Tá leabhar Gaeilge ainmnithe le dul san iomaíocht do mhórghradam Eorpach.
Tá an t-úrscéal Madame Lazare le Tadhg Mac Dhonnagáin ar na saothair a bheidh san iomaíocht don Duais Eorpach don Litríocht 2022, comórtas litríochta a bhíonn á reáchtáil ag an Aontas Eorpach.
Beidh an leabhar san iomaíocht le leabhair ó 13 tír eile don phríomhghradam.
Deir an comhlacht foilsitheoireachta Futa Fata, a d’fhoilsigh Madame Lazare, nach fios “an bród agus an gliondar” atá orthu agus an leabhar roghnaithe le dul san iomaíocht ar son na hÉireann. Is iad Litríocht na hÉireann agus Éire Ildánach a roghnaigh go gcuirfí an leabhar chun cinn don duais.
Cuirfear na leabhair uile atá ainmnithe i mbliana faoi bhráid painéal moltóirí agus fógrófar an buaiteoir ag searmanas i bPáras mí Aibreáin. Tabharfar moladh speisialta do chúig cinn eile de na leabhair.
Tá ainmniúchán tugtha i mbliana do leabhar ón Úcráin, Спитайте Мієчку, agus tacaíocht a léiriú do scríbhneoirí, foilsitheoirí agus lucht liteartha na tíre sin.
Is iad na tíortha eile óna dtagann na leabhair eile atá ainmnithe do chomórtas 2022 – an Ostair, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Bheilg, an tSeoirsia, an Ghréig, an Iodáil, an Liotuáin, an Mhacadáin Thuaidh, an Iorua, an Rómáin, an tSlóvaic agus an Spáinn.
Bhuaigh Madame Lazare an gradam do ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ ag na An Post Irish Book Awards anuraidh.
Tá ardmholadh faighte ag Madame Lazare ó na léirmheastóirí. Dúirt Máire Ní Fhinneadha ar Tuairisc.ie gur “úrscéal iontach atá ann don oíche airneáin nó don latte i gcaifé idirnáisiúnta”. ‘Leabhar na bliana domsa,’ an cur síos a rinne an scríbhneoir Doireann Ní Ghríofa air agus dúirt Áine Ní Ghlinn gurb é an t-úrscéal Gaeilge is fearr a léigh sí le “blianta fada”.
Insítear in úrscéal Mhic Dhonnagáin scéal faoi chailín óg as oileán de chuid na hÉireann aimsir an dara cogadh domhanda.