Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
An Chaint
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
An Coimisinéir Teanga
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
An Chaint
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
An Coimisinéir Teanga
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
‘the-great-udaras-cover-up’-–-40-bliain-on-diospoireacht-dala-is-tromchuisi-agus-is-aisti-faoin-ngaeltacht

‘The great Údarás cover-up’ – 40 bliain ón díospóireacht Dála is tromchúisí agus is aistí faoin nGaeltacht

| Padraic O Ciardha | ,

Cothrom an lae seo 40 bliain ó shin a tharla ceann de na díospóireachtaí Dála is iontaí, is aistí agus is tromchúisí riamh faoi chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.

Ar an 17 Samhain 1983, rinneadh tagairtí sa Dáil do chomhcheilg, stailc ocrais, cúléisteacht teileafóin, iasachtaí neamhrialta, deachtóireacht agus fiosrúcháin de chuid an ‘Fraud Squad’, nó scuad calaoise na nGardaí, le linn díospóireachta ar chonspóid mhór a bhain le hÚdarás na Gaeltachta agus iasacht £170,000.

Faoin am ar tháinig deireadh leis an scéal, bhí ruaig curtha ar phríomhfheidhmeannach an Údaráis, bata agus bóthar tugtha ag Aire na Gaeltachta do chathaoirleach an bhoird agus beirt chomhaltaí eile agus lorg tromchúiseach fágtha ar shaol daoine áirithe a bhí ceangailte leis an gconspóid.

D’eascair an scéal ó iasacht £170,000 a rinne an chuideachta Cairpéid GT Teo, cliant de chuid an Údaráis ar an mBun Beag i nDún na nGall a bhí stoptha ag trádáil, le cliantchomhlacht eile de chuid an Údaráis, CPR Teo ar an gCeathrú Rua a bhí i mbaol dul as gnó.

Ní raibh sé de chumhacht ag an Údarás iasacht a thabhairt chun teacht i gcabhair ar CPR, ach tuairiscíodh go raibh beirt fhear gnó ó Thuaisceart Éireann sásta iasacht a thabhairt ach nach bhféadfaí an iasacht sin a chur isteach díreach i gcuntas CPR.

Tugadh an iasacht i mí Eanáir 1982 agus aisíocadh í le Cairpéid GT i Meitheamh na bliana sin, ach cé gur luaigh príomhfheidhmeannach an Údaráis ag an am, Frank Flynn, an socrú le cathaoirleach an bhoird, Micheál Ó Máille, níor cuireadh comhaltaí eile an bhoird ar an eolas maidir leis an iasacht go dtí mí Iúil 1983.

Thosaigh Aire na Gaeltachta, Paddy O’Toole ó Fhine Gael, ag fiosrú faoin iasacht i 1982 ach ní raibh Frank Flynn sásta ainmneacha na bhfear gnó a thabhairt dó. Dúradh gur Aontachtaithe a bhí iontu agus go mbeadh siad i mbaol dá sceithfí a n-ainmneacha.

Agus an raic ag dul in olcas agus an scéal á thuairisciú ar fud na meán, chuir an tAire brú ar bhord an Údaráis fáil réidh le Flynn mar phríomhfheidhmeannach ach nuair a dhiúltaigh siad sin a dhéanamh, fuair O’Toole réidh le triúr den seisear comhaltaí ar cheapacháin aire iad, an cathaoirleach Micheál Ó Máille, Maitiú Ó Néill agus Máire Mhic Niallais.

An lá tar éis dó deireadh a chur le seal na gcomhaltaí ar an bord, rinne an tAire O’Toole ráiteas sa Dáil maidir leis an gcor is déanaí sa scéal.

B’in tús curtha aige le ceann de na díospóireachtaí is aite agus is teasaí a rinneadh riamh faoin nGaeltacht i dTeach Laighean.

Dúirt an tAire nach raibh aon airgead caillte ag an bpointe sin ag an Údarás ná ag Cairpéid GT, ach go raibh feidhm bainte as fochuideachta de chuid an Údaráis “le haghaidh iasachta nach bhféadfadh an tÚdarás féin a thabhairt agus —d’fhéadfadh airgead poiblí a bheith curtha i mbaol.”

