Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
An Chaint
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
An Coimisinéir Teanga
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
An Chaint
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
An Coimisinéir Teanga
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
an-gcuirfeadh-siad-an-cheist-sin-ar-fhear?

An gcuirfeadh siad an cheist sin ar fhear?

| Dáithí Anraí |

Katie McGreal

Bhí Jamie-Lee McDonnell i mbéal an phobail go mór i ndiaidh an agallaimh a rinne sí le Ryan Tubridy ar an Late Late Show ar RTÉ le déanaí.

Is i bpáirt Michelle a bhíonn Jamie-Lee sa chlár Derry Girls agus le linn a hagallamh chuir Ryan ceist uirthi faoina haois. In ionad freagra a thabhairt, dúirt Jamie-Lee gur ceist fhrithbhanda a bhí ann agus nach gcuirfeadh sé an cheist chéanna ar fhear. Mhínigh Ryan di go raibh sé ag iarraidh a rá gur déagóir í a carachtar sa seó ach gur duine fásta í san fhíorshaol. Chuir Ryan in iúl di nár bhain an cheist lena hinscne.

Is minic a bhíonn agallamh le bean cháiliúil éigin ann ina gcuirtear ceisteanna ar nós: An bhfuil páirtí agat? An bhfuil tú pósta? Ar mhaith leat páistí a bheith agat? Cé a thugann aire do na páistí nuair atá tú ag obair? Cé chomh fada is a thógann sé ort a bheith réidh ar maidin?

Is ceisteanna pearsanta iad seo ar fad agus ní bhaineann siad leis an gcúis a bhfuil siad faoi agallamh. Bhí Jamie-Lee ar an Late Late le poiblíocht a dhéanamh ar an tsraith dheireanach de Derry Girls agus mar sin ní haon iontas é gur bhain ceist faoina haois stangadh asti. Nuair a bhíonn fir faoi agallamh, ní chuirtear ceisteanna pearsanta orthu. Ní fhiafraítear díobh faoin áit a bhfuil a bpáistí nó faoin mbean nua atá acu, ach tarlaíonn sé do mhná go mion minic.

Leis féin, níl cuma fhrithbhanda ar an gceist faoi aois Jamie-Lee ach ar an iomlán má bhreathnaíonn tú ar agallaimh a chuirtear ar mhná i gcomparáid le hagallaimh a chuirtear ar fhir, feicfidh tú nach gcuirtear na ceisteanna pearsanta céanna ar na fir. Cén fáth a gcuirtear ceisteanna difriúla ar mhná? Is aisteoir í Jamie-Lee, níl a haois tábhachtach, ach shíl Ryan go raibh sé ceart go leor an cheist sin a chur.

D’éirigh rudaí níos measa i ndiaidh do Jamie-Lee seasamh suas di féin. Fiú muna gceapann tú gur iompar frithbhanda a bhí ag Ryan leis an gceist, níl aon dul as ach léirigh sé fuath ban ina dhiaidh sin nuair nár lig sé do Jamie-Lee í féin a mhíniú. Thug Jamie-Lee spás do Ryan é féin a mhíniú agus a rá linn nach raibh sé i gceist aige a bheith drochbhéasach ach ansin labhair sé thar Jamie-Lee agus í ag iarraidh í féin a mhíniú. Níl ansin ach fuath ban, ‘ná lig di labhairt’. Tá sé tarlaithe domsa agus tá mé cinnte go bhfuil sé déanta ar gach bean a bhfuil aithne agatsa uirthi freisin. Fiú muna raibh sé i gceist ag Ryan iompar frithbhanda a léiriú leis an gceist, léirigh sé iompar frithbhanda sna nóiméid i ndiaidh do Jamie-Lee seasamh suas di féin.

Maith í Jamie-Lee ag rá go hoscailte nach raibh sí compordach leis an gceist. Is iomaí uair a tharlaíonn rudaí do mhná nach mbíonn siad compordach leo agus ansin ní bhíonn siad compordach aon rud a rá faoina míchompord. Rinne Jamie-Lee éacht dúinn uilig.

An chéad uair eile tá súil agam go smaoineoidh Ryan agus a fhoireann níos mó ar na ceisteanna a chuirfidh sé ar a chuid aíonna agus b’fhéidir nach mbeidh ar éinne eile a rá leis beo ar an teilifís nach bhfuil siad compordach leis. B’fhéidir.

Níos mó