Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
An Chaint
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
An Coimisinéir Teanga
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
An Chaint
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
An Coimisinéir Teanga
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
script-stroicthe-ag-eanna-burke-chun-croi-ghaeil-ui-lochlainn-a-bhriseadh

Script stróicthe ag Éanna Burke chun croí Ghaeil Uí Lochlainn a bhriseadh

| eoin ohare | ,

Ní hé lá na gaoithe lá na craoibhe.

Ag troid trí na sluaite agus na séideáin ar an Chuarbhóthar Thuaidh iarnóin Dé Domhnaigh, agus brú clástrafóibeach Stoirm Isha le mothú go mór, is ar éigean a bhíothas in ann a chreidbheáil go mbeadh cluiche de chineál ar bith – gan trácht ar chluiche ceannais uile-Éireann – ar siúl i gceann leathuaire idir na fathaigh iománaíochta Gaeil Uí Lochlainn Chill Chainnigh agus Naomh Tomás na Gaillimhe.

(Bhí súil agam nach raibh an bhean Mheiriceánach a bhí ag streachailt le ticéad a cheannach taobh amuigh de Sheastán Uí hÓgáin, agus í ann den chéad uair riamh, ag súil le 82,000 i láthair mar a bhí feicthe aici, is dócha, ar YouTube.)

Más atmaisféar plúchtach a bhí le mothú lasmuigh, caitheadh an cluiche isteach i bhfolús iomlán i mbéal na stoirme laistigh. Mhothaigh bomaití oscailte an chluiche mar a bheadh brionglóid ann, nó radharc scannáin ina raibh an cluiche scoite amach sa chúlra agus na carachtair i mbun a gcuid cúraimí féin. Bheifeá leath ag súil leis go dtiocfadh Don Cheadle ag fiafraí faoi Clive Cornell as Londain. Mhothódh an bhean Mheiriceánach sa bhaile ar a laghad.

Áit éigin i lár an fholúis seo agus os comhair sheastáin leath-fholamha Pháirc an Chrócaigh, thit coimhlint thnáite amach agus na foirne siar is aniar le scóranna. An rud is mó a bhris tríd an bhrú atmaisféarach ná an gáire eolach a lig an slua nuair a cuireadh deireadh tobann le hathimirt ar an scáileán mór a thaispeáin seans ar chúl ag na Lochlannaigh – ba chosúil go raibh an sliotar i ndiaidh an líne a thrasnú nó a bheith pioctha suas de láimh ag lánchúlaí Naomh Tomás Fintan Burke.

Leath bealaigh tríd an chéad leath bhí siad cothrom ar 0-5 an taobh, le níos mó le déanamh ag fir na Gaillimhe chun gach ceann acu sin a ghnóthú i gcomparáid le gluaiseacht líofa na nGael. Bhí leathchúlaí Uí Lochlainn, Jordan Molloy, ag i mbun sár-léirú ‘taispeáin-agus-téigh’ le dhá chúilín sleaschéime taobh istigh de dheich nóiméad. Tuilleadh air sin ar ball.

I dteannta obair chrua Naomh Tomás ar chlár na scór, thosaigh siad ag marcáil amach a gcuid táilte i gcathanna fisiciúla i gcoinne na Lochlannach, rud nach gcuirfeadh mórán iontais ar dhuine ar bith a lean iad ar a gcónair go Páirc an Chrócaigh i mbliana.

Chuir Éanna Burke agus Mikey Butler aithne mhaith ar a chéile agus ar na tailte sin araon. Bhí giotaí beaga éiginnteachta le feiceáil i lánchúlaí Chill Chainnigh Huw Lawlor nuair a bronnadh cárta buí air. Bhris liú eile amach ó chuid den slua nuair a bhrúigh leathchúlaí Naomh Tomás John Headd a chéile comhraic Seán Bolger isteach ar Chnoc 16 agus an sliotar imithe isteach ann leis.

Ní hionnan sin is nach raibh imirt mhaith i gceist. Rinne captaen na nGaillimheach Conor Cooney aithris fhoirfe ar a iar-chaptaen idirchontae Joe Canning agus é ag casadh go healaíonta i dtreo sheastán na Canálach agus ag ísliú na bearna go dtí dhá chúilín ag leath-am.

Más ag marcáil na dtailte fisiciúla a bhí Naomh Tomás sa chéad leath, is ag marcáil a gcárta a bhí an réiteoir Seán Stack. Bhí David Burke i ndiaidh an scór a ísliú arís eile ag tús an dara leath nuair a fuair sé seilbh arís i lár na páirce agus rinneadh blocáil síos ar a iarracht ar phas. Bhailigh Jack Nolan na nGael an sliotar scaoilte ag baint leas as an tsleaschéim chéanna a rinne ag a chomh-imreoirí, rud a chuir an dallamullóg ar uimhir 13 Naomh Tomás, James Regan, nár thomhais a bhuille gualainne i gceart.

