Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
An Chaint
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
An Coimisinéir Teanga
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
An Chaint
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
An Coimisinéir Teanga
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
16-smaoineamh-do-bhronntanas-nollag-do-na-gaeil-i-do-shaol…

16 smaoineamh do bhronntanas Nollag do na Gaeil i do shaol…

| tuairisc | , ,

An Braon Gaelach

Is ar éigean go bhfuil tú in ann cos a leagan sa Ghaeltacht na laethanta seo gan siúl isteach i ndrioglann, ach is mór an fháilte a chuirfí roimh bhuidéal d’aon cheann de na biotáillí atá anois á ndéanamh ar chósta an iarthair, ó Dhrioglann Cléire agus Drioglann Dhaingean Uí Chúis ó dheas, go dhrioglanna Acla agus Loch Measc i Maigh Eo nó ó dhrioglanna Shliabh Liag agus Chroithlí i nDún na nGall níos faide ó thuaidh.

Tá fuisce agus jin á ndriogadh ag Baoileach i gCarraig Airt agus ag Micil i nGaillimh, ach tá an poitín á dhéanamh go dleathach acu chomh maith agus gradam óir buaite ag Micil Heritage Poitín ag na World Drinks Awards anuraidh.

Más sa tóir ar bheoir atá tú, tá 9 Fia Bán i Múscraí, Grúdlann McGIll in Uíbh Ráthach nó an Connemara Brewing Company ansin chun tú a shásamh.


Cardigan Caorach as Árainn

Cairdeagain agus geansaithe gleoite olla lámhdhéanta ar Oileáin Árann. Coinneoidh an olann Merino páistí te teolaí le linn an gheimhridh ar fad agus tá an-seasamh sa snáth breá olla seo. Is breá linn an cardigan seo leis na pócaí caorach! Praghas: €57.00 ar fáil anseo.


Cúrsaí Gaeilge

Ráineodh gurb é an bealach is fearr an Ghaeilge a fhoghlaim na laethanta seo ná a bheith roghnaithe i d’aire stáit don Ghaeltacht, ach bíonn spás teoranta ar na haistir teanga sin. Ar ámharaí an tsaoil, tá go leor roghanna eile ann má tá tú ag cuimhneamh ar fhéirín na teanga a bhronnadh an Nollaig seo ar dhuine atá ag rá le fada gur trua leis nach bhfuil níos mó Gaeilge aige, nó fiú ar chainteoir líofa a shíleann tú a bheadh buíoch as seans a fháil snas a chur ar a chuid gramadaí nó scileanna aistriúcháin.

Idir chúrsaí ar líne, chúrsaí sa Ghaeltacht agus cúrsaí i mbailte ar fud na tíre, tá ualach roghanna ann agus dearbháin ar fáil do go leor acu. Tá rogha mhaith ar líne ag leithéidí ranganna.com, Gaelchultúr agus má tá tú ag ceannach do dhuine corrthónach bíonn ardmholadh i gcónaí ag daoine do chúrsaí Oidhreacht Chorca Dhuibhne ó dheas nó cúrsaí Oideas Gael ó thuaidh. Bíonn go leor ranganna ar siúl chomh maith ag Conradh na Gaeilge agus ag Gael Linn.


Scairf ó Ráth Chairn

Tá scairfeanna agus seálta á ndéanamh ar an seandóigh i nGaeltacht Ráth Cairn ag an fhíodóir Anna Ní Dhonnchú. Deir Anna gur bhfaigheann sí a cuid inspioráide do na patrúin atá ar a cuid earraí ó thuamaí Bhrú na Bóinne, an Láthair Oidhreachta Dhomhanda i gContae na Mí.


Síntiús seacláide

Don duine sin ar aoibhinn leis rudaí milse, tá bronntanas deas ar fáil ó Sheacláidí na Sceilge, sin síntiús seacláide.

Gach mí, gheofar rogha de na seacláidí is mó tóir a bhíonn á ndíol ag an gcomhlacht agus b’fhéidir blaiseadh d’earraí nua a bhfuiltear á bhforbairt. Dóibh siúd ar mhaith leo braon dearg leis an tseacláid, is féidir síntiús a fháil a chlúdaíonn an tseacláid agus buidéal fíona ina theannta.

Tá rogha trí mhí, sé mhí nó 12 mí ar fáil agus níl aon chostas seachadta má tá cónaí ort in Éirinn.


