Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
An Chaint
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
An Coimisinéir Teanga
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
An Chaint
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
An Coimisinéir Teanga
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
‘ni-minic-a-fhanaim-i-mo-shui-le-leabhar-gaeilge-a-chriochnu’

‘Ní minic a fhanaim i mo shuí le leabhar Gaeilge a chríochnú’

| Maitiu O Coimin | ,

D’fhógair an teach foilsitheoireachta Barzaz ag an deireadh seachtaine go bhfuil athphriontáil déanta acu ar Madame Lazare, an chéad úrscéal a d’fhoilsigh siad in 2021. Spreag an fógra sin mé le rud a dhéanamh ba cheart dom a dhéanamh na míonna fada ó shin – léirmheas ar leabhar Thaidhg Uí Dhonnagáin a scríobh. 

Is é Tadhg ceann feadhna an chomhlachta Futa Fata, máthairchomhlacht Barzaz, agus tá aithne mhaith ag lucht léitheoireachta na Gaeilge air mar fhoilsitheoir, údar do pháistí, amhránaí, agus go leor eile. Scríobh sé an leabhar neamhfhicsin Mise Raiftearaí: An Fíodóir Focal in 2015, ach ba é Madame Lazare, a foilsíodh i mí Mheán Fómhair an chéad úrscéal do dhaoine óna pheann. Tús an-láidir do Barzaz é an chéad leabhar seo uaidh.

Ní minic a fhanaim i mo shui go deireanach san oíche le fáil amach céard a tharlóidh in úrscéal Gaeilge, ach choinnigh Tadhg an mhistéir ag imeacht go ceann scríbe, rud a choinnigh mise ag iompú na leathanach agus orlach na coinnle á dhó. 

Titeann imeachtaí Madame Lazare amach i gcúpla amlíne agus i gcúpla áit ó thús deireadh an scéil. D’fhéadfadh a leithéid de chur chuige mearbhall a chur ar léitheoir ach d’éirigh le Mac Dhonnagáin na snáithe éagsúla den scéal a fhorbairt go snasta, iad a choinneáil óna chéile nuair ba ghá, agus iad a shníomh go fite fuaite lena chéile sa deireadh.

Fear ildánach agus éirimiúil é Tadhg agus ní fhágfaidh sé rud ar bith leathdhéanta. Tá an tréith sin le feiceáil sa taighde críochnúil a rinne sé agus an leabhar á scríobh aige – idir an cur síos ar shaol Árann aimsir Bhailiúchán na Scol, shearmanais agus gnásanna na nGiúdach, shaol an aistritheora in institiúidí an Aontais Eorpaigh, agus an saol mar atá agus mar a bhí in Paris na Fraince le tríocha bliain anuas. 

Is annamh a bhíonn príomhcharachtair i leabhar Gaeilge nach Éireannaigh iad ach, cé go bhfuil roinnt mhaith Éireannach sa scéal seo, is cinnte gur leabhar ‘Eorpach’ Gaeilge é seo seachas leabhar a bhaineann go sonrach linn féin. Is maith liom gur chaith Tadhg a eangach níos faide i gcéin agus go bhfuil spléachadh ar chultúir eile na Mór-Roinne le fáil sa leabhar seo. D’fhoilsigh Barzaz leagan Gaeilge den leabhar Khalil go gairid i ndiaidh Madame Lazare, leabhar eile atá fréamhaithe go domhain in ithir na Mór-Roinne. Tá súil agam go leanfaidh an teach nua foilsitheoireachta ar aghaidh ag cur an tsaoil níos leithne seo os ár gcomhair. 

Is carachtair láidre doimhne iad pearsana Madame Lazare, daoine a bhfuil a scéal spéisiúil féin ag chuile dhuine acu, tá an cur síos a dhéanann Tadhg ar láithreacha éagsúla an scéil – go mór mór na radhairc in Árainn – glé beoga, agus ropann an scéal féin ar aghaidh ar luas deas sciobtha.

Má tá locht ar bith ar an scéal féin, déarfainn go ndeachaigh cúrsaí in áiféis de bheagán i dtreo dheireadh an leabhair agus go raibh nóiméidíní beaga ann nár chreid mé go huile is go hiomlán go bhféadfadh an méid a bhí ar an bpáipéar romham tarlú. Ach níor bhain na nóiméidíní beaga sin den taitneamh a bhain mé as an leabhar trí chéile.

Anois agus an dara cló déanta ar Madame Lazare, molaim do Ghael ar bith nach bhfuil sé léite acu cuairt a thabhairt ar an siopa leabhar is gaire dó go beo nó é a fháil ó shuíomh Barzaz anseo ar €15.95.

Níos mó