An Tionól Dearg
An tseachtain seo caite bhí dhá phlé painéil ag An Dream Dearg i gColáiste Mhuire i mBéal Feirste mar chuid d’Fhéile an Phobail.
Bhí sé mar aidhm ag an bpainéal comóradh 25 bliain Chomhaontú Aoine an Chéasta a phlé agus an tionchar dearfach agus diúltach a bhí aige ar an nGaeilge sa Tuaisceart.
Ar an gcéad phainéal den lá, a raibh an t-iriseoir Robert McMillen ina chathaoirleach air, labhair Brónagh Fusco ar í fhéin ag fás aníos mar chainteoir Gaeilge roimh Chomhaontú Aoine an Chéasta agus ina dhiaidh. Phléigh Ciarán Mac Giolla Bhéin an obair a rinne gníomhaithe áitiúla ar leibhéal na talún ag an am don Ghaeilge. Labhair Gerry Adams faoina thréimhse mar pholaiteoir agus an obair a rinne sé leis an Chomhaontú Aoine an Chéasta a chuir i bhfeidhm agus labhair Máirín Ní Ghadhra faoina tréimhse le Raidió na Gaeltachta agus faoin obair a rinne sí ag clúdach an scéil.
D’fhreastail Meon Eile ar an gcéad phainéal agus labhair siad le Máirín agus Robert.
Tá tuilleadh eolas the fáil anseo.