Mhol an Pápa Proinsias do mhuintir na Breataine Bige a dteanga a choinneáil agus daoine eile a spreagadh le Breatnais a labhairt.
Ag Aifreann speisialta do Chaitlicigh na Breataine Bige le déanaí a léigh an tArdeaspag Claudio Gugerotti, Nuinteas an Phápa chun na Breataine, amach an teachtaireacht sin ón bPápa.
I Séipéal Caitliceach Naomh Séamus i Londain Shasana a dúradh an tAifreann Breatnaise, nó Offeren Gymraeg.
Ina theachtaireacht don phobal, a léigh an tArdeaspag Claudio Gugerotti, dúirt an Pápa:
“Ag cuimhneamh ar oidhreacht chultúrtha agus stairiúil na Breataine Bige agus a traidisiún uasal Críostaí a chothaigh naoimh iontacha mar Beuno, Winifred agus Cadog, ba mhaith leis an bPápa muintir na Breataine Bige, agus iadsan ar mian leo a n-oidhreacht a chaomhnú, a spreagadh chun an Bhreatnais a úsáid agus daoine eile a mhealladh chun a bheith ag staidéar, ag caint agus ag guí sa teanga ársa seo.”