Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
An Chaint
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
An Coimisinéir Teanga
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
An Chaint
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
An Coimisinéir Teanga
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
borradh-ollmhor-curtha-faoi-luach-na-feamainne-i-gconamara-ag-ceannaitheoiri-as-an-bhfrainc

Borradh ollmhór curtha faoi luach na feamainne i gConamara ag ceannaitheoirí as an bhFrainc

Tá dream as an bhFrainc tar éis borradh ollmhór a chur faoi phraghas na feamainne ar chóstaí Chonamara.

Tuigtear go bhfuil an dream seo sásta a dhul thar €130 an tonna ar fheamainn bhuí ar chóstaí Chonamara agus iarthar Mhaigh Eo – é sin agus comhlacht iompair a chur ar bóthar ag tabhairt na feamainne chun na Fraince.

Tá an praghas is deireanaí sin atá luaite leis na ceannaitheoirí Francacha a cheithre oiread níos airde ná an praghas a bhíothas a íoc le lucht bainte feamainne sé nó seacht de bhlianta ó shin.

Is beag rogha a bhí ag comhlachtaí eile ach a gcuid praghsanna féin a ardú agus tá léim bainte as lucht gnó an tionscail, agus as lucht bainte feamainne, ag an luacháil nua atá ar an fheamainn bhuí, nó ascophyllum nodosum.

Fágann an t-ardú gur mó go mór an luach saothair a bheidh ag bainteoirí as a gcuid saothair – obair atá trom agus tuirsiúil i gcladaí achrannacha an iarthair.  Fágann sé freisin go bhfuil ar cheannaitheoirí machnamh maith a dhéanamh ar reáchtáil a gcuid gnóthaí.

“Ní baileach go dtuigim cén chaoi ar féidir an oiread seo a chaitheamh ar thonna feamainne agus brabús a dhéanamh uirthi,” a deir Jim Keogh, an bainisteoir straitéise don Eoraip i gcomhlacht Arramara Teo a bhfuil a cheanncheathrú i gCill Chiaráin i gConamara.  “Ní hé amháin an praghas atáthar a thabhairt ar an bhfeamainn ach an costas atá ar sheirbhísí iompair chun na Fraince; tá sé ag dul ó mheabhair orm, ag an tráth seo.”

Tá Arramara Teo. an comhlacht is mó próiseála feamainne sa tír seo,  ar cheann de na comhlachtaí Éireannacha a choinnigh sna sála ar na Francaigh go dtí le gairid.  D’ardaigh siadsan a bpraghas féin go dtí €110 an tonna; rinne comhlacht as Contae Mhaigh Eo an rud céanna agus bhí comhlacht as Ciarraí, a cheannaíonn roinnt feamainne í gConamara, sásta a dhul chomh domhain céanna ina bpócaí.  Níl a fhios fós an mbeidh na comhlachtaí seo sásta, nó in acmhainn, coinneáil leis an bpraghas is deireanaí atá tairgthe ag na Francaigh.

Thart ar dhá scór euro an tonna a bhí ar thonna feamainne sé nó seacht de bhlianta ó shin agus d’ardaigh sí, de réir a chéile, go dtí ceithre scór euro. Mórán mar sin a bhí sí nó gur tháinig an dream as an bhFrainc isteach le seicleabhar láidir ar chóstaí Mhaigh Eo agus Chonamara le gairid.

Tá na harduithe is deireanaí seo ar an léim is mó atá tarlaithe fós i bpraghas na feamainne ar chóstaí an iarthair.

Ach cuireann Jim Keogh ó bhainistíocht Arramara go mbeidh sé rídheacair ag comhlachtaí coinneáil le praghas na Fraince.  “Níl a fhios agam go díreach céard atá ar bun ag an dream seo as an bhFrainc,” a deir seisean. “ D’fhéadfadh sé go bhfuil clár taighde ar leith ar bun acu agus práinn leis an soláthar feamainne, sin nó go bhfuil úsáid nua-aimseartha á baint as an bhfeamainn bhuí acu.  Ach, cheapfainn féin go mbeidh sé rídheacair ag comhlachtaí ar nós muid féin a dhul mórán níos airde leis na praghsanna, beag beann ar pé beart a bheidh ag na Francaigh.”

Mhínigh Jim Keogh go mbeidh praghas níos airde ar tháirgí Arramara de réir mar a ardaítear an praghas a íocann siadsan leis na bainteoirí.   “Tá pointe ann nuair a thagann an crú ar an tairne. Má chuireann na dreamanna éagsúla a ndíolann muide ábhar leo a gcosa i dtaca, agus má théann siad i muinín ábhair eile seachas feamainn, bhuel…”.

Bhíodh conspóid faoin bhfeamainn bhuí ar chóstaí an iarthair ariamh anall.  Mar shampla, bhí teorainneacha leagtha síos agus réimse áirithe cladaigh ag chuile thionónta i mbailte fearainn tuaithe cois cósta.   Tharraing na teorainneacha seo achrann scaití, achrann a mhair ar feadh na nglúnta.  Baisteadh ‘spaidhteanna feamainne’ ar an easaontas sin.  Ach, d’imigh  go leor den ghangaid as na ‘spaidhteanna’ seo de réir mar a thug go leor daoine cúl don chladach.

Ní raibh daoine óga chomh hoilte ar obair chladaigh ná ar obair na mara agus bhí, agus tá fós, na fir a bhaineann feamainn ag éirí buille níos sine.

Ach mhúscail díol agus ceannacht chomhlacht Arramara Teo aird aríst ar na cladaí nuair a fuair an gnó as Ceanada, ar a dtugtar Acadians Sea Plants, seilbh ar an tionscal sin In 2014.  Cé gur cuireadh coinníoll rúndachta leis an bpraghas a íocadh ar an monarcha agus na hacmhainní eile a bhain le Arramara, is cosúil go raibh os cionn €3 milliún i gceist.  Rinne Acadian Sea Plants go leor oibre ar an áit uilig ina dhiaidh sin agus meastar gur caitheadh idir €4-5 milliún eile ar an deisiúchán.

Thriail Arramara ag an bpointe sin ceadúnas bainte feamainne a fháil ar phíosa mór cósta as Contae an Chláir ó thuaidh go cósta Mhaigh Eo; bhíodar ag coinneáil leis na dlíthe a bhí ann.  Ach cuireadh an cás faoi bhráid an Ard-Aighne agus rialaíodh go raibh stádas agus bunús leis na seanteorainneacha agus d’fhág sin go gcaithfí coinneáil leis an seanreacht.

Tháinig comhlachtaí eile isteach sa ngnó, de réir a chéile agus d’éirigh iomaíocht idir gach a raibh ann acu, Arramara Teo san áireamh.

D’ardaigh an praghas ach is é an cor is deireanaí seo an ceann is mó agus is drámatúla fós i gcladaí Chonamara.

Níos mó