B’éigean do cheithre scoil as gach cúig iarbhunscoil Ghaeltachta múinteoir nach raibh Gaeilge líofa acu a fhostú, de réir suirbhé nua.
De réir suirbhé a rinne Tuairisc.ie ar phríomhoidí iarbhunscoile Gaeltachta, dúirt 22 duine as 28 díobh go raibh orthu múinteoirí gan Gaeilge líofa a earcú le folúntais a líonadh, ceal malairt rogha a bheith ar fáil.
Tá fadhb mhór le tamall de bhlianta anuas ag scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge teacht ar mhúinteoirí oilte a bhfuil Gaeilge líofa acu.
Dúirt 19 den 28 príomhoide a ghlac páirt sa suirbhé go raibh deacrachtaí acu le dhá bhliain anuas múinteoirí a bhfuil Gaeilge líofa acu a earcú le hábhar eile seachas an Ghaeilge a mhúineadh. Le dhá bhliain anuas, bhí deacrachtaí ag ochtar príomhoidí dhá fholúntas nó níos mó a líonadh mar gheall ar easpa múinteoirí le Gaeilge.
Tá folúntas amháin a fógraíodh trí bliana ó shin, do mhúinteoir eacnamaíocht bhaile, fós gan líonadh.
Tá deacrachtaí i láthair na huaire ag 16 iarbhunscoil Ghaeltachta, nó 57% díobh, folúntais a líonadh mar gheall ar easpa múinteoirí a bhfuil Gaeilge líofa acu.
Dúirt príomhoide amháin go raibh múinteoirí ag múineadh trí Bhéarla ina scoil féin mar nach raibh “aon dul as” aige.
Dúirt príomhoide eile go mbíonn orthu múinteoirí gan Ghaeilge a earcú “go minic”.
“Tá an t-ádh linn más féidir múinteoir leis an ábhar cuí a fháil atá báúil don Ghaeilge – gan trácht ar fhocal Gaeilge a bheith aige,” a dúirt an príomhoide sin.
Dúirt príomhoide eile nach raibh an “dara rogha” aige ach múinteoirí gan Ghaeilge a fháil ach go mbíonn cuid acu sásta a bheith ag foghlaim.
“Ní raibh an dara rogha againn. Ach, bíonn siad siúd lánsásta feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge in ainneoin an easpa liúntais dóibh agus iad ag múineadh i gcoláiste Gaeltachta. Níl an íoróin caillte orm anseo: easpa luach saothair do mhúinteoirí, gan trácht ar scoláirí. Má tá an teanga tábhachtach, ní mór aitheantas a thabhairt dó seo, i dteannta le tacaíochtaí cuí don mhúinteoir atá sásta an dúshlán a ghlacadh,” a dúirt sé.
Dúirt príomhoide eile go raibh air clár ama na scoile a athrú faoi dhó mar gheall ar easpa múinteoirí “don Ghaeilge féin”.
Ba iad na hábhair is mó a luadh ná ábhair san eolaíocht agus teangacha ach luadh deacrachtaí a bheith le folúntais do mhórán ábhar eile chomh maith.
Bíonn fadhb le “gach ábhar” ó thaobh folúntais a líonadh, a deir príomhoide amháin.
28 den 29 príomhoide iarbhunscoile Gaeltachta a ghlac páirt i suirbhé Tuairisc.ie.
Dúirt príomhoide amháin nach raibh aon deacracht ina scoil folúntais a líonadh le dhá bhliain agus gur cúig fholúntas a líonadh sa tréimhse sin.
Tá rabhadh faighte ag an Roinn Oideachais óna cigirí féin faoin nganntanas múinteoirí atá cáilithe le bheith ag teagasc i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta.
Dúradh i dtuarascáil a foilsíodh i mí Mheán Fómhair gur ghá don Roinn leanúint dá hiarracht réiteach a fháil ar “cheisteanna a bhaineann le soláthar múinteoirí le hinniúlacht chuí sa Ghaeilge, i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta”.
Tugadh le fios go mbíonn sé deacair múinteoirí iarbhunscoile leis an “cumas cuí sa Ghaeilge” a earcú d’ábhair áirithe agus go mbíonn gá freisin le forbairt ghairmiúil do mhúinteoirí a bhíonn ar bheagán Gaeilge.
Dúirt ceannasaí na heagraíochta Gaeloideachas, Bláthnaid Ní Ghréacháin, gur léirigh an tuarascáil an phráinn a bhaineann leis an bhfadhb.
Tuairiscíodh le déanaí go bhfuil sé i gceist ag an Roinn Oideachais cúrsa nua lán-Ghaeilge a bhunú do chéimithe atá ag iarraidh dul leis an múinteoireacht.
Tá iarratas déanta ag an Roinn ar eolas ó choláistí tríú leibhéal a mbeadh suim acu an cúrsa nua a chur ar fáil. Cúrsa dhá bhliain a bheadh i gceist agus ina dhiaidh bheadh na mic léinn cáilithe ina múinteoirí iarbhunscoile.