Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
An Chaint
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
An Coimisinéir Teanga
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
An Chaint
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
An Coimisinéir Teanga
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
cogadh-na-gcomharsan:-seanchoimhlint-peile-i-reim-aris-agus-cearta-gaisce-oirdheisceart-uladh-le-baint

Cogadh na gComharsan: Seanchoimhlint peile i réim arís agus cearta gaisce Oirdheisceart Uladh le baint

| Padraig O Tiarnaigh | ,

Tabharfaidh Ard Mhacha aghaidh ar an Dúin i gCraobhchomórtas Chúige Uladh inniu.

Beidh na mílte le tarraingt ar Chluain Eois tráthnóna inniu. Ní gnáthchluiche leathcheannais é seo. Beidh lucht tacaíochta an Dúin agus Ard Mhacha ag dul síos an bóthar lán dóchais, ach fios maith acu go bhfuil cuid mhór i mbaol.

Samhlaítear go minic go mbíonn príomhchoimhlintí Ard Mhacha le fir Thír Eoghain, agus cé gur féidir sin a mhaíomh ag amharc ar an 20 bliain atá caite, is coimhlint í sin a tháinig chun cinn tráth a mbíodh an dá chontae ag teacht le chéile bliain i ndiaidh bliana sna luath 2000idí agus Corn Sham Mhig Uidhir ag athrú láimhe trasna na hAbhann Móire sna blianta cinniúnacha sin.

Thrácht mé ar an choimhlint peile áirithe sin ar na leathanaigh seo le déanaí agus cé gur dhéine í mar choimhlint, déarfadh aon duine ó Ard Mhacha leat go bhfuil an cogadh síoraí spóirt seo le bunadh an Dúin níos gaire den scornach arís, agus bhí i gcónaí.

In aon mhórbhaile atá roinnte agus scoilte thar dhá chontae, tiocfaidh an comórtas agus an bród, an grá agus an díomá, uilig le chéile tríd an spórt. Sin mar atá Iúr Cinn Trá. Agus níl aon teorainn nó taobh traidisiúnta ann. Tá Páirc Esler, páirc bhaile an Dúin, go hoifigiúil in Ard Mhacha. Tógann an dream oráiste seilbh fosta ar otharlann an bhaile, Cnoc na Nóiníní, áit ar rugadh go leor de bhunadh an Dúin. Bhí athainmniú na Comhairle áitiúla conspóideach go fiú, nuair a fágadh aon tagairt d’Ard Mhacha agus dáilcheantar gCuillinn ar lár, cé go bhfreastalaíonn an Chomhairle ar Dheisceart Ard Mhacha trí chéile fosta.

Ach bíonn an tsíocháin maith agus sibhialta. Is ar scáth a chéile a mhaireann an dá chontae, idir cairde, clann agus comharsana. Cónaíonn bunadh Ard Mhacha ar thaobh an Dúin, agus a mhalairt. Tagann daltaí scoile thar theorainn le freastal ar réimse meánscoileanna ar an bhaile. Roinntear táblaí dinnéir, foirne spóirt scoile, tithe tábhairne, cumainn sacair agus go leor eile, agus ní nochtar an naimhdeas cairdiúil idirchontae. Ach nuair a thagann an dá chontae le chéile i gcraobhchomórtas Uladh, bíonn athrú poirt ann. Mothaítear san aer é. Néaróga beaga dofheicthe. Mianta móra neamhráite. Osclaítear na héasclínte peile.

Le beagnach caoga bliain mhair muintir Ard Mhacha faoi scáth an Dúin i saol na peile. “Cúig”, a scairtfeadh daoine ort i gclós na scoile, lámh amach in airde acu os do comhair, agus gach méar agus ordóg sínte i dtreo na spéire, ag cur i gcuimhne duit go raibh Sam tugtha abhaile acu cúig huaire: an maíomh mórtasach sin a ghoill go mór ar a gcuid comharsan le fada an lá. Ar ndóigh tá dúchas maorga peile agus oidhreacht mhór acu sna craobhchomórtais agus ba iad an chéad fhoireann ó na Sé Chontae a thug Corn Mhig Uidhir ar ais thar teorainn in 1960.