Leabhair Ghaeilge

Ní rófhada ó shin é nuair ba i dtaobh le leabhair ‘litríochta’ a bhíodh léitheoirí na Gaeilge den chuid is mó, agus gan dabht ní i gcónaí a bhíodh an tuiscint chéanna againn go léir ar cad ba leabhar ‘litríochta’ ann. Tá athrú ó bhonn tagtha ar chúrsaí le tamall agus borradh faoi fhoilsitheoireacht na Gaeilge in ainneoin easpa maoinithe agus tacaíochta.

Cé nach bhfuil na bearnaí go léir líonta go fóill, tá éagsúlacht iontach anois i bhfoilsitheoireacht na Gaeilge agus féirín beag don uile stoca curtha amach in 2023. Tá gaois agus greann duine de na máistrí ar fáil i gcnuasach scéalta Alan Titley Ag dul i bhfad… (Cló Iar-Chonnacht). Fionntán de Brún a bhuaigh Gradam Uí Shúilleabháin i mbliana do Béal na Péiste (Cló Iar-Chonnacht) a mheallann leis muid  ó chaiféanna Pháras go Beirlín na Naitsithe agus abhaile go Béal Feirste na cogaíochta.

Bhí leagan álainn nua ag Eoghan Mac Giolla Bhríde de An Grá agus an Ghruaim (Éabhlóid) le Seosamh Mac Grianna agus bhí ár léirmheastóir meallta ar fad ag íomhánna, splancacha is cumhacht Solas Geimhridh, an chéad chnuasach filíochta ag Laoighseach Ní Choistealbha.

Éabhlóid a thug dúinn chomh maith Imram agus Scéalta Eile, an chéad chnuasach gearrscéalta le Róise Ní Bhaoil as Rann na Feirste i nGaeltacht Thír Chonaill, saothar a bhuaigh gradam An Post do Leabhar Gaeilge na Bliana.

An té a bhfuil a chroí sa dúlra bainfidh sé lán na súl as Éanlaith Iarthuaisceart Thír Chonaill (LeabhairCOMHAR) le Maitiú Ó Murchú agus an té ar spéis leis an scéinséir coiriúlachta beidh tóir aige ar Sa Pholl Báite (Cló Iar-Chonnacht) le Anna Heussaff.

Lean Leabhar Breac i mbliana leis an obair iontach atá á déanamh acu beocht a chur i seanscéalta na nGael. ‘Is iomaí seoid atá faoi gharda in iarsmalanna na cruinne nach mbuailfeadh leagan nua Dharach Uí Scolaí de scéal Dheirdre agus Chlann Uisnigh,’ a dúirt ár léirmheastóir faoi Deirdre.

Blaiseadh suimiúil den stair agus den stair shóisialta atá i An Tiarna George Hill agus Pobal Ghaoth Dobhair (Cló Iar-Chonnacht) le Cathal Póirtéir agus scéal ríshuimiúil Ghaeltacht Ráth Chairn atá le fáil in An Dá Shaol, cuimhní cinn le Pádraic Mac Donncha.

Cuireadh scata leabhar álainn amach do pháistí i mbliana, ina measc: Inis Mara (LeabhairCOMHAR) le Tristan Rosenstock; An Mactíre Deireanach (Futa Fata) le Patricia Forde; Ríta agus an Díneasár; (An tSnáthaid Mhór) le Maria Zepf ; Púcaí Schmúcaí  (Futa Fata) le Gabriel Rosenstock; Gealach agus Grian (Futa Fata) le Muireann Ní Chíobháin; Teach Teidí le Sadhbh Rosenstock (Picnic Press) agus Croí an Teaghlaigh an Grá (An Gúm), aistrithe ag Shanna Ní Rabhartaigh agus Gillian Nic Ionmhain. 


Coinnle Gaeltachta

Tá coinnle Sliabh Candles déanta as céir shoighe nádúrtha agus iad lámhdhoirte ina mbaisceanna beaga i nGaeltacht Chonamara. Tá nath cainte nó seanfhocal ar chuile choinneall. Is álainn agus is cumhra an bronntanas í coinneall na Gaeilge. Tá siad ar díol ar Etsy. €25


Earraí ‘As Gaeilge’

Tá mugaí, málaí tote agus earraí Gaeilge deartha ag dearthóir grafaice as Béal Feirste. Bhunaigh Rachel Brady an gnó ‘As Gaeilge’ dhá bhliain ó shin nuair a thosaigh sí ag foghlaim na Gaeilge. Dearadh ildaite snasta atá ar na hearraí seo a léiríonn grá an dearthóra don teanga, a deir sí féin. Tá earraí ‘As Gaeilge’ ar díol i siopaí Carrolls agus an comhlacht sa chéad áit i gcomórtas náisiúnta a reáchtáil an siopa aitheanta.