Dúirt sé go raibh líomhaintí caimiléireachta curtha i leith an Údaráis ag creidiúnaí de chuid Cairpéid GT agus go bhféadfadh an Stát a bheith i mbaol.

Luaigh sé freisin litir “an-aisteach” a bhí faighte aige féin ó phríomhfheidhmeannach an Údaráis inar cuireadh ina leith “go raibh lámh agam féin agus ag daoine eile in iarracht eagraithe chun bonn a bhaint ón Údarás agus ó phost an phríomhfheidhmeannaigh”, rud a shéan an tAire.

Dúirt sé freisin go ndúirt Frank Flynn sa litir go dtabharfadh sé faoi “agóid ocrais” mura gcuirfí fiosrúchán cothrom neamhspleách ar bun.

Dúirt an tAire gur léirigh an méid a bhí ráite aige nach raibh príomhfheidhmeannach an Údaráis “ag feidhmiú mar ba chóir d’aon phríomhfheidhmeannach in aon chomhlacht Stáit” agus gur ar chomhaltaí an Údaráis a bhí an dualgas an scéal sin “a leigheas”.

Thagair sé do na cruinnithe a bhí aige le comhaltaí an Údaráis.

““D’iarr mé orthu breithniú cúramach a dhéanamh ar na fadhbanna práinneacha a bhí le réiteach agus a gcinneadh faoin ngníomh cuí a chur in iúl dom. Nuair nár léir dom go raibh dul chun cinn á dhéanamh d’iarr mé ar an seisear comhaltaí arna gceapadh ag an Aire bualadh liom…Dúirt mé leis na comhaltaí go raibh cúrsaí an Údaráis ag cur as dom agus gur léir nárbh é leas an Údaráis ná leas na Gaeltachta go leanfadh na cúrsaí sin ar aghaidh mar a bhí siad.

“Mhínigh mé dóibh nach bhféadfainnse glacadh leis go raibh an príomhfheidhmeannach ag feidhmiú mar ba chóir, gur ar na comhaltaí a bhí an dualgas an gníomh ba ghá a dhéanamh agus, mar chabhair chun mo chuid dualgas féin a chomhlíonadh, go mbeinnse ag súil le tacaíocht, go háirithe ó na comhaltaí a bhí ceaptha ag an Aire. Phléamar an scéal ar feadh tamaill mhaith agus d’iarr mé orthu a ndearcadh a chur in iúl dom roimh lón inné.

“Faoi mar a tharla, is oth liom go raibh triúr de na comhaltaí nach bhféadfainnse glacadh leis an dearcadh a bhí acu agus, sna cúinsí uile, ní raibh dul as agam ach iad a chur as oifig. Ag an am céanna ba mhaith liom a rá go bhfuilim buíoch díobh as ucht a saothair ar mhaithe leis an Údarás.”

Cháin Teachtaí Dála an fhreasúra go láidir cinneadh an Aire fáil réidh leis an triúr comhaltaí.

“Tá sé le feiceáil againn le cúpla lá cén chiall atá ag an Aire nuair atá sé ag caint faoi dhaonlathas. Tá sé ag caint faoi dheachtóireacht, deachtóireacht den scoth, [an cineál] is measa a thiocfadh le duine ar bith caint a dhéanamh air. Nuair nach bhfuil sé sásta le céard atá ar siúl ag na baill ar an Údarás, nuair nach bhfuil seisean sásta, níl tada le déanamh ach an bhróg a thabhairt dóibh,” a dúirt an Teachta Dála Denis Gallagher ó Fhianna Fáil agus é den tuairim nach raibh tada mícheart déanta ag na comhaltaí.

Dhírigh Gallagher go háirithe ar Mháire Mhic Niallais, an chéad bhean a ceapadh ar bhord stáit riamh, dar leis.

“Tá go leor cainte i láthair na huaire faoi chearta mná. Chuir sinne bean ar bhord an Údaráis, duine de na chéad mhná a cuireadh ar bhord Stáit ar bith — sílim an chéad uair ar cuireadh bean ar Bhord Stáit ar bith. Cé hiad na cearta a fuair sí ón Aire; bean mhacánta; bean a bhfuil an-obair déanta aice ina Gaeltacht féin; bean í a dtiocfadh le comhluadar ar bith a bheith bródúil aisti.

