Níor chuir ach naonúr isteach ar scéim stáit le mná tí nua a mhealladh le scoláirí a choinneáil do choláistí samhraidh na Gaeltachta.
Deir lucht na gcoláistí samhraidh gur léiriú a laghad iarratas atá déanta ar an deontas €6,000 nach leor na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun tuilleadh ban is fear tí a mhealladh.
Fógraíodh an deontas nua, €6,000 in áit €2,000, an fómhar seo caite.
Contae | Líon Iarratas 2023 |
---|---|
Gaillimh | 2 |
Dún na nGall | 4 |
Maigh Eo | 2 |
Ciarraí | 1 |
Corcaí | – |
Port Láirge | – |
Mí | – |
Líon na n-iarratas ar dheontas tosaithe do mhná tí
Ó 2019 shocraigh 25% den 700 bean tí a bhíodh ag coinneáil scoláirí éirí as.
Tá titim mhór tagtha ar líon na mban tí a chuireann lóistín ar fáil ar fud na Gaeltachta agus tá níos lú scoláirí ag freastal ar chúrsaí dá bharr.
Meastar gur 150 bean tí a d’éirigh as anuraidh agus go raibh na coláistí samhraidh gann ar 1,800 leaba.
Deir na coláistí samhraidh go bhfuil géarchéim le tamall ann mar gheall ar easpa lóistín.
Dúirt Páidí Ó Sé, bainisteoir Chomharchumann Chorca Dhuibhne, go bhfuil locht mór ar an chóras i gcónaí.
“Tá poll mór sa bhád agus ní dheiseoidh deontas na Roinne an poll san. Cabhraíonn an deontas ach is léir ó na figiúirí nach meallfaidh sé dóthain daoine go dtí an earnáil agus nach gcuirfidh sé deireadh leis an gcreimeadh ó thaobh líon na mban tí,” arsa bainisteoir Chomharchumann Chorca Dhuibhne.
Dúirt Páidí Ó Sé go gcaithfí féachaint “níos doimhne” ar an scéal agus teacht ar “shlite cruthaitheacha” eile le dul i ngleic leis an fhadhb lóistín.
Tá sé i gceist ag Comharchumann Chorca Dhuibhne coláiste samhraidh a mbeidh lóistín ann a thógáil i mBaile an Fheirtéaraigh.
Dúirt Paidí Ó Sé, gur éirigh triúr déag ban tí as an chúram i mbliana agus gur tháinig laghdú 27% ar líon na mban tí ag Coláistí Chorca Dhuibhne ó 2019.
Dúirt Máire Denvir, Oifigeach Caidrimh Poiblí CONCOS, scátheagraíocht na gcoláistí samhraidh, go gcaithfí athbhreithniú a dhéanamh ar an earnáil agus nach leor an deontas tosaithe le mná agus fir tí a mhealladh.
“Is léir nach leor é le daoine a ghríosú le teacht isteach san earnáil agus is léir go bhfuil na coinníollacha a bhaineann leis an deontas a fháil i bhfad ró-chúng agus ró-shrianta. Ní chailíonn tithe a d’éirigh as agus a bheadh ag iarraidh filleadh don deontas, mar shampla.
“Seo earnáil a bhfuil sé an-tábhachtach don Ghaeltacht agus don tír ar fad go mairfidh sí agus tá géarghá le hathbhreithniú a dhéanamh uirthi.
“Tá an-chontúirt ann mura mbreathnaíonn an stát go dearfach ar an earnáil trí chéile nach mairfidh sí. Caithfear a bheith cruthaitheach le cuidiú leis an tionscal ag an bpointe seo,” a dúirt Máire Denvir.
Dúirt Éamon Ó Cuív, an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil a fuair an t-eolas faoi líon na n-iarratas ar an deontas, go raibh práinn ag baint leis an fhadhb lóistín agus an samhradh ag teacht.
“Tá gá le gníomh láithreach leis an obair a dhéanamh níos tarraingtí le tuilleadh daoine a mhealladh isteach san earnáil. Tá an margadh athraithe, tá titim thubaisteach ar líon na mban tí agus tá gá le scéim nua. Teastaíonn sin anois,” arsa Ó Cuív.
Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan go rabhthas ag súil go dtiocfadh ardú ar líon na n-iarratas roimh an samhradh.
“Ós rud é go mbíonn iarratais á ndéanamh ar bhonn leanúnach ag an tráth seo bliana, táthar ag súil le tuilleadh iarratas idir seo agus tús shéasúr na gcoláistí mar is iondúil. Déanfar iad a mheas de réir a chéile idir seo agus samhraidh 2023.
“Táim sásta go bhfuil an chistíocht bhreise atá ceadaithe le bliain anuas mar thaca breise do na coláistí ag cabhrú le coláistí tuilleadh teaghlaigh a mhealladh le lóistín a chur ar fáil dóibh.”
Dúirt an tAire Stáit gur cláraíodh 39 teach nua faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge de chuid na Roinne in 2022 i gcomparáid le 34 in 2019.
€11 in aghaidh an dalta in aghaidh na hoíche a íoctar le mná tí ó ardaíodh an liúntas ó €10 anuraidh.