Tháinig méadú 5.6% ar líon na scoláirí a d’fhreastail ar choláistí samhraidh na Gaeltachta i mbliana i gcomparáid le anuraidh.
De réir figiúirí nua ó Roinn na Gaeltachta 26,835 déagóir a d’fhreastail ar chúrsaí na gcoláistí i mbliana i gcomparáid le 25,416 anuraidh.
De réir na bhfigiúirí nua 16 teaghlach níos mó a chuir lóistín ar fáil do scoláirí i mbliana i gcomparáid le 2022.
511 bean agus fear tí a chuir lóistín ar fáil do scoláirí sa Ghaeltacht i mbliana i gcomparáid le 495 anuraidh, ardú 3% ar líon na dteaghlach.
An bhliain roimh an bpaindéim, 2019, 648 bean tí a bhí sa chóras, rud a fhágann go bhfuil laghdú 21% tagtha ar líon na mban tí sa chóras ón mbliain sin.
Ach bhí líon na scoláirí sna coláistí mórán mar a chéile is a bhí in 2019 nuair a d’fhreastail 27,032 scoláire ar na cúrsaí Gaeltachta.
Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge | 2019 | 2022 | 2023 |
---|---|---|---|
Líon scoláirí | 27,032 | 25,416 | 26,835 |
Líon Teaghlaigh a choinnigh scoláirí | 648 | 495 | 511 |
Caiteachas na Roinne | €4,487,770 | €3,892,955 | €4,623,549* |
*caiteachas go dáta (2023) le teaghlaigh cláraithe agus a choinnigh scoláire ar íostas faoin scéim
Chaith Roinn na Gaeltachta ar a laghad 19% níos mó i mbliana ar liúntais na mban tí ná mar a chaith siad anuraidh.
Agus ganntanas ban tí ann le roinnt blianta, tá roinnt beartas nua tugtha isteach ag an Roinn chun cur le líon na dteaghlach sa chóras.
Ó thús na bliana 2022, tháinig méadú 20%, ó €10 go €12, ar an liúntas a íoctar le mná tí in aghaidh an scoláire in aghaidh na hoíche.
Tháinig ardú freisin ar an deontas tosaithe aon uaire do theaghlaigh nua ó €2,000 go €6,000.
Méadaíodh chomh maith i mbliana, ó 12 go 16, an t-uasmhéid scoláirí a bhfuil cead ag teaghlach iad a choinneáil.
Deir lucht na gcoláistí samhraidh go bhfuil géarchéim lóistín ag cur as dóibh le roinnt blianta agus é ag éirí níos deacra teaghlaigh Ghaeltachta a mhealladh chun lóistín a chur ar fáil do scoláirí.