Is léir nach bhfuil sé i gceist ag an Roinn Oideachais an córas tástála TEG a úsáid mar chuid de theagasc na Gaeilge san iarbhunscoil.
Dúradh ag cruinniú de choiste Oireachtais an tseachtain seo caite go raibh obair á déanamh sa Roinn Oideachais ar an Teastas Eorpach sa Ghaeilge (TEG) a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar chumas teanga daltaí iarbhunscoile.
D’iarr Tuairisc soiléiriú ar an Roinn Oideachais maidir leis an obair a bhí ar bun, ach dúradh gur cheist do Roinn na Gaeltachta a bhí inti. Dúirt urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta gur ag tagairt do scéim phíolótach atá beartaithe ag an Roinn do mhúinteoirí a bhí an té a labhair os comhair an choiste Oireachtais seachas d’aon phlean nua ag an Roinn Oideachais.
Is léir uaidh sin nach bhfuil sé i gceist ag an Roinn Oideachais úsáid a bhaint as an gcóras TEG in ainneoin go bhfuil sé ráite ag saineolaithe gur chóir é a úsáid ag gach leibhéal den chóras oideachais.
Tá Conradh na Gaeilge ag lorg cur chuige comhtháite do mhúineadh na Gaeilge tríd an gcóras oideachais ar fad agus deir Ard-Rúnaí na heagraíochta gur cúis díomá dóibh nach bhfuil an Roinn Oideachais sásta sin a chur i bhfeidhm.
“Cuireann sé díomá orainn ach ní chuireann sé iontas orainn go bhfuil an soiléiriú tagtha nach bhfuil an Roinn Oideachais chun an córas TEG a úsáid,” a deir Julian de Spáinn le Tuairisc.
“Bhíomar ag súil go rabhthas chun feidhmiú faoi dheireadh ar an ngealltanas atá sa Chlár Rialtais faoin bpolasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais ó thús go deireadh. Tá muidne ag rá gur cheart go mbeadh sé sin bunaithe ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha (ar a bhfuil an córas TEG bunaithe) agus bhíomar sásta an tseachtain seo caite go raibh an chuma ar an scéal go rabhthas ag caint air sin ach is léir anois nach bhfuiltear.”
Deir de Spáinn gur léiriú eile a bhí anseo ar an “easpa tacaíochta” agus an “easpa cur chuige” atá ag an Rialtas maidir leis na gealltanais a leagadh amach i gClár an Rialtais i Meitheamh 2020, a raibh “beartas cuimsitheach” don Ghaeilge ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal ina measc.
Deir de Spáinn gur gá dul i ngleic leis an gcóras measúnaithe don Ghaeilge sa chóras oideachais mar nach bhfuil an córas reatha ag obair.
“Aithnítear níos mó agus níos mó nach bhfuil aon cheangal idir marc maith a fháil i scrúdú Gaeilge na hArdteiste agus cumas a léiriú sa teanga. Má fhaigheann daltaí toradh maith san Ardteist, níl tuairim dá laghad ag aon duine sa phobal cén caighdeán Gaeilge atá acu, go háirithe nuair a fheiceann tú gurb í an Ghaeilge ceann de na hábhair is éasca dá bhfuil ann le marc ard a bhaint amach inti. Ní hionann sin agus caighdeán.”
Dá mbainfí úsáid as FTCET, deir de Spáinn go mbeadh a fhios agat cén cumas teanga a bheadh ag dalta a bhainfeadh amach leibhéal B2, mar shampla, agus go mbeadh an dalta sin in ann comhrá go cumasach i nGaeilge.
“Leis an chóras reatha do mhúineadh na Gaeilge sna scoileanna, níl a fhios againn.”
Deir de Spáinn freisin go bhfuil sé aisteach nach mbeadh an Roinn Oideachais sásta úsáid a bhaint as an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha (FTCET) don Ghaeilge nuair atá sí sásta é a úsáid do theangacha eile sa chóras oideachais.
“Tá sé i gceist go mbeidh an tríú teanga atá le tabhairt isteach sa bhunscoil, ábhar a bhainfidh ón am a chaithfear ag múineadh na Gaeilge mar a tharlaíonn sé, bunaithe ar FTCET ach tá an chuma ar an scéal nach bhfuil an Roinn ag tabhairt faoin nGaeilge ar an gcaoi chéanna.”
Agus úsáid níos mó le baint as an bhfráma tagartha sin sa tseirbhís phoiblí mar chuid de na spriocanna atá san Acht Teanga, deir de Spáinn go ndéanann sé ciall go mbainfí úsáid as an bhfráma ag gach leibhéal ach mheas sé go bhfuil “an Roinn Oideachais ag imeacht síos bóthar amháin agus tá Roinn na Gaeltachta agus an chuid eile den státseirbhís ag imeacht síos bóthar eile”.