Maífidh an Stát sa Chúirt Uachtarach an tseachtain seo go bhfuil gá le ‘teorann praiticiúil agus réasúnta’ a chur le líon na gcáipéisí dlí a bhfuil dualgas ann iad a chur ar fáil i nGaeilge.
Beifear ag áitiú chomh maith nach bhfuil aon dualgas bunreachtúil ann ionstraim reachtúla a aistriú go Gaeilge agus go mbeadh brú mí-réasúnta ag baint lena a leithéid a dhéanamh.
Baineann achomharc an Stáit sa Chúirt Uachtarach le hathbhreithniú breithiúnach Shiobháin Denvir-Bairéad agus dhá chomhlacht forbartha a mhaígh gur chóir go mbeadh reachtaíocht ar fáil dóibh i nGaeilge agus go raibh siad faoi mhíbhuntáiste dá ceal.
Cuirfear tús le himeachtaí sa chúirt ar maidin agus meastar go mairfidh an éisteacht lá go leith.
D’éirigh san Ard-Chúirt leis an athbhreithniú breithiúnach ach ceadaíodh achomharc sa Chúirt Uachtarach don Stát ina dhiaidh sin.
Deir na forbróirí Gaeltachta san argóint atá curtha faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí acu gurb ionann dearcadh an Stáit i leith a gcearta teanga agus a rá leo: ‘bainigí usáid as an reachtaíocht seo i mBéarla, nó cuirigí bhur n-aistriúcháin féin ar fáil’.
Deir siad chomh maith nach bhfuil sé ceart ná cuí go mbeadh an Stát ag brath ar ‘a theip stairiúil’ éifeacht a thabhairt do chearta teanga an tsaoránaigh chun na cearta sin a cheilt air.
Deir siad chomh maith nár cheart ligean don Stát ‘easpa acmhainní’ a úsáid mar leithscéal chun cur i gcoinne a n-oibleagáidí i leith na Gaeilge faoi Airteagal 8 den Bhunreacht.
‘Ag deireadh an lae, cad is fiú Achtanna an Oireachtais a eisiúint i nGaeilge agus i mBéarla más féidir iad a leasú in aon teanga amháin?’ a deirtear.
Luaitear chomh maith go gcuirtear gach treoir agus gach rialachán Eorpach ar fáil ag an am céanna i nGaeilge agus sna teangacha oifigiúla eile.
Tugadh an cás in aghaidh an stáit san Ard-Chúirt toisc nach raibh fáil i nGaeilge ar reachtaíocht a bhain le hachomharc faoi chúrsaí pleanála atá ar bun ag na hiarratasóirí.
Tá na hiarratasóirí ag cur i gcoinne ordú ceannaigh éigeantaigh atá á lorg ag Uisce Éireann chun córas cóireála séarachais a thógáil ar a dtalamh ag Céibh an tSrutháin ar an gCeathrú Rua i nGaeltacht Chonamara.
Beidh éisteacht phoiblí faoin achomharc pleanála sin ar siúl amach anseo.
Deir an Stát – an tAire Tithíochta agus an tArd-Aighne – nár chóir bac a chur ar údarás poiblí amhail an Bord Pleanála dul ar aghaidh le héisteacht ó bhéal toisc nach bhfuil leaganacha Gaeilge d’ionstraimí reachtúla ar fáil.
Ach dúirt an Breitheamh Bronagh O’Hanlon ina cinneadh san Ard-Chúirt go raibh an mhoill 17 mí ar fhoilsiú leagan Gaeilge den Acht Pleanála “míréasúnta”.
Bhí an leagan aistrithe den Acht ar fáil sular críochnaíodh an cás san Ard-Chúirt, ach dúirt an Breitheamh gur drochmheasúil an beart ag an Stát é gan na hiarratasóirí a chur ar an eolas faoin méid sin.
Deir an Stát go ndearna an Breitheamh O’Hanlon ‘earráid dlí’ nuair a chinn sí gur mhoill mhíréasúnta a bhí i 17 mí.
D’fhéadfadh, a deir lucht an achomhairc, go mbeadh ‘impleachtaí an-tromchúiseach’ ag baint leis an gcinneadh sin.
Bheadh an baol ann sa chás áirithe seo go gcuirfí moill fhorbairt ‘thábhachtach chomhshaoil’. Deir na hachomharcóirí freisin go bfhuil brú oibre ar Rannóg an Aistriúcháin mar atá agus iad ag iarraidh leagan Gaeilge a chur ar fail ar ‘riaráiste mhór’ d’Achtanna an Oireachtais.
Ní bheadh sé ‘praiticiúil nó réasúnta’, a deir siad, tabhairt ar an Stát ionstraim reachtúla a aistriú chomh maith.
Athdhearbhú a bhí sa chás san Ard-Chúirt mí Bealtaine seo caite ar an dualgas atá ar an Stát leaganacha Gaeilge d’achtanna Oireachtais a chur ar fáil.
Daingniú eile a bhí sa chinneadh ar chearta teanga a tástáladh cheana sna cúirteanna i gcásanna éagsúla ach cuirfear tástáil eile ar na cearta sin sa Chúirt Uachtarach inniu agus amárach.
Dúirt painéal triúr Breithiúna de chuid na Cúirte Uachtaraí go n-éistfí leis an achomharc mar go raibh ceisteanna tábhachtacha dlí ag éirí as. D’fhéadfadh na ceisteanna sin tionchar a bheith acu ar chásanna cúirte eile agus ar an riarachán poiblí go ginearálta, a dúirt na Breithiúna.