Yoto Player

Clos-seinnteoir do dhaoine óga atá sa Yoto player. Gléas gan scáileán a insíonn scéalta, a sheinneann ceol agus amhráin agus a chraolann cláracha beo do pháistí. Oibríonn an seinnteoir le cártaí. Is féidir le páistí na cártaí a chur isteach agus a tharraingt amach as an seinnteoir iad féin agus a rogha scéal nó amhrán a chur ag gabháil. Tá cártaí réamhdhéanta ar fáil ó lucht Yoto agus tá leabharlann mór fairsing acu de scéalta a mbíonn tóir ag daoine óga orthu, scéalta Roald Dahl, Disney agus scéalta i dteangacha eile ina measc.

Cé nach bhfuil scéalta i nGaeilge ar fáil ar na cártaí réamhdhéanta, is féidir cártaí bána a cheannach agus scéalta Gaeilge agus amhráin Ghaeilge a chur orthu. Molaimid na scéalta i nGaeilge atá ar fáil ag an An Gúm agus an suíomh Mar a déarfá, a chur ar na cártaí do chainteoirí óga Gaeilge. Is iontach an bronntanas é! €109.99


Táirgí áilleachta

Scoth na dtáirgí cúram cnis ón Spidéal i gConamara.

Teiripeoir scéimhe iomlánaíoch agus ealaíontóir smididh í Fiona Coyne a dhéanann táirgí cnis nádúrtha as úsc plandaí agus olaí fuarbhrúite atá galánta agus saor ar fad ó cheimiceáin.

Ceann de na táirgí dá gcuid is mó a bhfuil tóir air is ea Anann ina bhfuil séiream glantacháin ó einsím an anainn. Fágfaidh Anann craiceann aghaidhe atá triomaithe ag síon is saol breá bog.

Ba dheas an féirín i stoca é Balsam Beola C Beauty is cuma cén aois atá an té ar leis an stoca.  Fágfaidh an balsam seo na liopaí mín agus bog. Táirgí orgánacha iad seo ar fad. Glantóir ola Anann: €55 agus balsam béil €7/and €9


Galf sa Ghaeltacht

Tá cuid de na cúrsaí gailf is deise in Éirinn againn sa Ghaeltacht agus ní dhéanfaí dearmad ar thuras chuig aon cheann acu.

Ó dheas, tá Ceann Sibéal ar cheann de na cúrsaí is deise i gCiarraí agus cé go mbíonn neart le déanamh i gcónaí i gCorca Dhuibhne, b’fhiú d’aon duine ar suim leo an galf na maidí a thabhairt leo agus an cúrsa ag deireadh na leithinse a imirt.

Níos faide ó thuaidh, tá galfchúrsa an Chairn, cúpla míle siar ó Bhéal an Mhuirthead, ar cheann de na cúrsaí is iontaí in Éirinn agus dumhcha ollmhóra ar gach taobh díot.

Thug an t-aisteoir cáiliúil Bill Murray, fear a bhfuil dúil mhór aige sa ghalf, cuairt ar an gCarn cúpla bliain ó shin mar chuid de chlár teilifíse agus ba léir go raibh sé an-tógtha leis an áit.

“Ní fhaca mé aon áit cosúil leis seo riamh agus níl mé ag iarraidh imeacht. Nílim ach ag iarraidh fanacht agus an áit seo a imirt chuile lá,” a dúirt sé.

Chuaigh Murray suas go Dún na nGall chomh fada le Machaire Loiscthe chomh maith ar an turas sin in 2021. Tá trí chúrsa ar an láthair anois ach is leis an gceann nua, St Patrick’s, a bhfuiltear ag súil na sluaite a mhealladh. Duine de na dearthóirí is mó clú ar domhan, Tom Doak, a chruthaigh an cúrsa agus ní raibh sé oscailte ach cúpla mí nuair a roghnaigh an iris Golf St Patrick’s mar cheann den 100 cúrsa is fearr ar domhan. D’fhéadfadh an áit a bheith plódaithe le poncánaigh cosúil le Murray faoi cheann cúpla bliain.

Seoidín freisin é Oileán Chruit, cúrsa naoi bpoll atá níos saoire ná na cinn eile ach chuile bhlas chomh deas agus cuid de na radharcanna is áille ar chósta an iarthair ann.


