Tá an scríbhneoir, scoláire agus cumadóir ceoil Feargal Ó Béarra ar shlí na fírinne. Bhí sé tinn le tamall.
Bhí Feargal Ó Béarra, a tógadh i mBoth Chuanna i nGaeltacht Chois Fharraige, ar dhuine de mhórscríbhneoirí Gaeilge a linne agus tá a shaothair, Mé Suibhne agus An Tromdhámh, ar athchóiriú iad ar sheanchas na nGael, áirithe ar shárleabhair Gaeilge na mílaoise nua.
Bronnadh Gradam Uí Shúilleabháin do Leabhar Gaeilge na Bliana ar An Tromdhámhin 2019.
Scoláire agus taighdeoir fíorchumasach ab ea é a chuir spéis i réimse fairsing ábhar, ó Naomh Éinne go dtí Máirtín Ó Cadhain.
Bhí taifeadadh nár chualathas riamh cheana de Mháirtín Ó Cadhain ag léamh as Cré na Cille in München na Gearmáine sna 1960idí i measc an ábhair i Máirtín Ó Cadhain: Téacsanna Teagaisc, leabhar trítheangach a chuir sé in eagar le Arndt Wigger, fear ar scríobh sé An Old Irish Primer leis chomh maith.
Ar na hábhair eile a ndearna sé taighde fúthu bhí Táin Bó Cuailgne, an Caighdeán Oifigiúil agus féiniúlacht na nGael.
Ag obair sa Bhruiséil mar aistritheoir a bhí sé le tamall de bhlianta, obair ar thug sé “ceird nár chol le Clanna Gael” uirthi.
Léachtóir ollscoile ab ea é sular thug sé aghaidh ar an Eoraip agus suim ar leith aige sa Luath-Ghaeilge agus sa Luath-Ghaeilge mhoch.
Bhí ardmheas air mar theagascóir agus is iomaí mac léinn ollscoile a bhain tairbhe as a chuid léinn agus as a mháistreacht ar an teanga.
Thug sé sealanna i mbun taighde agus teagaisc sa Ghaillimh, as Ghearmáin, san Iorua, i gCeanada agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Cumadóir amhrán cumasach ab ea é chomh maith agus ba é Bob Dylan an t-amhránaí ab ansa leis.
Ar na saothair eile leis bhí aiste ar ‘A Grafted Tongue’, dán le John Montague a phléann an lorg a d’fhág meath na Gaeilge ar shícé mhuintir na hÉireann.
Más fíor do Montague d’fhág dul i ndísc na Gaeilge gur “manuscript we had lost the skill to read” í Éire.
Cuimhneofar ar Fheargal Ó Béarra mar dhuine a chuir ar ár gcumas tuiscint a fháil arís ar an ‘lámhscríbhinn’ sin.
Fágann Feargal a chéile, Maedhbh Nic Dhonnchadha, a pháistí Aindrias agus Saileog, a mháthair, a mhuintir agus a chairde faoi bhrón agus an Gael uasal éargna ar shlí na fírinne i bhfad ró-óg.
Beidh Feargal á thórramh óna cúig a chlog tráthnóna amárach i dteach a dhearthár Ruaidhrí i mBoth Chuanna agus déarfar Aifreann na sochraide i Séipéal Chill Éinne ag meán lae Dé hAoine agus cuirfear i Reilig an Choilligh é tar éis an Aifrinn.