus cosnaíonn siad ó fhuacht na talún iad freisin. Ar fáil ó Viking Marine, Baile Átha Cliath ar €26.95. 

Níos mó