Ardú ar líon na n-ionsaithe ar an phobal LADT ar bhonn domhanda
Tá cuid mhór dul chun cinn déanta ag an phobal LADT le deich mbliana anuas, ní hamháin in Éirinn ach ar fud an domhain. Tá go leor tíortha tar éis a ndlíthe maidir le daoine LADT a athrú, rud a thugann deis do dhaoine aeracha, leispiacha agus trasinscneacha maireachtáil go hoscailte agus pósadh cibé duine is mian leo.
Ina ainneoin sin, tá baill den phobal LADT fós faoi ionsaí ar fud an domhain. Le déanaí rith Uganda bille a ghearr pionós an bháis ar dhaoine LADT. Tá áiteanna i Stáit Aontaithe Mheiriceá ag rith billí le fada ag baint cearta ón phobal trasinscneach agus le déanaí cuireadh cosc ar bhanríonacha drag i stáit áirithe. In Flordia moladh bille dar teideal ‘Don’t Say Gay’ a chuirfeadh srian ar an phlé a dhéantar faoi chúrsaí LADT ar scoil.
In 2022 b’aide an líon coireanna fuatha in aghaidh daoine LADT ná am ar bith le deich mbliana anuas.
Dúnmharaíodh Aidan Moffitt agus Michael Snee i Sligeach anuraidh mar go raibh siad aerach agus i mí Feabhra na bliana seo, dúnmharaíodh Brianna Ghey, déagóir trasinscneach in Albain. Cé go bhfuil dul chun cinn déanta in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe, tá bealach fada fós le dul sular féidir leis an phobal LADT a bheith sábháilte.
Labhair Meon Eile le Lisa Nic an Breithimh, gníomhaí LADT a oibríonn le ShoutOut, eagraíocht a chabhraíonn le baill ón phobal LADT i mBaile Átha Cliath. Labhair muid chomh maith le Conor Torbóid, oibrí óige le Glór na Móna, agus le Ciarán Ó Pronntaigh, tráchtaire polaitiúil.
Is féidir dul chuig suíomhanna ShoutOut agus Rainbow Project le tuilleadh eolais a fháil.