Bhí cultúr fada i dteach s’againne dul chuig na cluichí peile. Lean m’athair Ard Mhacha go dílis gan staonadh i gcónaí. Insíonn sé go minic scéalta faoi bhriseadh croí 1977 agus na tréimhsí ísle agus arda ó shin. Chuaigh muid leis ar fud na tíre leis gach samhradh ar oilithreacht spóirt.

An chéad chluiche a bhfuil cuimhne mhaith agam air ná cluiche ceannais Uladh in 1999, an lá cinniúnach sin nuair a casadh an taoide sa scéal seo agus tháinig Ard Mhacha i réim. Cuireadh deireadh an lá úd le ré órga eile do Chontae an Dúin, a thug leo dhá Chorn Uile-Éireann sna 1990idí (1991 agus 1994). Ní bhfuair muid an lá sin ach an ruball d’iontais Mickey Linden agus James ‘Beag’ McCartan, ach fuair muid an chéad splanc mar is ceart den mhéid a bhí le teacht ó fhoireann órga óg Ard Mhacha.

Thug Oisín McConville 2-7 leis an tráthnóna céanna faoi ghrian Chluain Eois, agus bíonn daoine ag caint i gcónaí ar thaispeántas Diarmuid Marsden an lá céanna. Chuaigh cuid mhaith de ‘rang 1999’ ar aghaidh lena gcéad Sam a thabhairt abhaile leo 3 bliana i ndiaidh sin.

Tá nuachtáin na seachtaine seo lán de cholúin den chineál seo, go háirithe i gCúige Uladh, lán de chuimhní cinn ar chogadh seo na gcomharsan atá chomh corrach, teasaí le cuid mhaith de na coimhlintí móra sacair thall, a bhfuil dúshraith iontach áitiúil, agus cairdiúil, ann.

Níor cheart go ndéanfadh saighdiúirí Ard Mhacha talamh slán de dhúshlán seo an Dúin. Bhí seachtain mhór acu go dtí seo. Fuair siad an lámh in uachtar ar na Conallaigh ar an Iúr agus bhain siad Cluiche Ceannais Uladh faoi-20 i gcoinne Dhoire oíche Dé Céadaoin. Tá fuinneamh úrnua faoin chontae agus Conor Laverty i gceannas ar chúrsaí. D’éirigh leis baicle láidir ó ghaiscígh Chill Chua a mhealladh ar ais chuig an fhoireann idirchontae. Má tá aithne ar bith againn ar an Dún, bíonn siad contúirteach agus muinín acu.

Tá Ard Mhacha, áfach, ag téamh go maith sa Chraobh i ndiaidh dóibh stádas Roinn 1 sa tsraith a chailleadh, agus ba cheart – a scríobhaim go cúramach – go mbeadh go leor acu i ndiaidh 70+ bomaite le dúshlán an Dúin a shárú. Tá foireann seo Ard Mhacha píosa níos faide ar an bhóthar, agus iad ag imirt ag leibhéal níos airde le tamall maith de bhlianta. Má éiríonn leis an Dún cúl a fháil agus fuinneamh a thógáil, áfach, tá gach seans go bhfeicfidh muid ceann de choimhlintí peile na bliana agus cuirfear imreoirí Kieran McGeeney faoi scrúdú ceart.

‘Níl ann ach cluiche peile’, a déarfaidh siad linn. ‘Tá tú ag déanamh cnocán de chnapán’, a bheas léitheoirí NÓS a rá leo féin faoin am seo. Ní bheidh aon duine ón dá chontae ag aontú leat, agus tiocfaidh an t-am sa chluiche nuair a fhágfar an cairdeas áitiúil ar leataobh, nuair a bheas an cluiche idir dhá cheann na meá, cearta gaisce na bliana le baint, agus beidh an colúnaí seo ag guí go ndéanfaidh fir Ard Mhacha a sean-namhaid béal dorais a chloí.

Níos mó