Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
An Chaint
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
An Coimisinéir Teanga
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
An Chaint
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
An Coimisinéir Teanga
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
an-bhfuilimid-inar-n-aonar?-re-nua-tagtha-i-reimse-na-n-ufonna

An bhfuilimid inár n-aonar? Ré nua tagtha i réimse na n-úfónna

| tomai o conghaile | ,

Fonóid, magadh, stiogma, geis, amhras.

Sin iad na freagairtí is coitianta a tugadh ar cheist na n-úfónna agus na n-eachtrán sna meáin agus sa phobal i gcoitinne i gcaitheamh na mblianta, ach is cosúil go bhfuil athrú ag teacht ar an ghnáth-aiseolas sin, a bhuí le scéal nua ó na Stáit Aontaithe.

I dtús na seachtaine seo rinne David Grusch – oifigeach faisnéise a d’fhág rialtas SAM i mí Aibreáin i ndiaidh dó 14 bliana a chaitheamh sa Roinn Cosanta – rinne sé agallamh leis na suíomhanna nuachta The Debrief agus NewsNation inar mhaígh sé go raibh “spásárthaí neamhdhaonna” á mbailiú ag na Stáit Aontaithe leis na scórtha blianta agus go raibh an t-eolas ríthábhachtach sin á choinneáil faoi cheilt go mídhleathach ó pholaiteoirí agus ó phobal na tíre.

Bhí Grusch i gceannas ar fhiosrúchán inmheánach de chuid na Roinne Cosanta ar UAPanna (giorrúchán a sheasann do ‘Feiniméin Aimhrialta Gan Aithint’ agus téarma atá ag teacht i dtreis in ionad ‘úfónna’ le tamall) agus dar leis go bhfuair sé amach go bhfuil spáslonga “de bhunús andúchasach” faighte ag údaráis SAM agus ag na conraitheoirí príobháideacha míleata a oibríonn dóibh mar chuid dá gcláir rúnda um aisghabháil UAPanna.

Luaigh sé fosta go raibh na spásárthaí á mbailiú le go mbeadh eolaithe in ann “ais-innealtóireacht” a dhéanamh ar an teicneolaíocht iontu agus, ó am go chéile, gur thángthas ar chorpáin phíolótaí na long go fiú, is é sin le rá coirp eachtrán.

Maíomh mór gan amhras, agus maíomh a mbeadh oll-impleachtaí stairiúla aige don chine daonna, dá gcruthófaí é.

Ní hé seo an chéad uair a cuireadh i leith údaráis SAM go raibh spáslonga ó shibhialtachtaí neamhdhaonna nó ó phláinéid eile ina seilbh acu ar ndóigh.

Is liosta le háireamh iad na hiar-oifigigh rialtais, na spásairí agus na polaiteoirí a thagair don fheiniméan anaithnid sna spéartha agus do chláir rúnda Washington ó bhí na 1950idí ann, an tréimhse inar tháinig borradh faoi líon na radharc ar úfónna agus ina bhfuair an coincheap greim ar shamhlaíocht an phobail mhóir.

An difear is mó an uair seo áfach ná gur thug Grusch cuntas mionsonraithe uaidh faoi mhionn os comhair Chomhdháil na Stát Aontaithe anuraidh, cuntas ina ndearna sé cur síos cuimsitheach ar an eolas a d’aimsigh sé faoi na hUAPanna agus rud a fhágann gur féidir é a chúiseamh anois má fhaightear amach gur bréaga atá á n-insint aige.

Ba é breithiúnas bhaill na Comhdhála go raibh scéal an sceithire ardleibhéil “inchreidte agus práinneach” agus gur chóir don rialtas an cás a fhiosrú mar is ceart, rud atá sé i gceist acu a dhéanamh anois de réir fógra a rinne na reachtóirí thall cúpla lá ó shin.

Rud eile as an ghnáth sa scéal, i gcomparáid le cásanna den chineál céanna a bhí ann roimhe seo, ná go bhfuil roinnt oifigeach a bhfuil ardmheas orthu – an t-iar-Choirnéal airm Karl Nell, agus iar-Phríomh-Eolaí Spásfhórsa SAM Jim Shell, cuir i gcás – i ndiaidh a rá gur fear iontaofa é Grusch, gurb í an fhírinne atá á rá aige agus go bhfuil sé thar am ag Washington trédhearcacht a léiriú i leith na ceiste.