Tá sé le feiceáil ina clann féin, san mhuirín atá tógtha aici, agus is náireach an rud é go gcaithfidh sí inniu agus go gcaithfidh na baill eile a fuair an bhróg ón Aire seo, go daonlathach mar a deir sé féin, go gcaithfidh siad an scannal seo atá tugtha, an náire atá tarraingthe orthu a sheasamh os comhair, ní hé amháin a muintir féin, ní hé amháin os comhair mhuintir na Gaeltachta ach os comhair na tíre ar fad. Agus nílimid ag cur suas leis anseo.”

Dúirt sé go raibh dochar mór déanta ag an scéal do chlú an Údaráis agus do mhuintir na Gaeltachta trí chéile.

“Céard iad na ceisteanna atá á gcur ag pobal na tíre agus ag muintir Bhaile Átha Cliath agus daoine ar fud na tíre i ngeall ar an rud seo go léir? Tá a fhios againn céard iad: Cén mhaith atá san Údarás? An bhfuil gadaíocht ar siúl? An bhfuil airgead an Údaráis á chaitheamh go fánach? An bhfuil baill an Údaráis ag cuidiú leo? Na daoine atá ag obair don Údarás, an gadaithe iad go léir? Sin iad na ceisteanna atá á gcur i láthair na huaire.

“Tá a fhios againn uilig cén dochar atá sé sin a dhéanamh agus céard a tharlós dá bharr. Má tá lucht bainc, tionsclaithe a bhfuil fonn orthu bunú sa Ghaeltacht, nó fonn orthu tionscal a chur ar bun sa Ghaeltacht, tá mé cinnte de go gcoinneoidh siad glan air de bharr na drochphoiblíochta atá tugtha don Údarás agus do bhaill an Údaráis agus don phríomhfheidhmeannach le dhá bhliain anuas.”

Dúirt Proinsias de Rossa, Teachta Dála de chuid Pháirtí na nOibrithe, go raibh an tÚdarás agus muintir na Gaeltachta úsáidte mar “political football” agus go raibh gá le fiosrúchán poiblí “ó bhonn” faoi obair an Údarái.

“Allegations have been made of phone tapping, of irregular loans, exorbitant prices being paid for land, of huge land banks being built up for which there is absolutely no need and of factories being built or having been built when large numbers of factories were lying idle.

“The Fraud Squad have been asked to investigate certain companies under the auspices of Údarás and I understand that the report is with the DPP in relation to those investigations.

“It is fairly clear that the problems the Minister is speaking about are only the tip of the iceberg in relation to Údarás,” a dúirt de Rossa.

Tráthúil go leor, dúirt de Rossa gur cheap sé gur chóir gur tofa [seachas ceaptha ag an Aire] a bheadh baill uile bhord an Údaráis agus gur cheart go mbeadh ról ag an eagraíocht freisin i gcúrsaí pleanála sa Ghaeltacht, dhá chéist atá i mbéal an phobail sa lá atá inniu ann.

Ba é an Teachta Dála ón Daingean, Micheál Ó Beaglaoich, Fine Gael, a thug ceann de na píosaí cainte ba lasánta le linn na díospóireachta agus cáineadh láidir á dhéanamh aige ar líomhaintí ina choinne a bhí déanta ag an Teachta Dála Bobby Molloy, teachta i nGaillimh Thiar.

Chuir sé i leith Frank Flynn go raibh bugáil [cúléisteacht gan chead] déanta aige ar chomhrá teileafóin iriseora de chuid an Sunday Independent agus cúntóir de chuid Aire na Gaeltachta a bhí ag labhairt leis ar an teileafón in Óstán na Ceathrún Rua.

“The illegal bugging by Mr. Flynn of Mr. John Devine’s telephone conversation with a Government official was described by Deputy Molloy as “overheard in conversation”, a dúirt Ó Beaglaoich.

“I suppose we should not expect too much from a political party who specialize in bugging and electronic surveillance.”

Dúirt Ó Beaglaoich nach raibh i Molloy ach “the latest recruit to the great Údarás cover-up campaign”.

