D’eagraigh oifigigh Pleanála Teanga na Ceathrún Rua agus Cheantar na nOileán Lá Feasachta Ceirde do dhaltaí Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua mar chuid de chlár imeachtaí chun an chruthaitheacht a spreagadh. Eagraíodh ceardlanna drámaíochta, ealaíne agus ceoil. Cuireadh tús le Raidió Scoile faoi stiúir an chraoltóra, Máirín Nic Con Iomaire. Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie
Ar chúl, ó chlé: Máirín Nic Con Iomaire, craoltóir agus ceann an chúrsa raidió; Eoin Ó Gríofa, Cathal Ó Lochlainn, Pádraig Ó Lochlainn agus Finn Ó Méalóid. Chun tosaigh, ó chlé: Caoimhe Ní Fhátharta, Liam Ó Ceallaigh, Anna Maria Ní Chonghaile, Aoife McDonald, Áine Bairéad agus Aaron Ó Lionnáin
Finn Ó Méalóid á chur faoi agallamh ag Aaron Ó Lionnáin
Sheona Ní Mháille ag cuidiú lena scoláirí sa cheardlann cheoil
Díograis foghlama an fhidléara
Ceol binn dhaltaí na ranganna ceoil faoi stiúir an mhúinteora Sheona Ní Mháille. Chum na scoláirí amhrán nua le linn na ceardlainne
Caitríona Ní Dhomhnaill, aisteoir le Ros na Rún , ag míniú scileanna drámaíochta do dhaltaí an tríú bliain
Daltaí na céad bhliana ag cleachtadh saorléiriú na lámh sa cheardlann drámaíochta
Ceardlann drámaíochta agus an teagascóir, Caitríona Ní Dhomhnaill, tar éis na ceardlainne
Ealaíontóirí óga
Saothar mór ealaíne á chruthú ag buachaillí an tríú bliain
Cailíní an tríú bliain i mbun ealaíne
Is ait muid mar ealaíontóirí!
Máire Áine Ní Ailín, Oifigeach Pleanála Teanga Cheantar na nOileán, a d’eagraigh an Lá Feasachta, le Sinéad Nic Stiofán, leasphríomhoide, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua
Níos mó