Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
An Chaint
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
An Chaint
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
rol-maidir-le-caiteachas-ar-chursai-teanga-le-tabhairt-do-comhairle-thoir-theas-nua

Ról maidir le caiteachas ar chúrsaí teanga le tabhairt do Comhairle Thoir-Theas nua

| Tuairisc.ie | ,

Tá margadh déanta ag Rialtas na Breataine leis an DUP go mbunófar comhairle nua a mbeidh sé mar chúram uirthi súil a choinneáil ar an méad airgid a chaitear ar chúrsaí teanga agus cultúir.

Beidh an ról sin maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar an gcaiteachas a dhéantar ar chúrsaí teanga agus cultúir i measc na gcúram ar an gComhairle Thoir-Theas nua atá le bunú faoin gcomhaontú a rinne an DUP faoi athbhunú fheidhmeannas Stormont.

Foilsíodh tráthnóna na sonraí sa socrú, Safeguarding the Union, a rinneadh idir an DUP agus Rialtas na Breataine, socrú a chuirfidh deireadh le baghcat an DUP ar Stormont.

Fágann an socrú nua go laghdófar na seiceálacha a dhéanfar ar earraí a seoltar ón mBreatain go dtí Tuaisceart Éireann.

Cuireann an comhaontú deireadh le dearbhuithe seiceála agus custaim d’earraí atá le fanacht sa Tuaisceart agus nach bhfuil le seoladh thar an teorainn isteach sa deisceart agus Margadh Aonair an Aontais Eorpaigh.

Tá “barántas” sa cháipéis ceannais nach ndéanfar seiceáil ar earraí as an Tuaisceart a bheidh á ndíol sa Ríocht Aontaithe.

Déanfaidh Rialtas na Breataine rialacháin nua chomh maith le stop a chur le lucht easpórtála an Tuaisceart a úsáid chun earraí a sheoladh isteach i margadh na Breataine tríd ‘an doras cúil’.

Maidir leis an gComhairle Thoir-Thiar nua atá le bunú, deirtear go mbeidh sé mar chúram uirthi na ceangail idir ceantair na Ríochta Aontaithe a neartú. Luaitear ceangail eacnamaíochta, oideachais, spóirt agus chultúir.

“San áireamh anseo beidh ról maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar an gcaiteachas a dhéanann an Rialtas ar chúrsaí cultúir, teanga agus féiniúlachta ar fud na Ríochta Aontaithe, ar mhaithe lena chinntiú, sa chomhthéacs ar leith a bhaineann le Tuaisceart Éireann, go cloítear le prionsabal na comhurraime,” a deirtear in Safeguarding the Union.

Deirtear chomh maith go gcuirfear tuilleadh tacaíochta ar fáil chun cur leis an tuiscint atá ag daoine i Stáit Aontaithe Mheiriceá ar na traidisiúin éagsúla sa Tuaisceart.

Beidh soláthar sonrach ann, a deirtear, chun oidhreacht na hUltaise a chur chun cinn i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Déanfar scagadh chomh maith ar conas a d’fhéadfaí ábhar stairiúil agus ábhar ó na meáin a dhigitiú agus a chur ar taispeántas chun léargas a thabhairt “ar shaibhreas agus éagsúlacht” thraidisiúin an Tuaiscirt.

An sampla den ábhar sin a thugtar sa cháipéis ceannais ná ábhar ón nuachtán Béarla “is sine ar domhan”, an News Letter, nuachtán coimeádach aontachtach i mBéal Feirste.

Deir an DUP go dtabharfaidh an comhaontú cosaint d’áit Thuaisceart Éireann sa Ríocht Aontaithe.

D’fhéadfaí an reachtaíocht le feidhm a thabhairt don socrú is déanaí seo a rith i dTeach na dTeachtaí in Westminster amárach, Déardaoin. D’fhéadfadh Tionól Stormont teacht le chéile ar an Satharn chun Céad-Aire agus LeasChéad-Aire a thoghadh.

 Tá sé á mhaíomh ag an DUP gur éirigh thar cionn leo tar éis dóibh baghcat a dhéanamh ar dhílárú na cumhachta le beagnach dhá bhliain.

Tá sé curtha i leith an DUP ag aontachtaithe agus dílseoirí atá in aghaidh deireadh a chur le baghcat Stormont gur feall é filleadh ar an bhfeidhmeannas.

Tá pacáiste airgid £3.3 billiún geallta ag an Rialtas thall mar thacaíocht don Fheidhmeannas ach a bhfillfidh sé. San áireamh ansin tá beagnach £600 milliún le freastal ar na héilimh phá atá ag oibrithe san earnáil phoiblí.

I ndiaidh an Bhreatimeachta d’aontaigh an Rialtas na Breataine agus an tAontas Eorpach go seachnófaí teorainn chrua in Éirinn.

Mar mhargadh a thug bheith istigh don Tuaisceart i margaí na Ríochta Aontaithe agus an AE, bhí ar an Tuaisceart cloí i gcónaí leis na céadta riail de chuid an AE agus thiocfadh sé faoi Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcásanna áirithe.

Faoin bprótacal iar-Bhreatimeachta, tugadh isteach seiceálacha i Muir Éireann d’earraí agus ainmhithe a tháinig isteach sa Tuaisceart ón mBreatain le cinntiú go rabhthas ag cloí le caighdeáin an AE.

I mí Feabhra 2022, tharraing an DUP amach as an bhFeidhmeannas mar agóid in aghaidh Phrótacal Thuaisceart Éireann.

I mí Feabhra 2023, d’aontaigh Rialtas na Breataine agus an tAontas Eorpach Creat Windsor, a laghdaigh líon na seiceálacha ar earraí agus a bhunaigh ‘lána glas’ d’earraí a bhí le fanacht sa Tuaisceart.

Ní raibh an DUP sásta leis an socrú sin ach oiread agus mhaígh siad gur lagaigh an creat sin ionad Thuaisceart Éireann laistigh den Ríocht Aontaithe.

Tabharfaidh an socrú nua a chuireann deireadh leis an mbaghcat cosaint d’ionad sin na sé chontae, dar leo.

Níos mó