Céim amháin atá fágtha i gceapachán an Choimisinéara Teanga nua agus moladh rite sa Dáil go nglacfaí le hainmniúchán Shéamais Uí Choncheanainn.
An tAire Stáit Dara Calleary a rinne an moladh thar ceann an Rialtais i Seomra na Dála inné agus glacadh leis gan díospóireacht.
Glacadh leis an gceapachán sa Seanad an mhí seo caite, rud a fhágann nach bhfuil le déanamh anois ach an moladh a chur faoi bhráid Uachtarán na hÉireann chun go gceapfaí go hoifigiúil Séamas Ó Concheanainn.
Níor deineadh aon tagairt sa Dáil de cén uair a chuirfí ceapachán Uí Choncheanainn os comhair an Uachtaráin.
Tá an stát d’uireasa aon Choimisinéir Teanga ó mhí Feabhra nuair a d’éirigh an t-iarchoimisinéir Rónán Ó Domhnaill as a phost le dul ag obair le Coimisiún na Meán.
I mí Iúil fógraíodh gurb é Séamas Ó Concheanainn a bhí molta ag an Rialtas le ceapadh mar an chéad choimisinéir teanga eile.
Is as an Spidéal i gCo. na Gaillimhe ó dhúchas é Ó Concheanainn.
Is ag obair mar Stiúrthóir in Oifig an Choimisinéara Teanga atá Séamas ó fhómhar na bliana 2020 agus chaith sé blianta fada roimhe sin i gceannas ar Ionad Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i gCarna.
Moladh Ó Concheanainn do ról an Choimisinéara i ndiaidh don tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí comórtas a rith.