Cuireadh i gcré na cille i nGort an Choirce inniu Máirtín Mac Con Iomaire (Martin Ridge), iar-Gharda Gaeltachta agus údar an leabhair Breaking the Silence a phléigh le scannal mí-úsáid ghnéis i nDún na nGall.
Ba as Doire an Fhéich i gCasla i nGaeltacht Chonamara do Mháirtín Mac Con Iomaire (Martin Ridge) agus d’aistrigh sé go dtí Dún na nGall, mar a raibh sé ina Gharda.
Cuimhneoidh an pobal go háirithe ar an mbleachtaire Garda mar gheall ar a ról i nochtadh na fírinne faoi chásanna mí-úsáid ghnéis i ndeoise Ráth Bhoth, cásanna ar deineadh iarracht iad a cheilt ach inar cúisíodh beirt phéidifileach sa deireadh, an tAthair Eugene Greene agus an múinteoir Denis McGinley.
Insíodh scéal Breaking the Silence chomh maith i gclár faisnéise sa tsraith Finné ar TG4.
Dúirt Sorcha Ní Mhonacháin, an t-iriseoir le Nuacht TG4 as Gaeltacht Dhún na nGall, go rabhthas “go mór faoi chomaoin ag Máirtín as an obair a rinne sé – mar Gharda agus mar údar ina dhiaidh sin – ag tuairisciú na fírinne faoin uafás i bparóistí mar Ghaoth Dobhair, Gort a’ Choirce agus Leitir Mhic a’ Bhaird”.
“Níor thaitin an méid a dúirt sé ina leabhar leo; bhagair cuid acu an dlí air ach ní raibh iontu ach bagairtí – bhí Máirtín cinnte dena chuid foinsí agus fíricí,” a dúirt Sorcha Ní Mhonacháin.
Maireann a bhean Bríd, a iníonacha Aoife agus Clíodhna, a dheirfiúracha, Máirín, Treasa agus Bríd, a dheartháireacha Michael, Paddy, Colm agus Tomás agus gaolta agus cairde go leor.