Bhronn Coláiste na Tríonóide comhaltacht oinigh ar Mháirín Nic Eoin, an scoláire ceannródaíoch i nualitríocht na Gaeilge, an tseachtain seo. Fógraíodh Comhaltaí agus Scoláirí nua Choláiste na Tríonóide ag searmanas i mBaile Átha Cliath.
Ollamh Emerita le Gaeilge in DCU í Máirín Nic Eoin. Tá taighde bunúil déanta aici ar ionad na mban i dtraidisiún liteartha na Gaeilge agus tá leabhair agus aistí critice foilsithe aici ar ghnéithe éagsúla de litríocht na Nua-Ghaeilge.
“Ba mhór an onóir í,” a deir Máirín faoin gComhaltacht. “Is amhlaidh a tháinig sé aniar aduaidh orm féin.”
Sheas an Propast, an Dr Linda Doyle ar chéimeanna na hAmharclainne Poiblí i gCearnóg Tosaigh Choláiste na Tríonóide chun ainmneacha na Scoláirí agus na gComhaltaí a léamh, mar is gnách.
Rinne sí comhghairdeas leis na mic léinn agus na taighdeoirí as a ngnóthachtáil. “Tá a fhios againn an méid oibre crua atá déanta chun é seo a bhaint amach agus molaimid thú as sin.”
Dúirt sí freisin go raibh an coláiste bródúil as gach duine a chuir a n-ainmneacha chun cinn don Chomhaltacht agus as gach duine a rinne scrúduithe na Scoláireachtaí.