
‘Is Muimhneach é Graham Rowntree faoin am seo’
Is as an timpeallacht a fháisctear an duine. Ag fás aníos, léiríonn na blianta tosaigh an grá atá agat do rudaí áirithe. Ba é sin an cás liomsa agus foireann na Mumhan. Chuaigh mé go dtí cluichí mar dhuine óg agus d’éist mé leis an méid a dúirt an slua faoi rudaí áirithe. Mhothaigh mé an chaoi chéanna ar mhothaigh siad faoi foirne éagsúla. Níor thaitin roinnt foirne eile liom toisc nár thaitin siad le daoine eile. Bhí grá agam d’imreoirí mar gheall ar a ndearna siad ar an bpáirc agus é sin amháin; ba é sin an rud ba thábhachtaí. Bhí mo mháthair mar an gcéanna. Is dóigh go mbriseann an dúchas trí shúile an chait.
Ach ina dhiaidh sin agus uile, bhí grá aisteach agam don fhoireann. Is cineál grá é a chreidtear nach dtuigfeadh daoine ón taobh amuigh go hiomlán riamh. Cineál grá nach dtuigfeadh ach tusa agus iad siúd a d’fhás aníos ann. Sin a cheap mé agus mé óg, ar aon nós. Ach mar dhuine fásta, tuigim nach gá go mba as áit áirithe do dhuine le grá a thabhairt di mar a thugaim. Tuigimgur féidir le daoine grá a thabhairt do rud éigin nár fhás siad aníos leis.
Thug mé é seo faoi dheara nuair a thosaigh mé ag caitheamh mo shamhraí i nGaillimh agus mé i mo dhéagóir. Bhog mé ann don ollscoil agus d’imir mé rugbaí leis an gcoláiste agus le Coláistí Chonnacht. Chuaigh mé go dtí an Sportsground chun féachaint ar Chonnachta ag imirt; bhí mé ann don chluiche dochreidte sin in aghaidh Toulon, mar shampla, agus go leor cluichí eile. Bhí agus tá cairde agam a bhí agus atá ag imirt agus ag obair ar son na foirne anois. Tá grá agam don chúige (agus don chathair) cé gur as Luimneach mé.
Nuair a tháinig Graham Rowntree isteach i bhfoireann bainistíochta na Mumhan, bhí mé sásta gur roghnaigh Mumha duine leis an CV atá aige. Ach ní hé an t-eolas atá aige an rud is fearr faoi ach an t-ionracas atá aige. Dá mbuailfeá le Muimhneach, níorbh fhéidir dallamullóg a chur orthu le do chuid cainte. Más cac bó atá á rá agat, beidh a fhios acu.
Ní hamháin sin, déarfaidh siad leat é. Is cuma más drochnuacht nó deascéal atá agat: má tá tú ionraic le muintir na Mumhan, beidh meas acu ort. Agus is fíor gur duine ionraic é Rowntree. Tar éis gach cluiche, níl raiméis á rá aige. Muna dtaitníonn ceist leis, ní fhreagróidh sé í. Muna bhfuil sé sásta nó muna raibh taispeántas na foirne maith go leor, beidh a fhios agat. Níl aon bhréaga le cloistéal uaidh agus ní bhíonn seafóid á rá aige ach an oiread.
Is léir go bhfuil caidreamh maith cruthaithe aige lena imreoirí freisin. Feicimid é seo i ngach aon agallamh a dhéanann sé leis na meáin agus i ngach aon fhíseán a fheicimid agus é ag labhairt le himreoirí nó fúthu. Tá caidreamh ann; tá meas ann. Agus ceapaim go dtagann sé seo, an tuiscint seo, ón am a chaith sé le Leicester. Díreach ar nós na Mumhan, is club é Leicester nach bhfuil aon raimeis ceadaithe ann. Is club é atá ag iarraidh na cluichí móra a bhuacaint agus a mholann an obair chrua agus an obair chrua amháin. Níl am ag aon duine in Leicester do na ‘spoofers’ agus mar a luaigh mé cheana féin, níl am ag aon duine sa Mhumhain dóibh ach an oiread.
Is féidir le Rowntree a bheith ag gáire faoi féin agus rudaí eile. Tuigeann sé an brú atá air agus an brú atá ar an bhfoireann. Ach ag an am céanna, tuigeann sé nach gá do gach aon rud a bheith dáiríre. Tuigeann sé go gcaithfear an timpeallacht sin a chruthú agus seans a thabhairt d’imreoirí a scíth a ligean. Tuigeann na himreoirí na caighdeáin atá ag an bhfoireann bainistíochta ach ní gá dóibh a bheith in umar na haimléise ag iarraidh traenáil agus imirt fúthu. Tá a fhios ag na himreoirí go bhfaighfidh siad deiseanna má bhíonn siad ag imirt go maith. Tugann sé sin muinín agus fuinneamh dóibh freisin.
Agus an rud is fearr faoi Rowntree i mo thuairim? Tá grá aige don fhoireann agus don áit. Tuigeann sé stair na foirne agus an paisean atá ag an lucht leanúna. Tuigeann sé na héilimh atá acu. Faoin am seo, is Muimhneach é.