Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
An Chaint
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
An Chaint
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
10-mbronntanas-nollag-don-rothai

10 mbronntanas Nollag don rothaí

| Maitiu O Coimin | ,

Tháinig an dea-scéal an tseachtain seo go dtógfar an Bealach Glas is nuaí in Éirinn ó Bhaile Átha Luain go Gaillimh trí Phort Omna agus Gort Inse Guaire. Níl ansin ach an dea-scéal is deireanaí do lucht na rothaíochta sa tír seo agus borradh mór faoi thógáil na raonta rothar sna bailte móra agus na mBealaí Glasa amuigh faoin tuath. 

Tá an-bhorradh tagtha faoin rothaíocht féin in Éirinn ó thús na paindéime agus daoine agus an tseirbhís iompair poiblí laghdaithe go mór de réir na srianta. Tá go leor de na daoine a tharraing seanrothar aniar as poll in íochtar an gharraí fós ar dhroim an chapaill iarainn anois agus saol nua aimsithe acu dóibh féin. 

Seo duit liosta moltaí de bhronntanais rothaíochta do na crannrothaithe agus na rothaithe nua i do shaol. 

Soilse

Cé go mbeidh coisméigín coiligh ar an lá faoin am a osclófar na bronntanais maidin lae Nollag, beidh muid fós i gcroí dubh an gheimhridh agus é dorcha go deireanach ar maidin agus go luath sa tráthnóna. Tá sé in aghaidh an dlí a bheith amuigh ag rothaíocht leathuair an chloig i ndiaidh éirí na gréine agus leathuair an chloig roimh luí na gréine gan soilse ar d’each, agus bheifí ag súil go mbeadh solas de shaghas éigin ag chuile dhuine a bhíonn amuigh ag an uair sin, ach is féidir soilse níos fearr a fháil i gcónaí! 

Tá mé féin an-tógtha leis an mbranda Cateye, a bhfuil réimse leathan soilse acu. Is leor solas bán amháin chun tosaigh agus solas dearg ar chúl leis an nGarda a shásamh, ach tá treoir iontach ar shuíomh Cateye don duine atá ag iarraidh solas ar leith a cheannacht do thuras ar leith. Tá soilse acu a mhairfidh i bhfad don rothaí a dhéanfaidh turais mhóra fhada faoi sholas na gealaí, chomh maith le soilse atá éasca le baint den rothar agus tú ag fágáil an rothair i lár na cathrach. 

Tá suíomhanna eile ann a dhéanann soilse spraíúla do rothair – rud a bheadh úsáideach don chéad Bike Bop eile más i mBaile Átha Cliath, Corcaigh nó Gaillimh atá tú – chomh maith le soilse do na spócaí, na cluasa agus baill eile an rothair. Tá dhá sholas ‘clébhord’ agus dhá sholas ‘deasbhord’ ar shlinneáin mo rothair féin. 

Seirbhís nó rang meicneoireachta

Deirim le chuile dhuine a thosaíonn ag rothaíocht gur fiú seirbhís ghairmiúil a fháil ar sheanrothar sula dtosaíonn tú á húsáid, agus seirbhís bhliantúil a fháil uirthi ina dhiaidh sin. Tógfaidh sé tamall teacht ar mheicneoir rothar a thaitníonn leat i do cheantar féin, ach nuair a bheidh an duine ceart faighte agat déanfaidh sé an-difear do do shaol rothaíochta a bheith ag imeacht in airde ar láir a bhfuil bail mhaith uirthi. Is féidir dearbhán a chéannacht i roinnt siopaí rothar do sheirbhísí rothar ó mheicneoir cáilithe, agus is iontach an bronntanas a bheadh ann do dhuine a bhfuil an seanrothar tarraingte aniar as an bpoll sin in íochtar an gharraí nó go deimhin don duine a bhíonn ag sárú an 10,000km in aghaidh na bliana ar an rothar. 

