Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
An Chaint
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
An Coimisinéir Teanga
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
An Chaint
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
An Coimisinéir Teanga
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
cad-ata-uait-i-ndairire?

Cad atá uait i ndáiríre?

| Dáithí Anraí |

Iriseoir sinsearach leis an Belfast Telegraph é Ciarán Dunbar. Tugann sé léargas dúinn anseo ar an dóigh le cás a chur chun tosaigh ar líne agus sna meáin.

Maith dom má chuala tú an scéal seo cheana ach taitníonn sé liom a bheith á aithris.

Bhí deis ag fear a bhfuil aithne agam air bualadh leis an Taoiseach mar a bhí ag an am, Charlie Haughey.

Cainteoir dúchais Gaeilge, fear léinn agus gníomhaí teanga a bhí san fhear seo – níl na trí rud sin comheisiach, an dtuigeann tú.

Cibé ar bith, is é an rud a bhí ón fhear seo ná teach scoile nua do Ghaelscoil éigin i mBaile Átha Cliath – bhí fios maith aige go dtiocfadh leis an Taoiseach sin a réiteach dó.

Sin é mar sin, ba é seo a sheans, cuireadh in aithne d’Ó hEochaidh é agus chuaigh sé i mbun moltaí, bladair agus plámáis, ag plobaireacht leis.

Ansin, gan choinne, chuir Haughey a lámh in airde, chun é a chur ina thost, mar a bheadh rí ann.

“What do you want?” a d’fhiafraigh sé de go lom díreach fuarchúiseach.

Focail a d’fhág an fear atá ar m’aithne ina staic gan focal, d’fhág Haughey balbh an fear bocht.

Ach d’éirigh leis, a mhaígh sé, ainm na scoile a rá agus “foirgneamh nua” a lua chomh maith sular éirigh Haughey bréan de bheith ag éisteacht lena leithéid.

“Scríobh síos é sin,” a dúirt an Taoiseach lena ghiolla a bhí taobh thiar de, agus b’shin sprioc na heachtra bainte amach – más ar éigean é.

Ach ní raibh mo dhuine réidh do cheist an Taoisigh, ní raibh sé soiléir ina aigne roimh ré.

Ritheann an cheist sin liom go minic agus mé ag léamh píosaí tuairimíochta, nó giolc ar Twitter, nó postálacha ar Facebook.

Measaim, nár chuir go leor daoine an cheist sin orthu féin:

Cad atá uaim, cad atá mé ag iarraidh a bhaint amach agus cad é mar is féidir leis na focail seo cabhrú leis sin nó bac a chur air?

An rud atá ann, feictear dom go ndéantar trí bhotún móra sna cúrsaí sin, go háirithe sa Ghaeilge.

1. Ionsaithe pearsanta a dhéanamh ar dhaoine agus argóintí an fhir soip a úsáid.

Más é sin do chur chuige, tugaim mo dheimhin duit gurb é sin féin do sprioc. Ní chun pointí a dhéanamh, smaoineamh a chur chun cinn nó daoine a mhealladh chun cúise atá tú – óir an t-aon rud a bhaintear amach lena leithéid ná go gcuireann tú isteach ar dhaoine. Mar a dúirt, an bhfuil tú cinnte nach sin a bhí i gceist agat?

2. Idé-eolaíocht gan chúiseanna.

Táthar ann nach féidir leo liosta siopadóireachta a scríobh gan é a neadú ina chomhthéacs cuí iarstruchtúrach, agus idirdhéalú á dhéanamh acu idir a liosta siopadóireachta ábharach iar-Mharxach agus liostaí siopadóireachta neamh-lárshrutha iar-nua-aoiseacha atá lochtach agus gan bhrí de bhrí nach féidir leat liosta glasraí a scríobh amach mar is cuí mar gheall ar an bhréag-thuiscint pholaitiúil iar-indibhidiúlach atá agat orthu… cad é mo phointe arís? Déanaim féin dearmad, agus ní raibh a fhios ag an léitheoir riamh.

3. An smaointeoireacht thánaisteach, rud atá gaolmhar le cúrsaí idé-eolaíochta

Cad é sin? Sin nuair a léimeann tú isteach gan tuairim faoin spéir agat, chun luach do chuid airgid a fháil as do chuid ama agus chun oiread de do chuid smaointeoireachta a chur chun tosaigh agus is féidir. Ach an bhfuil a fhios agat, tá an cur chuige sin an-éadairbheach. Níl tú ach ag cailleadh tacaíochta do do bhunchúis. Cuir i gcás, tá tú ag iarraidh tacaíocht d’ionad nua do dhaoine óga ar oileán Ghabhla*, tá go maith, ná luaigh Engels, ginmhilleadh, nó teoiric na critice.

Má luann tú gach rud faoin spéir, seans nach iad aos óg an oileáin an rud is tábhachtaí leat ar chor ar bith? 

Más ag dul sa tóir ar gach coinín atá tú, ní bhfaighidh tú greim ar cheann ar bith acu.

Ná lig d’idé-eolaíocht teacht idir tú féin is do bhuntheachtaireacht, sin an rud atá mé á rá is dócha nó, chun é a chur ar bhealach é, cuir ceist ort féin:

“Cén dóigh ar féidir leis an idé-eolaíocht atá agam cabhrú leis mo chúis?”

“An gá dom é a lua ar chor ar bith?”

Agus maidir le troideanna idé-eolaíochta, seo ceist eile ba cheart dúinn ar fad a chur orainn féin – go háirithe i saol na meán sóisialta – i ndeireadh na dála, an féidir le mo ‘namhaid’ mé a stopadh de bheith a dhéanamh na rudaí ba mhaith liom a dhéanamh?

Ní féidir, is dócha.

Mar sin, cén fáth a bhfuil tú ag troid leis mar sin? Déan do rud féin, lig dó a rud féin a dhéanamh agus sin deireadh leis.

Nó an é, déanta na fírinne, gurbh é an troid atá uait?

Ach stopaimis anois sula scríobhfar píosa rófhada – abair liom arís:

“Cad atá uait?”

*jóc

Níos mó