Ina theannta sin, tá an nuacht ag teacht sna sála ar chruinniú poiblí a d’eagraigh NASA faoi UAPanna i mí na Bealtaine agus ar shraith tuarascálacha a d’fhoilsigh seirbhísí cosanta agus faisnéise SAM ar an ábhar céanna le cúpla bliain anuas.

Mar a bheifeá ag súil leis, tá maíomhanna Grusch á gcíoradh go cíocrach ag úfó-eolaithe ar fud an Domhain agus tá tuairimíocht áirithe ann anois go bhfuil rialtas SAM ag réiteach le heolas suntasach a nochtadh faoi na spásárthaí faoi dheireadh thiar thall.

Mar sin féin, cé go bhfuil gnéithe ann den scéal nach bhfacthas riamh cheana i réimse na n-úfónna – ardleibhéal údaráis an oifigigh, a chuntas tugtha uaidh faoi mhóid agus an tacaíocht atá faighte aige ó oifigigh aitheanta eile – tá cuid mhór buncheisteanna fós gan freagairt.

Níl fianaise nithiúil ar bith curtha ar fáil ag Grusch chun tacú lena mhaíomhanna. Ní fhaca sé féin na spáslonga, níor leag sé lámh ar aon cheann acu agus ní raibh sé páirteach sna hoibríochtaí éagsúla inar bailíodh na hárthaí. Is ar chomhráite leis na daoine a raibh baint dhíreach acu leis na hUAPanna atá a chuid eolais bunaithe, deir sé, agus tá cosc airsean aon sonraí breise a thabhairt faoi na daoine sin.

Níl a chuntas ag teacht leis an ráiteas is déanaí ó AARO (‘An Oifig um Réiteach Aimhrialtachtaí i nGach Réimse’) ach oiread, sin é an ghníomhaireacht nua a bhunaigh an Pentagon anuraidh chun UAPanna agus feiniméin eile sa spéir a fhiosrú.

I mí Aibreáin luaigh stiúrthóir na hoifige sin, an fisiceoir Sean Kirkpatrick, nach raibh aon fhianaise dhaingean acu go fóill ar “spáslonga eachtardhomhanda a théann in aghaidh rialacha na heolaíochta mar is eol dúinn iad”.

Ní haon ionadh é sin áfach, dar le tráchtairí áirithe, mar nach bhfuil an t-imréiteach slándála cuí ag AARO le go mbeadh rochtain ag a bhaill foirne ar an chineál sin eolais: ‘Teideal 10’ an leibhéal imréitigh atá ag AARO ach is faoi ‘Teideal 50’ a choinnítear na mionsonraí rúnaicmithe, deir siad.

Tá go leor bearnaí fianaise go fóill le líonadh mar sin go dtí gur féidir a rá cé acu atá nó nach bhfuil téagar ar bith i gcuntas Grusch, agus táthar ag súil leis anois go mbeidh an fiosrúchán nua atá beartaithe ag Teach na nIonadaithe in Washington in ann teacht ar an fhírinne, nó ar a thuilleadh mionsonraithe ar a laghad.

Beidh le feiceáil cén toradh a bheidh ar an iniúchadh sin, nó cé chomh huileghabhálach a bheidh sé ar deireadh, ach is cinnte go bhfuil teacht chun tosaigh Grusch ar na forbairtí is mó i réimse na húfó-eolaíochta le fada, agus go bhfuil athrú cinniúnach ag teacht ar an dóigh a bhfuiltear ag plé leis an ábhar trí chéile.

Tá na húfónna i ndiaidh eitilt amach ó na fóraim idirlín ar an imeall agus isteach i leathanaigh nuachta na mórmheán, ó ábhar fonóide go hábhar fiosrúcháin, ó shaol an fhicsin eolaíochta go saol na heolaíochta – is í an cheist anois an mbeidh siad in ann eitilt níos faide ná sin arís.

Neosfaidh na spéartha.

Níos mó