Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
An Chaint
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
An Coimisinéir Teanga
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
An Chaint
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
An Coimisinéir Teanga
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
comhairle-carad:-greasan-greamaitheach-an-ghra

Comhairle Carad: Gréasán Greamaitheach an Ghrá

| kathryn ni mhaolain | ,

Deir mo chairde go dtugaim comhairle mhaith, ach gurb é an rud is fearr faoi ná go n-éistim ar dtús, agus nach dtugaim comhairle ach amháin nuair atá sí á hiarraidh orm. Samhlaigh chomh sásta is atá mé, mar sin, colún comhairle a scríobh agus sibh féin ag cur fáilte roimh mo chuid tuairimí.

Tá téama an ghrá ina dhúshlán i saol gach duine, bíodh sin an grá rómánsúil, grá teaghlaigh, grá carad nó eile. Tá go leor den téama sin á phlé againn an tseachtain seo, chomh maith le rud a bhfuil grá mór agam dó fosta – an inbhuanaitheacht agus siopaí carthanachta.

Scríobhaim alt na seachtaine seo ó aerfort Charles de Gaulle, i ndiaidh deireadh seachtaine i gcathair an ghrá, agus cóta álainn ó Oxfam ar mo dhroim – mar sin, tá mé sáite i dtéamaí na seachtaine.

Déan cupán tae, agus léigh an tae…

B, 25
Tá mé buartha go bhfuil mé féin agus mo dheirfiúr (23F) ag dul i ndá threo iomlán éagsúil sa saol agus go n-imreoidh sé sin tionchar ar an gcaidreamh eadrainn! Tá mé féin ag obair i ngnáthphost oifige, ar phá réasúnta íseal, ach ag déanamh obair a thaitníonn liom. Tá mo dheirfiúr théis dul le ceann de na ‘Big 4’ leis an gcuntasaíocht, agus cé nach bhfuil sí ag tuilleadh mórán faoi láthair, tá an chuma ar an scéal go mbeidh sí breá saibhir agus a haird go hiomlán ar chúrsaí airgid.

Braithim uaireanta go mbreathnaíonn sí síos orm mar níl todhchaí chomh galánta romham amach sa ghairm ina bhfuil mé faoi láthair. Braithim nach mbíonn comhráite againn mar a bhí, ní bhíonn muid ag crochadh amach chomh minic céanna nó tada agus nuair a bhíonn an deis againn é sin a dhéanamh, is minic a thagann teannas chun cinn ar chúis amháin nó ar chúis eile. Tuigim go bhfuil sé normálta go leor go dtéann deirfiúracha síos liosta na dtosaíochtaí de réir mar a théann muid in aois, ach ní raibh caidreamh láidir eadrainn riamh go dtí thart ar 2019, nuair a shlánaigh sise 18 agus nuair a d’imigh mé thar lear ar feadh bliana ar Erasmus. Tá ár gcaidreamh ag dul i bhfeabhas ó shin, ag treisiú i rith na paindéime fiú agus muid sáinnithe sa teach céanna lenár dtuistí! Braithim go bhfuilimid ag filleadh ar na seanlaethanta, agus níl mé ag iarraidh é sin. Aon chomhairle agat?

Ar dtús, sílim go bhfuil sé iontach suntasach agus gur léiriú maith ar bhur gcaidreamh é go bhfuil tú buartha faoi seo. Uaireanta ligeann daoine do na caidrimh seo dul i laige le haois gan smaoineamh air – ach i mo bharúil is é an machnamh, agus an gníomh mar gheall air, a láidríonn na caidrimh is tábhachtaí.

Tá sé nádúrtha bogadh i dtreonna difriúla ó do chairde agus ó do shiblíní nuair a thagann deireadh le ré na scoile/na hollscoile. Go dtí tús an tsaoil phroifisiúnta, bíonn an chuma chéanna ar shaol gach duine, a bheag nó a mhór – agus uaireanta bíonn teannas ann nuair a thagann cuma dhifriúil ar ghnáthamh an duine eile. Níl mé ag rá nach bhfuil do chuid mothúchán suntasach nó bailí – tá mé ag rá gur gnáthrud é, agus nach bhfuil tú leat féin sa bhuaireamh seo.

An rud a déarfainn leat sa chás seo ná nach dtiocfaidh “deireadh” leis an dóigh a raibh an caidreamh eadraibh agus é níos láidre, agus nach rachaidh rudaí ar ais díreach mar a bhí eadraibh roimh 2019 – ach bíonn gach caidreamh thuas seal, thíos seal, agus bíonn tuile agus trá ann ag brath ar chúrsaí an tsaoil. Is í do dheirfiúr í, agus beidh sí i do shaol go deo. Beidh bhur gcaidreamh amach anseo níos láidre mar gheall ar an am a chaith sibh sa teach lena chéile, agus fiú mura mbeidh cónaí oraibh lena chéile arís, ní imeoidh an láidreacht sin.