Tá seanfhocal cáiliúil ann sa mBéarla faoi iasc a thabhairt do dhuine agus an iascach a chur ar a chumas a fheileann go maith don mheicneoireacht rothar. Is tábhachtach an rud é a bheith in ann caoi a chur ar do rothar féin, go mór mór má bhíonn tú amuigh ar na bealaí nua glasa ar fud na tíre nó mall do chruinniú oibre. Reáchtálann an Rediscovery Centre i mBaile Munna i mBaile Átha Cliath cúrsaí lae sa meicneoireacht rothar agus bíonn a leithéid ar siúl in áiteanna eile ar fud na tíre, an Mheitheal Rothar i nGaillimh ina measc. Má tá tú sásta airgead mór a chaitheamh ar bhronntanas, tá cúrsa gairmiúil sa mheicneoireacht rothar ar fáíl ó Rothar i mBaile Phib i mBaile Átha Cliath ar €800 a thabharfaidh cáilíocht cheart don duine.

Painnéir, ciseáin, nó málaí

Tá an mála rothair thar a bheith tábhachtach do chuile chineál rothaí. Más rásaí rothar é do dhuine, teastóidh mála beag diallaite uaidh le huirlisí nó barraí seacláide a choinneáil ann lá mór an rása. 

Más turasóir rothar í do bhean, beidh sí fíorbhuíoch de phéire painnéar do na turais mhóra seachtaine sin timpeall na tíre nó ar an Mór-Roinn. Fuair mé fein dhá phainnéar de chuid Vaude cúpla bliain ó shin agus tá siad iontach do na turais fhada – mór, sábháilte, agus thar rud ar bith eile ní scaoileann siad braon isteach! 

mála eile ag Decathlon i mBaile Munna agus i mBéal Feirste a dearadh go han-chliste. Is féidir é a chaitheamh mar mhála droma agus tú ag siúl timpeall ach é a roinnt ina dhá chuid le cuir ar an iompróir cúil agus tú ag rothaíocht.

Cé go bhfuil siad cineál seanfhaisteanta, agus nach dtugann siad mórán cosanta ón mbáisteach nó ó bhóithre garbha, bíonn an-éileamh i gcónaí ar na ciseáin rothar. Tá cúpla buntáiste leo: is féidir a bhfuil ann a fheiceáil agus tú ag rothaíocht, is féidir go leor acu a bhaint den rothar agus a úsáid sna siopaí, agus toisc go mbíonn siad amach romhat ar an rothar is féidir a bhfuil ann a thógáil amach (cóta báistí!) gan mórán stró agus tú ag rothaíocht.

NB: Déan cinnte go bhfuil an rothar in ann an cineál mála atá tú a cheannacht a thógáil – an bhfuil iompróir cúil air más painnéir iad? An bhfuil spás faoin diallait don mála diallaite? An féidir ciseán a cheangailt le cluasa an rothair? 

Coisín

Tá an ceann seo ar an liosta ar fhaitíos go léifeadh duine de mo chuid cairde féin é. Agus mé níos óige, bhítí ag gáirí faoi dhaoine a raibh coisín ar an rothar (ná fiafraigh díom cén fáth, bíonn buachaillí óga aisteach), ach chonaic mé ina gcéadta iad agus mé ar an Donauradweg in 2018 agus dúirt mé liom féin gur cheart dom ceann a fháil. Ní rud é seo a chuirfeá ar rothar sléibhe ná rásaíochta os is meáchan breise iad agus tá an baol ann go ngabhfadh siad i bhfostú sa meicníocht dá mbeifeá ag preabadh anuas sliabh ach is iontach an gléas iad don rothaí a bheadh ag dul chuig an gcaifé, chuig an siopa nó go deimhin a fhágann an rothar sa seid nó sa ngairdín. 

Tá trí bliana ann anois ó chonaic mé na Gearmánaigh á n-úsáid taobh amuigh de bhialanna ar feadh Bhealach Rothaíochta na Danóibe agus níl ceann faighte agam go fóill, ach tá sé i gceist agam ceann a fháil go luath le go gconsóidh mé an chabhail bhocht ón tsíorthitim a tharlaíonn agus mé ag iarraidh an rothar a chur ina seasamh go cothrom in aghaidh balla.