Níor shíl Ó Beaglaoich mórán den scéal gur ó fhir ghnó ón Tuaisceart a tháinig an t-airgead don iasacht ach an oiread.

“We have heard on radio and television that two Unionists from the North supplied the money and it is claimed that if their names were disclosed they would be shot. That must be the greatest cock and bull story ever told. The next thing we will be told is that Adam wore pampers in the Garden of Eden.”

Ina ainneoin sin, bhí Ó Beaglaoich sásta labhairt faoi chor “an-tromchúiseach agus mailíseach” a bhí tar éis eascairt as conspóid an Údaráis.

“I have been a Member of this House for many years and have been involved in many debates but never before have I been subjected personally to threats to my safety. My home in Dublin has been broken into and gardaí from Pearse Street have visited me. I have been subjected to personal abuse on an unprecedented scale. I have been told by a Deputy in this House that I have to watch myself, that people have been employed to take care of me.”

“There is a contract out on the Deputy,” an freagra a thug an Teachta Dáala Pádraig Flynn ó Fhianna Fail ar mhaíomh Uí Bheaglaoich. “Fairy tales from south Kerry,” a dúirt Bobby Molloy.

Níor éirigh Ó Beaglaoich as a cháineadh ar an Údarás, áfach, agus é ag maíomh go raibh na céadta mílte curtha amú.

“It is ridiculous that as part of the Údarás saga £150,000 should have been paid for ten acres of land in Cork. It is ridiculous that £63,000 was paid for 20 acres of bogland in Kerry.

“It is ridiculous that a substantial grant could be given for a coffin factory in Dungloe [An Clochán Liath] and it has not produced one coffin yet. They may make a coffin for me before I am finished. It is ridiculous that £200,000 has been put aside for a hurley factory in Galway, for which another grant is on the way.”

“The Minister was quite right when he fired the three members of the Údarás…Three times he asked them where the £170,000 came from; three times they laughed and scoffed at him and completely ignored him.”

Cháin Pádraig Flynn an cinneadh fáil réidh leis na comhaltaí, áfach, agus dúirt sé go raibh fasach á bhunú ag an Aire agus go mbeadh ar aon chomhalta a cheap aire rialtais ar bhord stáit treoir an aire a leanúint nó go dtabharfaí bata agus bóthar dóibh.

“What we will have is Government by diktat and that is only one step away from Government by dictatorship,” a dúirt Flynn.

Bhí beirt Teachtaí eile Máire Geoghegan-Quinn a bhí ina haire Gaeltachta roimhe sin agus Dinny McGinley, a bheadh ina aire stáit Gaeltachta lá níos faide anonn, ina measc siúd a thug a dtuairim faoin scéal le linn na díospóireachta. Bhí Enda Kenny, a bhí ina Thaoiseach ina dhiaidh sin, ar dhuine de na daoine a labhair chomh maith.

Cheap Aire na Gaeltachta státseirbhísigh ina gcomhaltaí ar bhord an Údaráis chun teacht in áit an triúr a bhfuair sé réidh leo. Reáchtáladh cruinniú de chuid an bhoird go gairid i ndiaidh na díospóireachta sa Dáil ach theip ar an iarracht fáil réidh le príomhfheidhmeannach an Údaráis nuair a thug comhaltaí a bhí ar a shon faoi bhac fadchainte. Fuarthas réidh le Frank Flynn an tseachtain dár gcionn, áfach, tar éis cruinniú a mhair 13 uair an chloig.

Thug Flynn an tÚdarás chun cúirte an bhliain dár gcionn ag áitiú go ndearnadh dífhostú neamhchóir air. Socraíodh an cás lasmuigh den chúirt ach níor tuairiscíodh na sonraí.

Níor cúisíodh aon duine riamh mar thoradh ar fhiosrúchán na nGardaí faoin Údarás ach rinne an eachtra go leor dochair don eagraíocht, don Ghaeltacht agus do dhaoine a bhí sáite sa chonspóid.

Is beag tairbhe a bhain leis an scéal uile, fiú do CPR Teo, a d’imigh as gnó cúpla mí tar éis dóibh an iasacht a tharraing an chaint go léir a fháil.

Níos mó