Tá deontais nach mór milliún euro fógartha ag Aire Stáit na Gaeltachta Patrick O’Donovan d’Fhoras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise.
Rachaidh €680,000 den €910,000 atá fógartha ag O’Donovan go dtí earnáil na foilsitheoireachta agus na foclóireachta.
Caithfear €300,000 den mhaoiniú sin ar scéimeanna de chuid Chlár na Leabhar Gaeilge. Caithfear €300,000 eile ar chóras dáileacháin Áis, an Áisíneacht Dáileacháin Leabhar, agus ar straitéis mhargaíochta a fhorbairt d’fhoilsitheoirí na Gaeilge.
Tá maoiniú aon-uaire €80,000 ceadaithe don iris mhíosúil, Comhar, chun tacú le forbairt na scríbhneoireachta agus na litríochta agus tá €80,000 eile ceadaithe d’Oireachtas na Samhna le bunú áiseanna cartlainne i gcomhar le Fiontar agus Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU).
Tá €150,000 á chur ar fáil do Ghníomhaireacht na hUltaise le clár oideachais a fhorbairt “a thabharfaidh deis do dhaltaí idirbhliana foghlaim faoi fhéiniúlacht na hUltaise”. Caithfear an chuid eile den mhaoiniú ar chlár píolótach do bhannaí máirseála i gcontaetha na teorann.
“Cuideoidh an clár le hathbheochan a dhéanamh ar na bannaí seo agus an traidisiún a chaomhnú,” a dúirt Roinn na Gaeltachta.
Tagann fógra an Aire Stáit sna sála ar ráiteas a rinne Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge faoin imní atá air faoina bhfuil i ndán don eagraíocht thrasteorainn.
Ábhar buartha d’Fhoras na Gaeilge na deacrachtaí atá á gcruthú ag an tsáinn pholaitíochta ó thuaidh dóibh.
Dúirt an tAire Stáit Patrick O’Donovan go raibh “an-áthas” air an maoiniú a fhógairt do na forais teanga thuadh theas.
“Tabharfaidh an infheistíocht seo tacaíocht bhreise d’earnáil na foilsitheoireachta agus na scríbhneoireachta Gaeilge dul i ngleic leis na dúshláin atá san earnáil faoi láthair agus cinnteoidh sé go bhfuil áiseanna cartlainne agus foclóireachta á bhforbairt agus ar fáil do phobal na Gaeilge.
“Tá sé tábhachtach aitheantas a thabhairt don oidhreacht Ultaise sna contaetha cois teorann agus cuideoidh an tacaíocht seo le tionscnaimh nua a fhorbairt chun an oidhreacht sin a chaomhnú agus a leathnú.”