Sliogáin Oisrí na Nollag

Seoda beaga ar chrann Nollag ar bith iad na maisiúcháin áille seo atá déanta as sliogáin oisrí. Tá imeall an tsliogáin lámhphéinteáilte le dúch óir agus tá brat de phéarla glioscarnach sa lár. Tá ribín ag dul leis an sliogán oisre ionas go bhféadfá é a chrochadh ar chrann nó é a bheith agat mar bhosca seodra. Déantar gach sliogán a ghlanadh, a ullmhú, a phéinteáil agus a mhaisiú i stiúideo Oyster Tales i gcathair na Gaillimhe. Tá Gaeilge scríofa ar chuid acu – ‘Oíche Chiúin’ agus ‘Nollaig Shona duit’.


Síntiús d’iris

Tá na hirisí clóite Gaeilge go léir nach mór curtha den saol le tamall de bhlianta anuas agus is mór an trua é. Mar sin féin, is iomaí Gael a bhaineann taitneamh go fóill as cóip d’iris Ghaeilge a fháil sa phost agus í a bhreith leis cois tine, nó ar an dtraein nó go bun an ghairdín lá bog earraigh. Má tá aithne agat ar a leithéid de dhuine, bíodh sé ina Luddach nó a hiopstar, b’fhiú go mór smaoineamh ar shíntiús do Comhar a fháil dó.

Braithfidh tú féin níos fearr mar go mbeidh tú ag tacú leis an iris Ghaeilge chlóite dheireanach a fhaigheann maoiniú stáit, ach ní bronntanas ar son na cúise amháin a bheadh ann. Bíonn neart ábhar spéisiúil, idir aistí, scéalta agus filíocht ar Comhar gach mí agus bíonn cuma álainn uirthi. Tá an iris ábhar spioradálta An Timire ar fáil i gcónaí chomh maith, a bhuíochas cuid mhaith do mhíorúiltí an Athar Frainc Ó Brádaigh. Beatha teanga í a labhairt, saibhriú teanga í a léamh, a deir leathanach síntiúis An Timire, agus cé a d’fhéadfadh easaontú leis an soiscéal sin?


Míreanna Mearaí Gaeilge

Tá míreanna mearaí ildaite adhmaid ar fáil i nGaeilge anois ón chomhlacht Alphabet Jigsaws i gCathair na Mart i gContae Mhaigh Eo.

Tá réimse leathan míreanna mearaí ar fáil a bhaineann leis an saol sa bhaile, an tírdhreach, an aimsir, an nádúr, ainmhithe agus an spás. Ní hamháin go mbeidh spraoi ag an bpáiste leis na míreanna seo ach is mór a chuideoidh siad leis an deaslámhacht, an Ghaeilge agus an loighic a chothú. Cuid de na míreanna seo tá siad in ann seasamh astu féin mar bhréagáin bheaga le tuilleadh spraoi a thabhairt don pháiste. Gheobhaidh tú mála cadáis leis an míreanna seo go léir le hiad a choinneáil i gceann a chéile go deas néata.

Míreanna mearaí Tuar Ceatha €30.00


Bronntanas ó POTA

Tá cáil bainte amach ag POTA Café ó d’oscail sé i mBaile na hAbhann i gConamara in 2021 agus é roghnaithe ar cheann de na cinn is fearr sa tír. Tá béim mhór curtha ag an úinéir Diarmuid Ó Mathúna ar tháirgí áitiúla agus Gaeltachta sna béilí d’ardchaighdeán a chuireann sé ar fáil agus dóibh siúd ar mhaith leo an bia den scoth sin a bhlaiseadh, is féidir dearbhán a fháil ar líne. Dóibh siúd nach bhfuil in ann dul thar an doras, áfach, tá ciseáin bhreátha á ndíol freisin le táirgí a úsáidtear sa chaifé, ceann amháin acu atá lán go béal le hearraí Gaeltachta.


Cuairt ar fheirm oisrí

Iadsan ar mhaith leo a fháil amach cén áit agus conas a fhástar a gcuid bia, faigh turas dóibh ar thuras chuig feirm oisrí. Tá muintir Uí Ghallchóir i mbun feirmeoireachta oisrí ar chósta Leitir Mhic an Bhaird le breis is 25 bliain agus cuireann siad turais ar fáil do dhaoine ar mhaith leo níos mó a fhoghlaim faoin obair agus faoin iasc.

Tugtar cois cladaigh thú chun cuairt a thabhairt ar an bhfeirm oisrí, taispeánfar duit conas oisre a scilleadh agus, níos tábhachtaí fós, gheobhaidh tú deis ceann acu a bhlaiseadh.

Níos mó