Mo chuid comhairle? Aimsigh caitheamh aimsire a bhfuil dúil ag an bheirt agaibh ann – b’fhéidir rud a rinne sibh le chéile le linn na dianghlasála? Agus roghnaigh am rialta (go seachtainiúil, go míosúil, gach dara lá… a fhad is go bhfuil rialtacht agus cinnteacht ag baint leis) lena dhéanamh le chéile. Cruthóidh sibh níos mó cuimhní lena chéile, agus beidh sibh in ann bhur gcaidreamh a neartú arís eile.

J, 18
Chonaic mé an duine a bhfuil dúil agam ann le duine éigin eile. Aithníonn na daoine uilig i mo shaol go bhfuil sé ag luí go trom orm. Cad é a ba cheart dom a dhéanamh?

Tá sé doiligh freagra cuimsitheach a thabhairt air seo ar easpa comhthéacs – an raibh tú leis an duine seo roimhe? An bhfuil a fhios acu go bhfuil dúil agat iontu? An bhfuil a fhios acu go bhfaca tú iad leis an duine eile seo?

Le freagra ó chroí a thabhairt, glacfaidh mé leis nach raibh tú leo roimhe, nach bhfuil a fhios acu cad é mar a mhothaíonn tú agus nach bhfuil siad ar an eolas go bhfuil tú thíos leis seo (ach fáilte romhat scríobh arís le níos mó sonraí mura bhfuil an ceart agam, ionas go bhfaighidh tú freagra níos cuí!)

Déarfainn nach bhfuil mórán daoine ag léamh seo nár mhothaigh mar a mhothaíonn tusa díreach anois. Is nimhneach an phian é an t-éad, agus is uaigneach an phian í chomh maith. Tá sé furasta dom a rá gur cheart duit ligean don duine seo a bheith le duine eile, agus bogadh ar aghaidh… agus cé gurb é sin bun agus barr an chomhairle atá agam duit (tá brón orm!), tá cúpla leid phraiticiúil agam duit chuige sin.

Is cosúil go bhfuil daoine iontacha i do shaol a aithníonn go bhfuil tú i gcruachás. Dírigh ar na daoine sin, agus an grá atá acu duit. Nuair atá deacrachtaí rómánsúla inár saolta, is minic a shíleann muid nach bhfuil aon chúis áthais eile inár saol – ach tá! Dírigh ar do chaithimh aimsire, na rudaí agus na daoine a chuireann áthas ort, agus dírigh ort féin. Mholfainn duit suí leis an mhothúchán seo, am a chaitheamh leat féin agus a bheith ag obair i dtreo a bheith sásta go leor ionat féin, go n-aithneoidh tú nach bhfuil an duine eile seo de dhíth ort le háthas a bhronnadh ort.

Lauren, 25
Táim ag iarraidh teacht ar níos mó siopaí carthanachta. An bhfuil aon mholtaí agat? (Breá sásta turas bóthair a dhéanamh as!)

Is breá liom an cheist seo! Go háirithe i mbéal na Nollag, agus an caipitleachas i mbarr a réime. Níl go leor aithne agam ar cheantracha taobh amuigh de na sé chontae, agus is i mBéal Feirste a bheadh an chuid is mó de na moltaí s’agam, más maith leat turas bóthair a dhéanamh ansin!

Tá go leor siopaí carthanachta maithe ar bhóthar Ormeau, ar ascaill Botanic agus, mura miste leat dul taobh amuigh den chathair féin, tá Beannchar ar an áit is fearr le seoid a aimsiú sna siopaí b’fhéidir. Taobh amuigh de sin – gabh isteach chuig gach siopa carthanachta a fheiceann tú! Ní bheadh a fhios agat cad a bheadh ar fáil i siopa ar bith, lá ar bith, agus is í sin an áilleacht a bhaineann leis.

Chomh maith leis sin, coinnigh súil amach d’imeachtaí malartaithe éadaí ar nós Switch (@environmentaleadai), Aonach Amárach (@aonachamarach) agus margaí seanré i do cheantar áitiúil. Bíonn go leor craice agus comhluadair ag na himeachtaí seo, agus atmaisféar dearfach tacúil fosta – eispéireas nach bhfaigheann tú agus tú ag dul a shiopadóireacht sna gnáthshiopaí!

An bhfuil comhairle uait? Cuir ceist de chineál ar bith ar Kathryn tríd an nasc anaithnid seo.

The post Comhairle Carad: Gréasán Greamaitheach an Ghrá appeared first on NÓS.

Níos mó