Coimeádaí fóin/léarscáile 

Is féidir coimeádaí fóin a fheistiú le cluasa nó le cabhail an rothair. Bíonn a leithéid an-úsáideach agus an fón in úsáid mar léarscáil nó aip ar nós Strava nó MapMyRide ag taifeadadh an turais. Tá cuid acu níos fearr ná a chéile agus mholfainn féin ceann atá deacair a bhaint den rothar – níor mhaith leat go ngoidfí an fón agus tú stoptha ag solas tráchta – agus ceann a chosnóidh an fón ón mbáisteach.

Tá rud eile ann atá beagáinín seanfhaiseanta anois ach úsáideach mar sin féin do dhaoine a bhíonn ag imeacht ar thurais mhóra fhada – an coimeádaí léarscáile. Is iondúil go gceanglaítear é seo le cluasa an rothair agus go gcuirtear léarscáil páipéir isteach ann. Más ar thuras fada atá tú, beidh tú ag iarraidh an cadhnra sa bhfón a chaomhnú agus gan Google Maps nó a leithéid a úsáid ó thús deireadh an aistir. Bíonn an leagan simplí sách saor ach tá ceanna eile ann a bhfuil soilse agus fiú compás mar chuid dóibh. 

Is cuma más coimeádaí fóin nó léarscáile atá i gceist, is féidir leaganacha a fháil atá mar chuid de mhála rothair freisin. Bhí ceann mar sin agam ar an turas soir chun na Gréige agus bhí sé an-úsáideach le bloc cumhachta a choinneáil ann a bhí ceangailte leis an bhfón agus mé ag imeacht.

Turas (in Éirinn nó thar lear) 

Ní fada go mbeidh an chéad bhealach rothaíochta idirchathrach againn anseo in Éirinn (rud atá i go leor tíortha ar fud na hEorpa le blianta fada…). Táthar ag súil go mbeidh an Bealach Glas ó Bhaile Átha Cliath go Gaillimh críochnaithe faoin mbliain 2025, agus tá pleananna ann Béal Feirste agus Ros Láir a cheangailt leis an ardchathair chomh maith. Ach idir an dá linn, tá bealaí ‘beaga’ glasa á dtógáil ar fud na tíre agus b’iontach an bronntanas é ticéad traenach go Cathair na Mart nó Port Láirge agus dhá oíche lóistín le Rian Glas na nDéiseGlasbhealach Mór an Iarthair a dhéanamh. Tá bealaí glasa anois i Luimneach, Baile Átha Luain, Baile Átha Cliath, Béal Feirste, Port an Dúnáin agus go leor bailte eile timpeall na tíre. 

Más maith leat cúpla pingin eile a chaitheamh ar do rothaí faoi Nollaig, ní fhéadfá bealach níos fearr a fháil ná an Donauradweg (Bealach Rothaíochta na Danóibe) a shíneann na céadta ciliméadar cois Danóibe ón nGearmáin chomh fada le Wien na hOstaire. Tá an bealach déanta agam faoi dhó anois agus ghabhfainn ann arís amárach ach an deis a bheith agam. Tá an tírdhreach go hálainn, na háiseanna ar feabhas, agus an bealach thar a bheith sábháilte. 

Tá bealaí eile rothaíochta ann chomh maith, go mór mór sa nGearmáin (cois Réine, mar shampla) agus san Ísíltír, príomhthír rothaíochta an domhain. 

