Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
An Chaint
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
An Coimisinéir Teanga
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
An Chaint
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
An Coimisinéir Teanga
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta

Fadhb na tithíochta fós ina cnámh spairne ach cad é an réiteach?

| Dáithí Anraí |

Dr Kerron Ó Luain

D’ardaigh praghas na dtithe agus na n-árasán sna Sé Chontae Fichead 14.4% le linn 2021. Agus sa chéad ráithe den bhliain 2022 d’ardaigh siad ar ráta de thart ar 8%. An leithscéal a bhí ag an rialtas de bharr an bhoilscithe seo trátha na paindéime ná gur chuir an dianghlasáil moill ar an ráta go bhféadfadh tógálaithe dul i mbun oibre le linn 2020. An teachtaireacht a bhí ann ná go dtiocfadh plateau ar an mboilsciú nuair a thosódh na crainn tógála ag corraí arís agus nuair a bheadh na sluaite den lucht tógála ar ais ar na suíomhanna.

Tugadh cead pleanála do bheagnach 43,000 aonad tithíochta le linn 2021. Rinne an tAire Tithíochta, Darragh O’Brien, lainseáil ar a phlean Homes for All i bhfómhar na bliana céanna. D’fhógair sé go dtógfaí thart ar 30,000 tithe nua in aghaidh na bliana agus go sásódh sé sin “an t-éileamh”

Mar sin, agus na tithe uilig seo á dtógáil le linn 2021, agus tuilleadh cinn á dtógáil i gcéad ráithe na bliana seo (níl figiúirí ar fáil go dtí seo, go bhfios dom), cén fáth go bhfuil ardú leanúnach ar phraghas na dtithe, ardú as cuimse?

Ar an gcéad dul síos, meastar go bhfuil thart ar leathmhilliúin duine sa stát gan dídean cheart – 500,000 duine. Áirítear na bochtáin a fhulaingíonn ar shráideanna cathracha agus bailte an stáit san fhigiúr sin, thart ar 10,000 duine. Ach, tá 490,000 duine eile atá ag maireachtáil i dtithe ar cíos gan aon chinnteacht ag baint leo, nó tá siad fásta agus iad sna fichidí agus tríochaidí agus iad fós sa bhaile. Le linn na paindéime d’éirigh le sciar maith de na daoine sin airgead iarlais tí a shábháil, rud a chruthaigh éileamh ollmhór ar an líon beag de thithe atá ar díol sa mhargadh.

Ach ní hé sin iomlán an scéil. As na tithe nua a tugadh cead pleanála dóibh le linn 2021 beidh an tromlach á ndíol isteach sa mhargadh príobháideach. Cruthaíonn sin dhá fhadhb – cuireann sé leis an mbáiní atá sa mhargadh cheana agus tugann sin an deis do na forbróirí an praghas a ardú, agus, an tarna rud ná go dtugtar deis do na creach-chistí na haonaid a alpadh suas. Mar a thuairisc alt san Irish Times an mhí seo caite, tugadh cead pleanála do 26,000 árasáin agus mar a bhaineann sé leis an bhfigiúir sin “nearly 19,000 of these permissions were earmarked for Dublin, where foreign investors have flooded into the capital’s private rented sector market to avail of comparatively strong returns”. Fiú ag leibhéal na gComhairlí Contae nuair a thógtar eastát nó bloc árasán nua bíonn céatadán i bhfad ró-íseal ag dul mar thithíocht sóisialta agus slogtar go leor de na haonaid – fiú cinn a tógadh ar thalamh poiblí! – ar ais isteach sa mhargadh príobháideach, rud a chuireann na praghsanna in airde arís.

I mbeagán focal, níl fáil ag an ngnáthdhuine ar na tithe atá á dtógáil. Tá an soláthar tithíochta á choimeád ag leibhéal an-íseal ag an rialtas agus é i lámha na bhforbróirí agus na gcreach-chistí. Is dual dóibhsean an soláthar a choimeád íseal, mar is féidir leo praghsanna áiféiseacha a ghearradh ar thithe – agus is féidir linn an rud céanna a rá faoi na gníomhairí eastáit, na tiarnaí talún, na dlíodóirí agus gach éinne atá ag baint brabúis ón gcóras ainnise seo.

Caithfear an bhéim i soláthar tithíochta a bhaint ó na forbróirí príobháideacha agus dualgas a chur ar an stát an fhadhb a réiteach. Tá sé chomh lom agus chomh simplí leis sin. Is léir don dall anois (bhuel, seachas lucht Fhianna Fáil, Fhine Gael agus na nGlasach) go bhfuil teipthe go hiomlán ar an margadh príobháideach tithe a sholáthar do shaoránaigh. Tá glúin daoine óga ag fanacht ar athrú éigin teacht. Táthar ag súil go dtiocfaidh an t-athrú sin ó Shinn Féin, atá anois go bunúsach faoi réir mar an gcéad rialtas eile. Ach, má dhéantar scagadh ar pholasaí tithíochta Shinn Féin, ní ann don ghníomh radacach atá de dhíth chun cumhacht an mhargaidh phríobháidigh a bhriseadh. Tá an modh soláthair mar an gcéanna – go mbeimis ag brath ar na forbróirí – cé go bhfuil 10,000 tithe níos mó á ngeallúint. D’fhéadfaí a rá fiú, ó thaobh na staire de, nach bhfuil plean Shinn Féin chomh radacach is a bhí plean Fhianna Fáil sna caogaidí mar shampla nuair a tógadh na deicheanna de mhílte de thithe poiblí i mbruachbhailte Bhaile Átha Cliath agus cuireadh deireadh, nach mór, le géarchéim tithíochta na linne sin.

Tá dualgas ar dhaoine – daoine óga ach go háirithe – a bheith ag éileamh agus gníomhú ar son na tithíochta poiblí ón mbun aníos. Is é sin go n-éileoidís go mbeadh comhlacht stáit i mbun tógáil tithe (rud a chruthódh na mílte post) agus go bhfanfadh na tithe sin i seilbh an stáit go buan nuair a thógfar iad, rud a bhainfeadh an chumhacht ó na forbróirí agus na tiarnaí talún. D’fhéadfaí na hoibrithe céanna a chur ag obair ar na mílte tithe tréigthe sa chóras chomh maith. Ach caithfear dúshlán “cearta sealúchais” lucht an rachmais a thabhairt ar dtús.

Bearta móra radacacha atá de dhíth, seachas sop in áit na scuaibe. Níl aon bhealach eile as an tsáinn ina bhfuil an leathmhilliún duine gan dídean a luadh cheana, mar is léir ón stair.

Níos mó