Níor éirigh lena lámha ciontacha in airde é a shábháil ón chárta dearg. Bog, b’fhéidir – ach go tobann bhí buíon bheag Lochlannach faoi stiúir Paddy Deegan ar an taobhlíne ag fáil treoracha óna mbainisteoir Brian Hogan agus boladh na fola acu.

N’fheadar ar éist siad leis an mhéid a dúradh leo. Bomaite i ndiaidh an atosaithe, bhí na foirne, ar dhóigh éigin, cothrom arís – sular thit cúpla bomaite imeartha amach a bhí fréamhaithe in imirt an chéad leatha agus a bhí comharthach ar a raibh le teacht.

Tháinig an sliotar fada isteach go dtí cúinne lánchúil Naomh Tomás, agus é bailithe go furasta ag an chosantóir, sula ndearna Conor Heary na nGael flic glic díshealbhaithe air. Cuireadh liathróid trasna go dtí an lár agus mheall an iarracht ar chúl sábháil shínte ó chúl báire na nGaillimheach, Gerald Kelly. D’éirigh le Shane Cooney é a thiomáint suas agus comórtas ‘beirt-ar-bheirt’ istigh, agus chríochnaigh Victor Manso go slachtmhar é.

Bhí an boladh fola ar ais, agus an fonn chun tailte a mharcáil leis. Le poc amach na Lochlannach ag landáil i splancphointe na fisiciúlachta ar an taobhlíne ag líne 45 Naomh Tomás, chaith Oisín Flannery na nGaillimheach David Fogarty amach as an pháirc faoi dhó, agus gnóthaíodh feall sa chlampar a lean. Dhá bhomaite i ndiaidh do Kelly an tsábháil iontach a dhéanamh, chláraigh sé scór míorúilteach ón phoc saor le Naomh Tomás a chuir dhá chúilín chun tosaigh iad leath bealaigh tríd an dara leath.

Tháinig brú fíochmhar ó na Gaillimhigh ón atosú, agus níorbh fhada sula raibh muid ar ais ag an láthair achrainn arís. Caitheadh Conor Heary na nGael amach thar an taobhlíne chéanna, agus bainisteoir Naomh Tomás Kenneth Burke ag ceiliúradh os comhair an leath-thosaí leagtha mar a bheadh cúl faighte ag a fhoireann.

Bhí cuma chaillte ar fhir Chill Chainnigh, a scaoil le poc saor furasta le hiad a fhágáil trí chúilín taobh thiar tar éis 56 bhomaite – is é an t-aon chúiteamh a bhí air sin ná go raibh neart iarrachtaí laga ag Naomh Tomás idir an dá linn.

Os ag caint ar scannáin a bhí muid níos luaithe, áfach, titeann an script i gcónaí ar ais ar na sean-smaointe céanna – agus is iad foirne iománaíochta Chill Chainnigh na carachtair is tíoptheilgthe dá bhfuil ann.

D’ísligh captaen Uí Lochlainn Mark Bergin an bhearna go dtí dhá chúilín le scór ollmhór, sular chláraigh an fear ionaid Conor Kelly – a bhí caite amach thar an taobhlíne é féin díreach roimhe – ardchúilín ar an lúb. 0-17 go dtí 0-16 agus am breise ag bagairt.

Bhí am fágtha le filleadh ar shean-smaointe eile roimh an deireadh. Ag leanúint shampla a chomrádaithe sa líne leathchúil, shleamhnaigh uimhir 5 na Lochlannach David Fogarty – a fuair an scór buacach sa chluiche leathcheannais – tríd na taicilí le sleaschéim shnásta chun ardscór a thiomáint thar an trasnán óna líne 65 féin. Arís eile, don chéadú uair le b’fhéidir bliain anuas, bhí foireann Chill Chainnigh tar éis é a tharraingt amach as an mhála mar a tharraingíonn i gcónaí, gan ach imirt amháin fágtha roimh am breise agus na foirne ar 0-17.

Isteach le hÉanna Burke. Sliotar greamaithe ag líne 45 Uí Lochlainn in aice na taobhlíne, isteach le lánchúlaí mór Naomh Tomás – flic-ardú, smacht ar an chamán os comhair an chosantóra, casadh siar, pocáil ar ais thar an ghualainn i dtreo na gcuaillí, bratach ardaithe.

Script stróicthe as a chéile, cluaisíní croí ar na Gaillimhigh, imreoirí Uí Lochlainn cromtha croíbhriste.

Más fíor do na ráflaí, bhí cluiche eile ar siúl ina dhiaidh.

The post Script stróicthe ag Éanna Burke chun croí Ghaeil Uí Lochlainn a bhriseadh appeared first on NÓS.

Níos mó