Ballraíocht i ngrúpa feachtais rothaíochta nó i gclub rothaíochta

Déanann leithéidí Fheachtas Rothaíochta na Gaillimhe agus Feachtas Rothaíochta Bhaile Átha Cliath obair iontach ó cheann ceann na bliana ag feachtasaíocht ar son rothaithe sna cathracha sin agus ar fud na tíre. Bíonn a leithéid de ghrúpa ann i mbailte móra agus beaga ar fud na hÉireann agus is iondúil nach mbíonn ach idir €20 agus €50 ar bhallraíocht bliana iontu. Faigheann baill an scéal is deireanaí maidir le cúrsaí rothaíochta ina mbaile féin, bíonn ceardlanna agus seisiúin eolais ann go minic, agus ní hannamh a bhíonn lascainí ar fáil do bhaill i siopaí rothar chomh maith. Mura bhfuil grúpa feachtais i do cheantar, b’fhéidir go bhfuil club nó cumann rothaíochta ann, nó d’fhéadfaí clárú le Cycling Ireland féin. 

Is rogha mhaith eile é síntiús leis an iris rothaíochta Irish Cycle a fhoilsíonn ailt go rialta ar líne. Tá costas an-íseal ar shíntiús leis an iris agus cuirfidh rothaithe ar fud na hÉireann spéis ina bhfuil ann. 

Trealamh deisithe rothar

Ní féidir do dhóthain uirlisí (na feadáin bhreise) a bheith agat riamh. Dá aistí an uirlis is ea is fearr – rud a dearadh go sonrach do jab an-sainiúil ar fad. Cheannaigh mé féin tomhaisteoir slabhra cúpla mí ó shin. Ar úsáid mé é? Uair amháin go dtí seo. An bhfuil mé sásta gur cheannaigh mé é? Ar mhuin na muice. 

Is dóigh go bhfuil sé rómhall anois ach bíonn margaí iontacha ag Aldi agus Lidl ar threalamh deisithe rothar go rialta, b’fhiú súil a choinneáil ar na Special Buys amach sa mbliain don Nollaig 2022. Ach idir an dá linn, bíonn margaí maithe ag siopaí áitiúla rothar go rialta freisin.

Na rudaí is fearr a cheannaigh mé féin don rothar ná na rudaí simplí – pumpa maith, MultiTool rothaíochta, agus bosca deisithe bonn/feadán.

Leabhair rothaíochta

Tá go leor acu seo ann agus seánraí éagsúla ann freisin. B’fhéidir go dtaitneodh leabhar taistil le do rothaí – an cur síos ar thuras éachtach in Full Tilt: Ireland to India with a Bicycle nó ar an turas anama in One Year On a Bike

Is fearr liom féin treoirleabhra agus tá ceann nua díreach foilsithe ag Three Rock Books i mBaile Átha Cliath – Cycling in IrelandCostas €25 atá ar an leabhar nua agus cur síos ann ar 80 turas rothar ar fud na hÉireann. Tá idir bhealaí do theaghlaigh óga, bhealaí áille réidhe, agus behalaí crua sléibhe sa leabhar agus saineolas ann faoi chaighdeán na mbóithre, na seirbhísí agus áiseanna atá ann, agus léarscáileanna agus grianghraif iontacha. 

Tá The Cycling Map of Ireland ar fáil ó na foilsitheoirí céanna, rud a dhéanamh póstaer deas dá gcuirfí i bhfráma i seid rothar é.

Tá súil agam féin treoirleabhar don Camino ar rothar a fháil faoin gcrann Nollag i mbliana… 

Rothar nua!

Ok, seo ceann mór ach má tá an t-airgead agat agus an fonn ort is iontach an bronntanas atá ann. Ní mór a bheith cinnte faoi riachtanais do rothaí sula gceannóidh tú rothar úrnua ach b’fhéidir go bhféadfá dul i gcomhairle le cairde. 

Tá an-spéis agamsa sna rothair leictreacha agus is dóigh liom go mbeidh go leor acu sin ar na bóithre maidin lae Nollag i mbliana agus an íomhá sheanchaite de ‘rothair do sheandaoine aosta’ beagnach imithe anois. Ar ndóigh, is iontach an bronntanas a bheadh i rothar athláimhe freisin, go mór mór do dhuine nach bhfuil rothar aige anois. 

Níos mó