Tá ráite ag Rúiseach atá ag cur faoi sa Ghaeltacht go bhfuil sé “suaite” agus “faoi bhrón” ag an ionradh ar an Úcráin atá ar bun faoi láthair.
Oifigeach Pleanála Teanga in Uíbh Ráthach é Victor Bayda, arb as Moscó dó ó dhúchas, agus mheas sé gur “tragóid” atá in ionsaí na Rúise ar an Úcráin.
Agus é ag labhairt ar An Saol ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt Victor Bayda nach bhfuil cúis ar bith ag an Rúis ionradh a dhéanamh ar an Úcráin.
“Na rudaí atá ag tarlú, ní cheapaim go pearsanta go bhfuil aon ghá lena leithéid,” a dúirt sé. “Níl aon chúis ann – seachas a bheith ag cosaint do thír fhéin istigh i dteorainneacha do thíre fhéin – chun airm a úsáid.”
Dúirt Bayda gur sheachain sé comhráite faoi chúrsaí san Úcráin le tamall toisc nárbh fhios dó céard a bhí chun titim amach.
“Táim suaite le déanaí ach bhíothas ag seachaint a bheith ag caint mar gheall air seo mar ní raibh sé soiléir cén treo a raibh sé ag dul.”
Dúirt Bayda go bhfuil cuid dá mhuintir san Úcráin agus nach raibh a fhios aige cén caidreamh a bheadh eatarthu i ndiaidh na n-eachtraí seo.
“Tá sloinne Úcránach ormsa agus tá muintir agam in áiteanna éagsúla san Úcráin. N’fheadar cén saghas teagmháil a bheidh againn amach anseo,” a dúirt sé.
Dúirt Bayda go raibh sé ag labhairt le daoine a bhfuil aithne aige orthu sa Rúis Dé Céadaoin agus nár measadh ag an tráth sin go ndéanfaí ionsaí ar an Úcráin. Dúirt sé gur athraigh an scéal “go tobann”, fiú do dhaoine sa Rúis.
“Bhí tuairim ann nach mbeadh ionradh ann, nach mbeadh airm na Rúise ag teacht isteach san Úcráin, seachas a raibh ag tarlú i ndeisceart na hÚcráine,” a dúirt sé.
“Níor chreid aon duine, nó b’fhéidir nár mhaith linn creidiúint, go bhféadfadh a leithéid tarlú.”
Dúirt Bayda go raibh smacht ag an rialtas sa Rúis ar chúrsaí teilifíse ansin agus nach mbíonn malairt tuairimí á gcraoladh.
Na scórtha Úcránach maraithe in ionsaí ‘mímhorálta’ na Rúise
“Sna meáin mhóra, an rud is mó a deirtear go bhfuiltear ag cosaint na Rúise, go bhfuil bagairt ag teacht ón Úcráin.”
Dúirt sé nach féidir le haon duine sa Rúis a bheadh in aghaidh an ionraidh dul amach ar na sráideanna ag agóidíocht agus “cosc” curtha ag na húdaráis ar a leithéid.
Nuair a fiafraíodh de Bayda an raibh sé deacair a bheith ina Rúiseach i gcéin agus cogadh tosaithe ag a thír dhúchais, dúirt Bayda go raibh daoine in Éirinn tuisceanach maidir lena chás agus go gcaitear leis “mar dhuine, seachas mar shaoránach tíre áirithe.”
“Is Rúiseach mé ach is duine mé chomh maith,” a dúirt Bayda.
Moch maidin inniu a rinne fórsaí na Rúise mór-ionsaí míleata ar an Úcráin agus tuairiscíodh gur scaoileadh diúracáin agus pléascáin in aice le cathracha móra.
Tá na scórtha saighdiúir de chuid na hÚcráine marbh agus rialtas na tíre sin ag gealladh go ndéanfar “cosaint thréan” ar an tír.